Thar rialacha ar bith de na rialacha gramadaí atá in Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil (1958) is iad na rialacha a bhaineann leis an séimhiú – agus/nó an easpa séimhithe – ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach agus é faoi réir ag ainmfhocal eile is mó atá ina n-ábhar díospóireachta poiblí le tamall de bhlianta anuas.
Gnéithe de na rialacha sin is ábhar do ‘staidéar’ nua liom, An Caighdeán Oifigiúil, aistriú na reachtaíochta agus gramadach na téarmaíochta – An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile (Coiscéim, 2016).
Tá 520 leathanach sa staidéar seo, le léaráidí lándaite.
Sa chuid tosaigh den staidéar cosnaítear an séimhiú ar an ainm briathartha sa ghinideach ar lorg ainmfhocail bhaininscnigh uatha i leithéidí ‘buíon chosanta’ agus ‘áis chaomhnaithe’, a rialaítear in Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil – Caighdeán Athbhreithnithe (2012) go bhfuil an séimhiú sna hainmneacha briathartha sin le baint, toisc go bhfuil an fhoirm chéanna acu is atá ag aidiachtaí briathartha na mbriathra sin.
Léiríonn an líon mór samplaí atá bailithe le chéile sa staidéar, áfach, as réimsí éagsúla den Ghaeilge scríofa – ó leithéidí ‘bean chaointe’, ‘cúis mhaíte’ go leithéidí ‘áit chónaithe’, ‘litir mholta’ agus ó ‘bean chasta an tuirne’ go ‘cúirt ghearrtha pianbhreithe’ – go mbaineann an séimhiú sin le gnás na Gaeilge.
Sa dara cuid den staidéar cosnaítear an séimhiú ar an ainmfhocal éiginnte agus ar an ainm briathartha sa ghinideach ar lorg ainmfhocail fhirinscnigh iolra dar críoch consan caol, ar séimhiú é sin, chomh maith, a bhaineann le gnás na teanga, mar a léirítear leis an iliomad samplaí sa staidéar – ó leithéidí ‘innill bhainte’ agus ‘fir bhuailte an arbhair’ go leithéidí ‘leabhair thagartha’ agus ‘innill bhainte móna’, i gcás an ainm bhriathartha, agus ‘boird bhainistíochta’, ‘tuairisceáin chánach’, ‘aonaid chúraim speisialta’ agus ‘cléirigh chúirte dúiche’ i gcás an ainmfhocail.
Chomh maith leis sin, cosnaítear an séimhiú ar an nginideach iolra ar lorg ainmfhocail, a dtugtar iliomad samplaí de anseo – ó leithéidí ‘tine chnámh’ agus ‘oifigigh chustam’.
Sa chuid deiridh den staidéar, dírítear ar fheidhmeanna an ainmfhocail éiginnte agus an ainm bhriathartha sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile agus, ina dhiaidh sin, ar cheist leasaithe riail séimhithe an ghinidigh sin sa Chaighdeán Oifigiúil.
Pléitear an Caighdeán Oifigiúil mar threoir do scríobh na Gaeilge lasmuigh de réimse na reachtaíochta agus dírítear ar Chaighdeán neamhfhoilsithe 2011 sa chomhthéacs sin, mar aon le hathbhreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil faoin reachtaíocht a tugadh isteach sa bhliain 2013.
Moltar dréacht de na rialacha atá le bheith sa Chaighdeán Oifigiúil tosaigh a mbeidh feidhm dlí leis a chur ar fáil ar an idirlíon, ionas go mbeidh deis ag pobal na Gaeilge a dtuairimí faoi a chur in iúl agus ‘fíor-chomhchomhairle’ a bheith ann ina leith.
Agus an dréacht sin á chur ar fáil d’fhéadfaí An Caighdeán Oifigiúil do Scríobh na Gaeilge a chur ar fáil ar an idirlíon, chomh maith, le go mbeadh deis ag an bpobal an Caighdeán neamhfhoilsithe sin a bhreithniú agus a chur san áireamh le linn dóibh breithniú a dhéanamh ar an dréacht-Chaighdeán nua.
Comhtharlúint a bhí ann, ceithre bliana ó shin, go raibh dhá leagan éagsúla den Chaighdeán Oifigiúil curtha i dtoll a chéile. D’fhéadfadh an teanga a bheith thuas lena leithéid, áfach, ach ceann amháin a bheith dírithe ar réimse na reachtaíochta agus an ceann eile ar na réimsí lasmuigh den réimse sin.
Tá féidearthacht dá leithéid ann i gcónaí, is é sin, go ndíreodh Rannóg an Aistriúcháin, i dteannta páirtithe leasmhara eile, ar Chaighdeán 1958 a athbhreithniú ar mhaithe le réimse na reachtaíochta, agus go ndéanfaí athbhreithniú eile ar mhaithe leis na réimsí eile, agus a bheadh dírithe ar norm a fhorbairt a bheadh le múineadh sna scoileanna agus, ina theannta sin, a bheadh ina norm molta do scríobh na Gaeilge sna mórchanúintí.
MICHEÁL Ó CEARÚIL