Scéal aon teanga; scéal dhá dhlínse. Níor luaithe comóradh 1916 ar siúl i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite go bhfaca lucht na Gaeilge gur “Eírí (sic) Amach” a bhí greanta sa chloch in áit “Éirí Amach”.
Thosaigh na gearáin ar na líonraí sóisialta láithreach – mar ba cheart. Is doiligh botún chomh bunúsach a thuigbheáil.
Bhí fearg, díomá agus iontas le mothú i gcuid mhór den tráchtaireacht ar líne. Cad é mar a theip ar na húdaráis botún chomh bunúsach a fheiceáil? Nár náireach é? Tá an botún ceartaithe ó shin.
(B’fhéidir gur cheart dúinn bheith buíoch nár scríobh siad Éirí Amach na Cáise ar an bhalla. Fan tamall – b’fhéidir go ndéanfaí go fóill é!)
Tharla fosta gur eisigh Conradh na Gaeilge preasráiteas an lá dár gcionn faoi chúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart. Tá siad leis an dlí a chur ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann as faillí a dhéanamh sa teanga, dar leo.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, go raibh “Straitéis na Gaeilge luaite go sonrach mar ghealltanas ó rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 agus tá sé luaite i gClár Rialtais 2011-2015 an fheidhmeannais reatha ...
“Tar éis próisis fhada, foilsíodh Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 Eanáir 2015 agus tá an pobal ag obair go dlúth leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le spriocanna na straitéise a thabhairt chun fírinne ó shin.
“Is cúis díomá dúinne i gConradh na Gaeilge, mar sin, nár glacadh leis an straitéis go hoifigiúil os comhair an fheidhmeannais go fóill, in ainneoin na gcéimeanna forásacha thuasluaite.”
Sin agat é, mar sin.
An Stát a bhfuil an teanga luaite leis mar chéad teanga oifigiúil aineolach ar litriú na teanga céanna agus réigiún a bhfuil cúram na Gaeilge (agus na hUltaise!) luaite leis ar bhonn tras Teorann ag déanamh neamhiontais de mhianta teanga a phobail féin.
Beidh le feiceáil cad é an toradh a bheidh ar chúrsaí dlí agus, leoga, cad é an toradh a bheas ar scéal na Gaeilge amach anseo.
Idir an dá linn, mhaithfí duit é sa chás go raibh tú ag eírí – ahem – rud beag tuirseach den choimhlint laethúil seo faoi chúrsaí Gaeilge.
Gradam taighde
Bhí cuid mhór béime ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath le tamall anuas. Ní hiontas é, a deir tú.
Mar sin féin, déantar dearmad de go raibh ceantair eile le héirí amach fosta, agus d’éireodh, murach an t-ordú úd sin ag Eoin Mac Néill.
Tráthúil mar sin go dtugann Cormac Ó Comhraí léargas ar cheantar amháin a raibh éirí amach eile ann ina leabhar, Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923 (Cló Iar-Chonnacht, €20). Cuireann sé síos ar an "tréimhse chorraithe shuaite" sin i measc an phobail.
Tá léar mór pictiúr sa leabhar agus mórán tagairtí aige don tréimhse ó bhéal na ndaoine féin agus ó nuachtáin áitiúla.
An tseachtain seo caite a sheol láithreoir RnaG, Máirín Ní Ghadhra, an leabhar i nGaillimh ach tá lucht staire ag tabhairt suntais don saothar cheana féin.
Bhronn an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) Gradam Leabhar Taighde Gaeilge na Bliana ar Ó Comhraí as a chuid oibre.
Mhol Ionadaí Gaeilge an ACIS, Hilary Mhic Suibhne, an leabhar as léargas a thabhairt ar phobal an réigiúin le linn na tréimhse. “Is le muintir dheisceart Chonamara an stair seo,” agus ba mhaith gur ina dteanga féin a bhí an leabhar scríofa, a dúirt sí.
Taoiseach ‘sealadach’
Agus na comhráite ar siúl faoi Rialtas nua a bhunú, tá mórán nuachtán ag tabhairt “caretaker” nó “interim” Taoiseach ar Enda Kenny – an leath-Thaoiseach, polaiteoir a bhain agus a chaill ag an am céanna.
Nach minic an mí-ádh ar mhuintir Mhaigh Eo, bíodh cúrsaí peile nó polaitíochta i gceist?
Samhlaíonn tú Kenny i bPáirc an Chrócaigh ar lá an All-Ireland sa pheil – é ag amharc anonn ar Chiarraí agus Foireann Inteacht Eile san iomaíocht agus gan de rogha aige ach tacaíocht a thabhairt don Fhoireann Inteacht Eile nó chaill Maigh Eo sa chluiche leathcheannais, sa nóiméad deiridh, de bharr cic éirice.
Cibé ar bith, chuala mé duine amháin le Gaeilge ag tabhairt “Taoiseach gníomhach” air.
An mbeadh sé ródhalba ar fad “Taoiseach sealadach” a thabhairt air?
Leoga, nach mbeadh an-chathú ort “the provisional Government” a thabhairt ar an socrú ar fad go dtí seo agus an t-am atá ann á cheiliúradh?
Scannáin Gall
Tá Féile Scannán Fhine Gall ar lorg scannán sna catagóirí seo a lenas: beochan; príomhscannán; gearrscannán; scannán ó mhac léinn; scannán faisnéise; scannán Gaeilge; scannán idirnáisiúnta; scannán maidir le 1916.
Seo an cúigiú bliain d’Fhéile Scannán Fhine Gall bheith ann, féile a bhfuil sé mar chuspóir aici na scannáin neamhspleácha is fearr a chur i láthair an phobail. Dúirt stiúrthóir na féile, Liz Kenny, gur “ardán den scoth é do dhéantóirí scannán atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus thar lear”.
Eolas: www.fingalfilmfest.com nó pr@fingalfilmfest.com