An búistéir a dúirt liom é. Bhí mise istigh aige ag ceannach na gcomhábhar do dhinnéar an Domhnaigh – sicín agus bagún aige; glasraí sa siopa béal dorais.
Ag plé chúrsaí an tsaoil a bhí muid agus é ag cur lasange réamhdhéanta dá chuid féin sa chuisneoir.
“An ndíolann tú mórán acu sin?” a d’fhiafraigh mé de. Bhí cineál iontais orm féin nach raibh daoine ag déanamh a gcuid lasagne féin nó ní doiligh a dhéanamh agus an t-ábhar ar fáil go héasca.
“Tá an-tóir orthu,” a deir sé, “ach ní tada é sin. Tá áiteanna thart anseo a dhíolann dinnéar an Domhnaigh leat.
“Cuireann siad sicín, mairteoil nó uaineoil ar an phláta agus prátaí, glasraí, súlach le chéile. Tugann tú an t-iomlán léir abhaile leat. Tá siad ag díol na gcéadta pláta de gach seachtain.”
Bhí athrú ag teacht ar a ghnó féin dá bharr sin. Bhí air bealtaí nua a aimsiú le custaiméirí a mhealladh agus roinnt béilte blasta réamhdéanta a chur rompu.
Is feiniméan é a chonaic mé i siopaí eile búistéara leis – miasa de shuaithfhriochadh agus de mhillíní feola, mar shampla.
Ar éigean gur chreid mé é. Dinnéar an Domhnaigh ar phláta? An rud go léir?
An bhfuil rudaí chomh holc sin nach eol dúinn cad é an dóigh le práta a bhruith?
Shílfeá agus tú ag amharc ar an teilifís gur tír gourmands muid; go raibh fios gach feasa againn ar ola olóige; gur saineolaithe ar bhia na hIodáile muid; go dtiocfadh linn tacos a réiteach mar a dhéanann muintir Mheicsiceo féin iad.
Ní fíor, ar ndóigh. Is maith linn amharc ar na cláir chócaireachta ach ní cuid dár gcultúr buan í an chistin.
Má tá aithne agat ar dhuine nó beirt atá cumasach cruthaitheach sa chistin, déarfainn go mbeadh aithne agat ar scór eile nach dtiocfadh leo an citeal féin a aimsiú.
Bhí mise ar dhuine acu sin ar feadh na mblianta. An pósadh a thug orm eolas a chur ar an chistin.
(Cad é mar a aithníonn tú fear nuaphósta? Eisean a bheidh ag ceannach leabhar cócaireachta le Rachel Allen in Hodges Figgis!)
Is é an t-iontas é gur tháinig mo chéile mná bocht, na páistí agus mé féin slán ó na chéad iarrachtaí sin.
Tá caint go fóill ag mo bhean ar an stobhach Gaelach a rinne mé. Chuir mé an oiread sin piobair ann nach dtiocfadh leat é a ithe. Leoga, bhí an oiread sin piobair ann go dtiocfadh leis na póilíní é a úsáid le lucht círéibe a cheansú.
Nó an t-am a thug mé faoi shillí a réiteach agus chuir fíorphiobair sillí sa rud le go mbeadh sé dílis don oideas, tá a fhios agat. Is leor a rá go raibh sé chomh dílis sin go raibh ceapairí againn an oíche sin. Nó an t-am ar thug mé faoi risotto agus é chomh holc sin nach dtabharfá don chat féin é.Sea, níl baol ar bith ann go bhfeice tú ar Masterchef mé.
Ach de réir a chéile a thógtar an chistin. Tá na ceachtanna crua uilig foghlamtha agam. Is beag rud nach féidir liom a chur san oigheann faoi seo nach dtiocfaidh slán as. Is beag rud nach dtig liom a bhruith ionas go bhfuil an chuma air gur bia go fóill é. Is beag rud nach dtig liom a chur sa fhriochtán nó sa wok féin agus tiocfaidh sé slán as.
Bheinn ag insint bréag dá ndéarfainn go mbím ar bís le cuairt a thabhairt ar an chistin.
Is fear i gcónaí mé – bíodh naprún orm nó ná bíodh. Tá an chistin le ceansú. Tá sprioc le baint amach ann. Tá bia le cur ar an tábla agus sin a bhfuil de. Níl grá ar bith agam di. Ní bhím i mo shuí ag rá: “Ó, tá an t-am agam tabhairt faoi ghúlais.”
Prátaí, pasta, rís, feoil as an bhúistéir, glasraí úra na hamh-chomhábhair is coitianta agam.
Ceanglaím x le y agus bíonn z mar thoradh air. Cuirim luibheanna as buidéil i rudaí áirithe, anlann soighe ar rudaí eile, HP ar rudaí eile arís. Coinním simplí é; bíonn blas ar an bheagán!
Ach dá olcas mé, ní cheannóinn go deo dinnéar an Domhnaigh as an gharáiste. Tá fadhb againn le bia. Is cuma cá mhéad clár cócaireachta a chraoltar an teilifís, níl meas ag an mhórchuid againn ar bhia.
Níl scileanna ag go leor againn. Ní thuigeann muid inár gcroí istigh gur folláine agus gur fearr an bia a dhéantar sa bhaile ná an stuif a thagann ar phláta isteach chugainn.
Ar son na cistine, is cosúil go bhfuil muid chomh holc sin anois nach gcuirfidh muid an sicín féin san oigheann Dé Domhnaigh.