Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus Gaelscoileanna na sé cheanneagraíocht nua atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim nua maoinithe. Is iad a tháinig slán as na 19 eagras a bhí ag fáil bunmhaoinithe ón fhoras. Leanfar de mhaoiniú na n-eagras eile deonach go mí an Mheithimh.
“Ré nua,” a thug an foras ar an atheagar. Dúirt Dónal Ó hAiniféin ón fhoras gur mhinic a canadh “an nath “ní neart go cur le chéile” – agus tá Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí le beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin, le go mbeidh an oiread agus is féidir d’acmhainní na Gaeilge á ndíriú ar fhorbairt na Gaeilge sa phobal”. Bheadh “buiséad suntasach” ar fáil le tabhairt faoin obair.
Thug Oireachtas na Gaeilge le fios go raibh “áthas” orthu gur roghnaíodh mar cheanneagraíocht iad. Dúirt a stiúrthóir, Liam Ó Maolaodha, go raibh siad “ag tnúth lenár ról a ghlacadh i gcur i bhfeidhm an struchtúir nua. Tá go leor le déanamh againn mar eagraíocht idir seo agus Iúil chun muid féin a chur in oiriúint do ról ceanneagraíochta ach creidim go bhfuilimid ábalta é sin a dhéanamh agus gur níos láidre a bheimid dá bharr”.
Dúirt ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go raibh siad “thar a bheith sásta gur éirigh linn faoin bpróiseas seo”.
D’aithin sí go mbeadh dúshláin i gceist le cur i bhfeidhm an chórais nua ach ghlac sí “go fonnmhar agus go dáiríre leis na cúraimí, deiseanna agus dúshláin atá romhainn mar cheanneagraíocht ar an mhór-réimse”.
Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh “súil acu gur tús é an cinneadh ar mhodh nua pleanála don Ghaeilge ina mbeidh an Stát agus an earnáil dheonach ag obair as lámha a chéile. Ní foláir todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú agus is den riachtanas é go mbeadh bunús maith leis an mbeartas úr”.
Níor éirigh le heagras ar bith sa Tuaisceart stádas a bhaint amach mar cheanneagraíocht. Dúirt stiúrthóir an Iontaobhais ULTACH, Aodán Mac Poilín, atá lonnaithe i mBéal Feirste, go raibh eagla air go ndéanfaí “imeallú ar an Tuaisceart mar gheall ar an tsocrú úr seo, agus go mbeadh an Ghaeilge ó thuaidh níos laige dá thairbhe. Fócas deisceartach a bheas ann feasta”.
Bhí imní air nach mbeadh “an saineolas, an chreidiúint, an éifeachtacht” ag na ceanneagraíochtaí nua le cúrsaí teanga a chur chun cinn chomh héifeachtach le grúpaí áitiúla agus go mbeadh cúrsaí trasphobail thíos leis faoin struchtúr nua.
Dhruidfí oifig an eagrais i mí an Mheithimh agus chaillfí ceithre phost, a dúirt sé: “Ní le leas na Gaeilge nó leas phobal na Gaeilge ó thuaidh an cinneadh seo.”
Chaill an eagraíocht oideachais i mBéal Feirste, Altram, maoiniú fosta. Bhí cúig phost lánaimseartha le cailleadh, a dúirt cathaoirleach an ghrúpa, Áine Andrews. Bhí “tuiscint, taithí agus saineolas nach beag ag an eagraíocht ar dhúshláin an tumoideachais ag leibhéal na luathbhlianta sa dlínse seo. Ní bheidh sé seo ag eagraíocht atá lonnaithe i ndlínse eile…”
Bhí eagla uirthi go mbeadh “bearnaí móra sa tsoláthar a rachfas go mór chun aimhleas ár bpáistí agus ár bpobail”.
Dúirt ceannasaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Kevin de Barra, go raibh díomá ar an eagras maoiniú a chailleadh. Leanfadh an chomhdháil ar aghaidh mar scátheagraíocht ar an earnáil dheonach agus go mbeadh siad “ag féachaint ar bhealaí chun a dheimhniú go leanfadh tionscadail agus tograí a bhí forbartha ag an gcomhdháil le blianta fada ar aghaidh faoin struchtúr nua maoinithe”.
PÓL Ó MUIRÍ