Tiománaí traenach a bhí in athair mo mháthara. Níl am ar bith nach mbím ar an traein idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath nach smaointím air nó thiomáin sé an tEnterprise, creid é nó ná creid!
Ar an ábhar sin a chuir mé spéis in Traenacha in Éirinn (An Gúm) le Brian Mac Aongusa. Leabhar faoi chlúdach crua, lán pictiúr daite agus eolais, faoi fhorbairt agus mheath chóras na dtraenacha in Éirinn.
Gheobhaidh an léitheoir óg – agus chan chomh hóg sin – mórán fíricí agus scéalta spéisiúla faoi imeachtaí agus thaimsí a tharla thar na blianta. Lena chois sin, tá gluais dhátheangach ann agus logainmneacha a bhaineann le stáisiúin traenach.
Is pléisiúrtha an t-aistear a dhéanann muid i gcuideachta Mhic Aongusa. Anois, gach duine as béal a chéile: “is mise an tiománaí traenach, tút, tút, tút…”
Ní dócha gur mise an t-aon tuismitheoir amháin a bíos ag agairt ar na páistí a gcuid fiacla a ghlanadh. Is maith liom a fheiceáil go mbíonn an fhadhb chéanna ag an chrogall sa scéal, Crogaillín (An Gúm).
Liam Prút a scríobh an scéal seo faoi chrogaillín dalba nach dtuigeann an tábhacht le fiacla glana agus is í Róisín Curé a mhaisigh le pictiúir ghalánta.
Leabhar é seo do pháistí óga nó d’fhéadfá a léamh do pháistí. Níl sé doiligh a thuiscint ach tá sé go hálainn le hamharc air agus nach maith go dtuigfeadh páistí go nglanann an crogaillín féin fiacla?
Dhá leabhar mhaithe eile, agus aistriúcháin fosta, atá in Oileán an Órchiste (Leabhar Breac) le R.L. Stevenson, atá tiontaithe go Gaeilge ag Darach Ó Scolaí, agus An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm) le C.S. Lewis atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn.
Is beag duine nár chuala iomrá ar Jack Hawkins agus Long John Silver sa scéal clúiteach seo le Stevenson agus déarfainn gur beag duine nach mbainfeadh pléisiúr as an scéal sa leagan nua seo.
Scéal cheathrar páistí a aistrítear as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda le héalú ar bhuamaí atá i leabhar Lewis agus tagann siad ar ríocht dhraíochta, Nairnia.
Is maith is cuimhin liom féin an leabhar seo a léamh i mBéal Feirste agus buamaí ag pléascadh fosta!
Ná bac leis na scannáin a rinneadh (níl siad thar moladh beirte) ach is fiú na leabhair féin agus seo anois Nairnia le háireamh i measc bhailte fearainn na Gaeltachta. (Idir Corca Dhuibhne agus Rann na Feirste atá sé ach an prios ceart éadaigh a aimsiú!)
Díolaim thar a bheith spéisiúil atá ann mar Mil as gach Bláth: blaiseadh de litríocht an domhain (Coiscéim) le Risteárd Mac Annraoi. Tá cur síos gairid agus sleachta le húdair mhóra na cruinne anseo.
Ní amháin go bhfuil aiste bheag bhreá scríofa ag Mac Annraoi ar na húdair féin ach d’éirigh leis teacht ar aistriúcháin Ghaeilge dá saothar i seanfhoilseacháin Ghaeilge, rud a chuireann i gcuimhne duit an obair mhór a rinne na glúnta romhainn le bun a chur faoi litríocht na Gaeilge.
Mura raibh sé in ann teacht ar ábhar i nGaeilge, thug sé féin faoi aistriúchán a dhéanamh. Tá scríbhneoirí na Sean-Ghréige agus nuascríbhneoirí an domhain le fáil pluc ar phluc anseo. Moltar an obair.
Ach ná bíodh eagla ort; tá scríbhneoirí Gaeilge ag cumadh leo i rith an ama.
Seo anois cnuasach nua gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin – Sciorrann an tAm (Cois Life). Éacht atá ann ag scríbhneoir cnuasach amháin gearrscéalta a chumadh; díograis atá ann an dara ceann a chur ar fáil.
An saol comhaimseartha is ábhar dá cuid scéalta, iad scríofa ar dhóigh nach gcuirfeá léitheoir ar bith ó dhoras.
"Tá chuile chineál scéil ann: an nuascéal agus an seanscéal, an scéal fada agus an scéal gearr, an scéal díreach agus an scéal cam, scéal an ghamhna bhuí agus scéal na stocaí dearga agus, scaití, scéal nach scéal é ach an fhírinne," a thugann leabhar nua le Cóil Learaí Ó Finneadha, An Ghlanfhírinne (Cló Iar-Chonnacht), le fios.
Ní bréag ar bith é. Leabhar as an ghnáth é seo le file agus gearrscéalaí ó Chonamara.
Agus ós ag caint ar ghearrscéalaithe as Conamara muid… Tá Louis de Paor, file, i ndiaidh eagar a chur ar Máirtín Ó Cadhain: rogha scéalta (Cló Iar-Chonnacht) agus is é a scríobh réamhrá an leabhair.
Tá cuid de na gearrscéalta is cáiliúla de chuid Uí Chadhain le fáil anseo – An Bóthar go dtí an Ghealchathair agus An Bhliain 1912 . Nach iontach mar a thugann leabhar den sórt seo ort léamh siar ar shaothar a bhí ligthe i ndearmad agat?
Ar ndóigh, níor luaithe cnuasach amháin scéalta chugat go dtagann an dara ceann...
Brian Ó Conchubhair a phioc na scéalta atá le fáil in Pádraic Breathnach: rogha scéalta (Cló Iar-Chonnacht). Is fada Breathnach i mbun pinn agus is as deich gcnuasach a tháinig na píosaí seo.
Dhá leabhar mhóra, mar sin, a thabharfadh lón machnaimh duit agus níor mhiste an tríú leabhar mór a lua – Anamlón Bliana: ó Dhialanna an Ríordánaigh (Cló Iar-Chonnacht).
Tadhg Ó Dúshláine a rinne cion fir agus scoláire as sleachta a roghnú as dialanna an fhile, Seán Ó Ríordáin.
Bí ag caint ar d’anam a dhéanamh. Tá mothúcháin an fhile chráite agus an fhir bhreoite le léamh lá ar lá. Leabhar den scoth.
Bí ag léamh!