Caithfear éisteacht, go háirithe nuair a labhraíonn Donald Trump. Agus pléascaimid. Mar is eol don saol, is sna blúirí beaga atá mar arán laethúil aige ar na meáin shóisialta a bhreacann uachtarán Mheiriceá an scáileán lena chuid pobalachais.
Ach is lena ghlór is mó a dhéanann Trump díspeagadh ar thuairimíocht pholaitiúil ar bith nach bhfuil a leagan féin d’Fhaisean Chláir Mheiriceá á chaitheamh aici.
Léiriú atá i réimeas an Trumpaigh ar an rath a bhíonn ar an allagar is neamhbhailbhe amuigh agus ar an nglór is treise, ní amháin i bpolaitíocht ár linne, ach go stairiúil. Ach tá léargais le fáil ar na trumpaí sin i litríocht na Gaeilge, leis, mar tá roinnt móitífeanna i Cré na Cille a bhfuil a macasamhla le feiceáil i ndioscúrsa pholaitíocht na hiarbhíre.
Agus stoc an tsaoil á áireamh ag na carachtair ann, tá cuid de shuim an tsaothair ag brath ar an tslí a dtugann an t-úrscéal spléachadh ar cheisteanna a d’fhéadfaí a shamhlú leis an bhfealsúnacht pholaitiúil, go háirithe le hidé a bhfuil borradh fúithi san Eoraip agus i Meiriceá faoi láthair: an pobalachas.
Cé gur i suíomh beag áitiúil atá Cré na Cille lonnaithe, faighimid léargas ar na dúshláin a bhaineann le pobal, agus ar na poill réasúin a dtiteann Caitríona Pháidín agus na carachtair eile isteach iontu go minic, a fhágann gráin agus fuath nimhe orthu. Nuair a léimid tuairimíocht dhiongbháilte Chaitríona Pháidín faoi thábhacht a paiste féin, faighimid éachtaint ar an bpobalachas.
Ní pobal le ceart a léirítear in Cré na Cille, áfach, ach cuid de phobal a bhfuil 'cead cainte' acu. Dála na frithaislinge polaitiúla atá ag iarraidh ballaí cosanta díospóireachta a thógáil ar an taobh eile den domhan, is mar chuid de ghréasán seachas pobal a shamhlaíonn na príomhcharachtair iad féin san úrscéal. Agus nuair a thugtar ardán in Cré na Cille do thaispeántas an ghlóir, is mar pharadacs agus mar chodarsnacht a fheidhmíonn an t-ardán sa téacs. Óir is é ceann de na gnéithe is suntasaí faoin úrscéal ná líon na marbhán nach gcloistear a nglórtha choíche, iad siúd atá curtha sa chill le Caitríona Pháidín agus a comhphearsana, ach atá taobh amuigh de ghréasán na bpríomhcharachtar, dá achrannaí é.
Buaic an úrscéil nach bhfuil an dara rogha ag an léitheoir ach éisteacht leis an Stoc agus an stocaireacht, phríomhchorpáin an tsaothair i mbun bolscaireachta síoraí lena dtuairimí a chur chun tosaigh i bpolaitíocht dhúnta na huaighe.
Agus más gréasán cosanta seachas pobal atá i gceist, caithfidh gurb é ceann de na hainmneacha is iontaí a cumadh riamh i nua-litríocht na Gaeilge ná Tomás Taobh Istigh. Fiú ar uair a mbáis, ar taithí uilíoch dhaonna é, tá an taobh istigh nó an taobh amuigh i ndán do gach corpán a théann trí gheataí na cille. Cheal reacaireacht dheimhnitheach bheith i dtreis sa téacs, tarraingítear an léitheoir isteach i bpolaitíocht chaol na cille úd.
Tá iliomad léamha eile le déanamh ar an saothar gan amhras, agus glacann carachtair éagsúla rólanna faoi leith i bhfáinne fí na cainte. Le carachtar an Mháistir Mhóir, tá Ó Cadhain ag spochadh as tuiscintí seanbhunaithe faoi cad is cultúr ann, ar shlite nach raibh sé de dhánaíocht ag móran scríbhneoirí eile a dhéanamh roimhe nó ina dhiaidh.
Fiú agus an Máistir Mór ag labhairt go réasúnta ar ábhair chultúrtha, ní féidir linn iontaoibh bheith againn as ach chomh beag.
Is dócha gur thuig an Cadhnach gur cheart go mbeadh a fhios ag an Éireannach nach fiú an deich triuf an glór réasúnta mura bhfuil an réasún mar bhunús leis an nglór a labhraíonn.
É sin, toisc go léiríonn stair na hÉireann agus stair an chóilínithe trí chéile gur minic gur le glór réasúnta, cruthaitheach, samhlaíoch, dea-bhéasach, nuálaíoch, cúirtéiseach, a imríodh an leatrom.
Ba in ainm na sibhialtachta, an chultúir agus na loighice a rinneadh slad ar chultúr na nGael, agus a dhéantar slad fós ar chultúir eile nach sinne.
Ag leibhéal na polaitíochta, is féidir Cré na Cille a léamh mar úrscéal a thaispeánann gur féidir gur faillí atá ann poblacht a mheas mar phobal, pobal mar ghréasán, agus chultúr mar dhul chun cinn. Is suimiúil go bhfuil cuid de na móitífeanna atá le feiceáil san úrscéal i gcroílár dhíospóireachtaí na polaitíochta idirnáisiúnta i láthair na huaire.
Ach is cuma más i Meiriceá nó Magh Cuilinn a bhuaileann an pobalachas linn, i mBéarla nó i nGaeilge, tá an dúil sa lámh in uachtar agus sa chumhacht i ngach uile ghort. Is cluiche é a imrítear aon áit ina bhfuil an chumhacht agus an uaillmhian i snaidhm ghrá, iad beirt ag tóraíocht a gcánach, ag iarraidh an tslí a dhéanamh in aghaidh easa go dtí go mbriseann siad amach ar chraiceann na cruinne mar thochas domharaithe.
Tá gach cuma ar an scéal gur le harmlann na nglórtha is treise agus is cumhachtaí a dhéanfar na cathanna is tábhachtaí lenár linn a throid go ceann tamaill eile.
Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh í Sorcha de Brún