Brú. Brú na cathrach. Brú na cathrach lárnaí. Cumadh an scigamhrán Inner City Pressure don tsraith ghrinn Flight of the Conchords tamall de bhlianta ó shin agus is léir go bhfuil a leithéid ann. Pléadh an bhaint idir sláinte intinne agus uirbiú in alt a foilsíodh le déanaí agus, de réir an taighde, ardaítear an baol 39 faoin gcéad i lár na cathrach neamhord giúmair a bheith ar dhaoine.
Anois, ní síceolaí mise, ach chonaic mé go leor fianaise chun an taighde sin a chruthú agus feicim go leor daoine ag siúl thart timpeall na cathrach le neamhord giúmair de chineál éigin orthu. Ach cad é is cúis leis an bhrú seo?
Tá cónaí orm le cúpla mí anuas ar shráid ghnóthach chathrach atá líon lán le siopaí, bialanna agus beáir agus nach méanair dom. Ní bhíonn an cuisneoir folamh ariamh, bíonn réimse fairsing d’imeachtaí siamsaíochta ar siúl thart orm agus is féidir liom bualadh le mo chairde le haghaidh bí nó dí gan stró.
Cad chuige a mbeinn ag gearán mar sin nuair nach bhfuil ábhar brú le sonrú sa mhéid sin?
Taitníonn saol na cathrach go mór liom: tá beocht inti nach bhfaighfeá amuigh sna bruaicbhailte ná faoin tuath. Bíonn meascán de rudaí le feiceáil agus le cluinstin ar gach aon choirnéal. Má bhíonn tú amuigh ag an am ceart, feictear daoine ólta ag troid nó ag pógadh ar an tsráid nó ceoltóirí in iomaíocht impromptu buscála lena chéile.
Bíonn turasóirí le ceamairí ag lorg treoracha agus cuireann na daoine difriúla a gcuid dathanna féin ar chanbhás callánach na cathrach.
Is é an fhadhb ná nach bhfuil cnaipe ann chun stop a chur leis an tormán. Nuair a bhí cónaí orm sna burbanna, bhíodh trup éigin le cluinstin ó am go chéile: gluaisteáin ag teacht agus ag imeacht nó madadh ag tafann. Ach thiocadh deireadh leis na fuaimeanna éagsúla de réir a chéile agus titeadh cumhdach suaimhnis anuas ar thithe an cheantair.
Ach ní chodlaíonn na cathracha agus cé nach bhfuil cathracha na hÉireann inchurtha le Nua-Eabhrac ó thaobh beochta de, bíonn fuaim éigin i gcónaí le cluinstin iontu. A luaithe agus a chríochnaíonn trup amháin tosnaíonn ceann eile. Is féidir déileáil le cuid de na fuaimeanna gan fhadhb ar ndóigh – trupanna tráchta nó ceol ag teacht go híseal ó árasán eile.
Is iad na trupanna tobanna neamhrialta, a chuireann i gcuimhne domhsa go bhfuil rud éigin i gcónaí ar siúl i lár na cathrach, fiú amháin i rith na seachtaine. Bíonn daoine san fhoirgneamh árasáin ina bhfuil mé an-sásta le sceideal sóisialta s’acu féin, mar shampla. Ritheann siad suas agus anuas an staighre ag scairteadh agus ag plabadh doirse chun an dea-scéal a fhógairt go bhfuil saol bríomhar acu.
Tá rud amháin cinnte go maith, go mbeidh orm bogadh gan mórán moille sula n-éiríonn brú na cathrach lárnaí ró-ard chun déileáil leis.
Ní amháin go mbíonn siamsaíocht le blaiseadh san fhoirgneamh féin i lár na hoíche ach cuirtear drámaí i láthair ó am go chéile lasmuigh den árasán fosta. Cluintear léirithe gan choinne ó choirnéal na sráide, áit a dtugaim “Céim na Cinniúna” uirthi. Bíonn an struchtúr céanna ar na seónna seo. Suíonn an bheirt ar chéim na cinniúna agus pléann siad mionsonruithe a gcaidrimh go dtí go dtéann duine acu thar fóir, go dtosnaíonn an duine eile ag caoineadh agus go ritheann an duine atá ag gol síos an tsráid.
Ní bhímse ag leanstan Eastenders ná Hollyoaks ach déarfainn go mbeadh ábhar scripte sna drámaí beaga seo.
In amanna, bíonn briseadh sa tormán, fada go leor chun codladh beag gasta a fháil sula dtosnaíonn trup na maidne.
Ag amharc siar, roghnaigh mé áit den scoth nuair a bhí mé ag bogadh tí le bheith cinnte nach mbeinn i mo chodladh rómhall ar maidin. D’aimsigh mé árasán a raibh gréasaí bróg in aici leis agus ní gá dom bheith ag brath ar chlog aláraim le múscailt mar go mbíonn mo chara thíos staighre ag bualadh an chasúir óna seacht a chlog ar aghaidh.
Más rud é go gcruthaíonn saol na cathrach brú breise do dhaoine, b’fhéidir gur mar gheall ar thruailliú ó thorann agus easpa codlata atá sé.
Níl a fhios agam faoi neamhoird ghiúmair ach is cinnte nach mbíonn spionn rómhaith ormsa i ndiaidh dom bheith i mo shuí an chuid is mó den oíche. Rud eile atá cinnte ná gur saineolaí mé ar chosaintí cluaise ó bhog mé isteach sa cheantar.