Cuid mhaith de bharbaracht na seachtaine seo caite i bPáras na Fraince tá cúngaithe go ceist na saoirse cainte. Ceist dhúnmharaithe agus sceimhlitheoireachta í sa chéad áit, ceist fhoréigin más maith leat, ceist bháis agus bheatha, an cheist is mó dá bhfuil ann.
Ach is léir gur mhó ná sin í. Nuair a thosnaíonn tú ar mhachnamh a dhéanamh air, músclaítear ceisteanna san intinn ainmhíoch agus san inchinn dhaonna.
Is beag cine ar domhan is fearr a thabharfadh freagra casta ar cheist shimplí ná na Francaigh iad féin.
Is é an chéad fhreagra ná nach bhfuil aon fhreagra ar cheist na saoirse cainte. Ní chreideann aon duine ar domhan (seachas mé féin agus cúpla gealt eile) gur cheart go mbeadh cead cainte, agus maslaithe, agus binbe, agus tarcaisne agus toibhéime ag cách. Creidim ann mar tá intinn ait loighiciúil agam nár chleacht an mhatamaitic go hard ná go hoilte. Ní thuigim conas is féidir cead cainte a thabhairt do ‘x’, is nach féidir do ‘y’.
Saontacht, gan amhras. Baineann cead cainte agus maslaithe amháin leo siúd nach baol ar bith dúinn iad. An túisce is baol dúinn iad, tagann leithscéalta eile i gceist.
Luaitear John Milton a bhí go mór ar son cead cainte do chách: “Give me liberty to know, to utter, and to argue freely according to conscience, above all liberties” ach ansin, mar aguisín, níor bhain sin le Caitlicigh!
Cead cainte siar amach, seachas ag Caitlicigh! Is dócha gur Caitileachfóibe a bhí ag cur as dó, ar nós mar a chuireann Islamafóibe as do dhaoine inniu.
Ní chreideann duine ar bith sa tsaoirse cainte in ainneoin na píopaireachta is na pápaireachta. Creideann daoine sa tsaoirse cainte fad is nach masla dóibh féin í siar go dúid.
Gabhtar siar isteach go domhain sa rud is beannaithe duit féin, an bonn is bunúsaí, an screabh is doscríobtha ar bith, agus féach an bhfuil ceadaithe do bha beannaithe, do ghamhna gaolta féin a mhaslú?
An raibh tráth ar bith ann idir an aois seo caite agus an aois seo féin nuair nach raibh cead focail áirithe a úsáid, leas a bhaint as friotail éagsúla, gan ábhair áirithe a aoradh, níos mó ná an lá atá inniu ann?: - ‘n’ fhocail agus ‘c’ fhocail agus ‘f’ fhocail a chaitheamh ar leathanach gan bhaol cinsireachta agus baghchat go deireadh do shaoil.
Is furasta an Chríostaíocht san iarthar a mhaslú mar gur ball bog anois é agus is beag duine atá toilteanach dul chun cogaíochta ina taobh. Ní féidir Ioslam a mhaslú chomh sleamhainslán céanna, mar tá gach seans ann nach nglacfar lena mhaslú i bpáirt mhaitheasa, ná i bpáirt chaoinfhulaingte féin.
Braitheann go hiomlán ar chomh domhain is a ghabhann an masla. Braitheann ar a íogaire is a mhúsclaíonn an tarcaisne na nithe is mó is gean leat siar amach síos go bun na gimide siar isteach.
Sin uile. Tharlódh nach bhfuil aon luachanna in Éirinn ar fiú iad a mhaslú feasta. Scrúdaítear leat na bacanna atá ar chead cainte ar fud an domhain, agus gheofar amach go mbaineann siad go hiomlán le luachanna na bpobal sin a shocraíonn an toirmeasc.
Féach sin, airiú! Daoine ag déanamh dlíthe a réitíonn leo féin, cé a chuimhneodh ar a leithéid?
Tá blaisféim fós i réim mar choir in Éirinn, cé gur dhóigh leat gur leor díoltas Dé chun daoine a thabhairt chun céille. Níl cead an tUileloscadh a shéanadh. Níor tharla cinedhíothú na nAirméineach sa Tuirc – ach tharla.
Agus ní hé nár dúnadh nuachtáin agus irisí le linn chogadh na leathshaoirse abhus anseo; ná nár bacadh ar amhráin stairiúla a chraoladh le linn réimis an Chrúis Uí Bhriain; ná nach raibh Acht 31 den Acht Craolacháin ann; is nach raibh cead cláir Ghaeilge a chraoladh ar BBC Uladh ar feadh na mblianta; nó nach raibh cosc ar amhrán Phaul McCartney, Give Ireland back to the Irish, nárbh é an t-amhrán ab fhearr dar chum an Learphollach riamh é; nó cá dtám ris an gcinsireacht ar leabhair éagsúla a bhí in aghaidh an fhaisin intleachtúil san am, Tailor and Ansty ann nó as?
Níl in aon allagar timpeall ar chead cainte agus saoirse smaointe ach faisean. Gheofar argóintí go leor, agus gan teorainn, ar son é seo a dhéanamh nó é siúd a dhéanamh, nó an rud eile a dhéanamh, nó a mhalairt ar ais a dhéanamh, nó a athrach siar suas a thriail. Níl le déanamh ach gairm na huaire a chur amach, agus tiocfaidh freagra ó na macallóirí intleachtúla.
Ní bhaineann dúnmharú na gcartúnaithe agus na n-iriseoirí le cead cainte go príomha. Baineann leis an gcead cainte atá ceadaithe, is leis na maslaí nach gceadaítear a cheadú.