Díshealbhú san ardchathair

Bhí barúil agam go raibh sé seo ar na bacáin. Bhí a fhios agam go dtiocfadh an lá.

Shíl mé gur ardú cíosa a bheadh i gceist. Ach sa deireadh, díshealbhú iomlán a bhí ann. Ón chéad lá de mhí Aibreáin, beidh mé gan dídean.

Cén chaoi ar tharla sé seo, a deir tú. An bhfuil ASBO tógtha amach i mo choinne? Ar sheinn mé The Prodigy ró-ard ag a trí a chlog ar maidin go rómhinic? An rabhas riamh déanach leis an gcíos? Níl aon cheann acu sin fíor.

Is é fírinne an scéil é ná go bhfuilim i measc na mílte Bleá Cliathach meánaicmeach singil eile nach bhfuil sé d’acmhainn acu a lóistín féin a bheith acu.

READ MORE

Trí seachtaine ó shin a tharla sé. Ach an oiread le hIób sa mBíobla, bhí an-trua agam dom féin cheana féin. Bhíos níos breoite ná mar a bhíos riamh i mo shaol. Chaith mé trí lá ar an tolg ag streachailt leis an gcinneadh dul ag an dochtúir. I bhfírinne, ní raibh an t-airgead agam.

Tá post cuisíoch maith agam i gcomparáid le go leor daoine eile agus an t-ádh liom fostaíocht bhuan a bheith agam. Ach táim tar éis a bheith ag íoc cíosa de €1,150 i m’aonar gach uile mhí le blianta anuas. Agus na céadta eile ar bhillí. Is máthair shingil mé agus tá costais mhóra ag baint leis sin freisin.

Bíonn go leor ban ag smaoineamh ar dhul amach i gcomhair béilte rómánsúla nó ag tabhairt sciúird ar Pháras má bhuaileann siad le fear. An fhantaisíocht atá agamsa ná go mbuailfidh mé le duine a íocfaidh leath mo bhille leictreachais.

Sa deireadh, chuaigh mé ag an dochtúir. €85 a bhí air sin, idir an chuairt agus an leigheas. Agus bhí rudaí fós le dul in olcas an lá sin.

Chonaic mé an litir curtha tríd an mbosca litreach nuair a tháinig mé abhaile ó oifig an dochtúra. Bhí sí scríofa agus seachadta de lámh agus d’aithin mé an scríbhneoireacht. Mo thiarna talún a bhí ann ag tabhairt foláirimh dom go mbeadh orm an áit a fhágáil mar go mbeadh an t-árasán ag teastáil óna mhac.

Labhair mé le Threshold agus is cosúil gur féidir le tiarnaí talún é seo a dhéanamh sa gcás go bhfuil an lóistín ag teastáil ó chlann dá gcuid. B’fhéidir go bhfuil an t-árasán ag teastáil óna mhac. Níl a fhios agam. Ach pé rud é, tá sé de cheart acu é seo a dhéanamh agus níl an dara rogha agam ach an t-ordú díshealbhaithe a chomhlíonadh.

Ach an fhadhb atá agam ná go bhfuilim á chur amach as mo lóistín isteach i margadh atá an-naimhdeach ar fad do chíosaithe. Na háiteanna uilig eile go bhfuilim tar éis breathnú orthu, €1,600 sa mhí atá i gceist. Nó tá siad ar na hárasáin ghruama sin a chuirfeadh an galar dubhach ort – an páipéar balla, an cairpéad agus na cuirtíní uilig ag screadaíl ar a chéile, tine leictreach greamaithe leis an mballa a bhfuil an chuma sin air go dtabharfaidh sé nimhniú aonocsaíd charbóin duit, cófra beag gan fuinneog mar sheomra leapa do mo mhac, oigheann taobh thiar de chuirtín sa “gcistin”.

Ar an meán, cosnaíonn sé €1,200 áit a fháil ar cíos i mBaile Átha Cliath, i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta. Sa ráithe dheireanach de 2013, tháinig ardú 12 faoin gcéad ar phraghsanna cíosa. Agus deir Daft.ie go bhfuil siad ag súil go léireoidh na torthaí don chéad ráithe de 2014 – nuair a bheas siad foilsithe – go bhfuil ardú mór eile tar éis teacht orthu. Ní raibh ráta boilscithe mar sin ar chíosanna ó bhí 2007 ann.

Scríobh Aideen Hayden alt láidir faoin ábhar áirithe seo san Irish Times coicís ó shin. Dúirt sí go raibh géarchéim sa gcathair ó thaobh líon na "ndíshealbhaithe eacnamúla", mar a thug sí orthu. Molann sí smacht a thabhairt isteach ar phraghsanna cíosa mar atá ag muintir Nua-Eabhrac.

Maidir liom féin, beidh mé ag pacáil mo chuid stuif i málaí as seo go ceann coicíse. Agus ag dul trasna an bhóthair ar ais go dtí an teach inár tógadh mé. Ag 34 bliain d'aois, beidh mé sa seomra leapa céanna ina raibh mé mar pháiste, na leabhair de chuid Roald Dahl fós ar na seilfeanna; na greamáin ón scannán 101 Dalmations fós ar na ballaí. Cuireann sé brón orm, cinnte. Ach tuigim go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil sé de rogha agam é sin a dhéanamh.

Ar an dea-uair domsa, tá fostaíocht bhuan agam. Ar an drochuair, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh mé streachailt ar feadh trí lá faoin gcinneadh dul ag an dochtúir. Ciallaíonn sé go bhfuilim fágtha gan dídean. Chuirfeá ceist ort féin, in amanna, an fiú é?

Is iriseoir le RTÉ í Caoimhe Ní Laighin