Nuair a chuimhnítear ar Éirí Amach na Cásca, ba chóir cuimhneamh ar an bpáirt tábhachtach a ghlac na Caipisínigh ó Sráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath, ann.
Ina measc siúd bhí an tAthair Agaistín, a d’éag 60 bliain ó shin (7ú Feabhra) agus a d’oibirgh go dian ar son na teanga.
Rugadh é i nGabhran, Co Chill Chainnigh agus tógadh é sa Bhlarna, Co Chorcaí. Chuaigh sé isteach sna Caipisínigh in 1893.
Ba ghearr go raibh sé ina bhall de Chonradh an Gaeilge agus bhí sé ina uachtarán ar an gconradh i gCorcaigh ag tús an 20ú haois.
Bunaíodh Coláiste na Mumhan i 1904 agus duine de na bunaitheoirí ab ea é.
Múinteoir Gaeilge ab ea é freisin agus thugadh sé misin i nGaeltacht Chiarraí agus Dhún na nGall.
Ba léir go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ar a lucht éisteachta.
Fear mór ard a bhí ann le féasóg fhada scuabach. I bpíosa sa nuachtán seo tar éis a bháis, dúirt an scríbhneoir: “He looked like a prophet from the Bible or one of the ancient Irish kings.”
Le linn an Éirí Amach, thug sé féin, an tAthair Aloysius agus Capisínigh eile fóirithint do dhaoine a bhí gonta nó ag fáil bháis.
De réir an chuntais fianaise a thug sé d’Oifig na Staire Míleata (BMH 920), d’éirigh leis dul isteach sna Ceithre Chúirt (rud a bhí an-bhaolach ag an am) agus faoistin an gharastúin a chloisteáil Céadaoin Sheachtain na Cásca.
Ar an Domhnach dár gcionn, chuaigh sé féin agus an tAthair Aloysius chuig General Lowe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath (bhí meas ag Agaistín ar Lowe ach níor mhaith leis Maxwell) agus fuair siad cead an Piarsach agus Séamus Ó Conghaile, a bhí gonta go dona, a fheiceáil.
Chuir an Piarsach iad chuig Tomás Mac Donnachadha i monarcha Jacobs chun áitiú air géilleadh mar ní raibh an Piarsach in ann teachtaireacht a chur chuige roimhe sin. Chuaigh an bheirt Chaipisíneach chuig Mac Donnchadha agus chuig Éamonn Ceannt sa South Dublin Union chomh maith.
Tar éis roinnt deacrachtaí, d’éirigh leo cur ina luí ar Mhac Dhonnchadha agus Ceannt go raibh ord géillte an Phiarsaigh dáiríre agus ghéill an bheirt cheannfort.
Níl sé iomlán soiléir an raibh Agaistín i láthair nuair a cuireadh Seosamh Ó Pluincéad, Eadhbhard Ó Dálaigh agus Micheál Ó Maillín chun báis ach bhí go cinnte nuair a lámhachadh Liam Mac Piarais, Seán Mac Giolla Bríde, Éamonn Ceannt agus Con Ó Coilbeard agus chuir sé síos ar chomh cróga agus a bhí na fir sin agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mbás.
Scríobh sé litir go dtí an Evening Herald ag rá go raibh alt sa pháipéar sin inar dúradh go raibh Ó Coilbeard ag gáire agus ag magadh sular cuireadh chun báis é mícheart amach is amach. (Rinne T.M. Healy athrá ar an mbotún céanna ina leabhar Letters and Leaders of My Day.)
Thug sé cuairt ar Thomás Aghas a lá a cailleadh é agus labhair sé leis i nGaeilge. Ba é a phós Traolach Mac Suibhne agus Muriel Murphy i 1917 chomh maith.
Chaith sé tamall i Meiriceá, san Eilvéis agus sa Róimh ina dhiaidh sin agus d’fhill ar Chorcaigh ar ball. Scríobh sé leabhair i mBéarla faoin Athair Maitiú, dílse na nGael don Aifreann (a aistríodh go Gaeilge) agus ábhar Caitliceach eile.
Bhí sé ar ais sa mhainistir i mBaile an Róistigh nuair a fuair sé bás.
BRIAN MAYE