Nuair a bhuaigh arm Shasana ar Arm na hÉireann in eachtra na Bóinne ar an lá mí-ámharach úd in 1690, b’é an nath a fógraíodh ná gur cheart na ríthe a mhalartú is an cath a throid arís.
Níorbh fhéidir a dhéanamh, áfach, mar bhí an uain imithe is an t-am ceapaithe i bpóca na staire.
Ní raibh athimirt ar an scáileán le feiscint, ná plé arís ar ais le bheith ann. Deineadh ar deineadh, rinneadh ar rinneadh agus dearnadh ar dearnadh.
Ní féidir an aimsir láithreach ná an aimsir chaite a thabhairt ar ais ceal taistil ama, nach ann fós dóibh in ainneoin samhlaíocht ár gcuid scríbhneoirí.
Faoin am seo tá na leabhair curtha isteach sna tiachóga scoile is an chailc fágtha ar imeall an chláir dhuibh – och, mo leithscéal, tá na hi-phaid i leataoibh na slí is na giúirléidí idireatarthueolais sna gluaisteáin – is na daltaí ar scor go dtí an chéad téarma eile; ach fós, ar nós is nár athraigh pioc, tá na múinteoirí ó ré na clochaoise ag dul ar stailc lae arís.
Ó ré na clochaoise na múinteoirí, gan amhras, ar an gcuma chéanna gurb ó ré na clochaoise na tuismitheoirí, is gach tuismitheoir dá raibh riamh ann.
Níl aon tslí nua faoin spéir le páiste a thógáil; agus níl aon tslí nua faoi na réaltaí teagasc a dhéanamh. Is den daonnacht iad araon, agus is den daonnacht é an seans i dteannta na hoibre.
Tá an ceart go hiomlán siar amach ag na meánmhúinteoirí cur in aghaidh na n-athruithe ar an dTeastas Sóisearach.
Níor chuaigh oibrithe ar stailc riamh nach raibh an ceart acu; ach fairis sin bheadh sé amaideach géilleadh d’aon phioc do na hathruithe aimhleasta atá molta ag an iar-Aire Oideachais agus Scileanna.
Ba mhó ba chás le Ruairí Quinn a chuid ba idé-eolaíochta féin a chur thar abhainn ná athrú chun feabhais i gcúrsaí an oideachais.
De réir an chiúta chleasaíochta ba dhéanaí uaidh sular imigh sé isteach i gceo na díchuimhne ba mhian leis go marcáilfeadh múinteoirí a gcuid daltaí féin i scrúduithe Stáit.
Ar son sábhála airgid a moladh seo, bíodh go bhfuarthas moltaí chun snas oideachais a chur air.
Nuair a shuítear áiteamh timpeall ar fheabhas na meastóireachta leanúnaí, is é an freagra is gonta air ná “fiacla”.
Seo, bhí aithne agam ar mhúinteoir tráth a thaispeáin cár breá fiacla dhom, chomh geal leis an ngrian, chomh dealfa le túr éabhair. “Is í an mheastóireacht leanúnach a thug iad seo dom,” ar seisean, agus gan ghiob den leithscéal uaidh a leanfadh a leithéid de ghnáth.
Is amhlaidh gur chaith sé seal ag teagasc i mbaile beag éigin san Astráil agus gur ráinig go raibh iníon an fhiaclóra ina rang. Leor sin?
Ní hé go bhfuilimidne go háirithe tugtha don bhreab mar chine ach gurb in agat ceol an tsaoil.
Más féidir teacht timpeall ar an gcóras, an chonair a chamadh, an leagan amach a lúbadh, bhueil, bullaí fir!
Má bhí sin riamh fíor i gcás ríthe agus bharúin agus pholaiteoirí agus lucht scuaibe sráide, cumá a gceapfaimis go mbeadh aon phioc éagsúil maidir le daltaí scoile?
Is é an scrúdú deireadh bliana, leat féin, id aonar, gan taca, gan phrapa, id bhinsín luacha an chosaint is fearr ar chaighdeán is ar chothromaíocht dá bhfuil ann.
Ar an gcuma chéanna, is é an cluiche craoibhe, iomaíocht na haon uaire an tástáil is fearr ar fheabhas na foirne seo nó na foirne siúd i gcaitheamh bliana, dhá bhliana, leathbhliana.
Agus ar chúis éigin nach dtuigim, buann an fhoireann is fearr Craobh na hÉireann, bíodh is nach bhfuil ach cluiche amháin deireadh bliana le himirt acu.
B’fhéidir, gan amhras, go bhfuil daltaí meabhracha ardéirime den scoth ann atá go hiontach agus thar barr feabhais amach i gcaitheamh na bliana i ngan fhios don saol, ach teipeann go tubaisteach orthu ar an aon lá amháin sin a mheánn.
Ar nós an amhránaí atá dochreidte ealaíonta sa chleachtadh ach a phlúchann ar stáitse, an reathaí a sháraíonn an domhan sa traeneáil ach a dtiteann na cosa de sa rás…
An mar seo atá lándáiríre?
Is é dúshlán an Teastais Shóisearaigh dúshlán gach tástála eile a chasfaidh leo i rith an tsaoil: an t-agallamh tábhachtach sin; an comhrá cinniúnach; an buille gailf; an béile leannánda; an freagra pras; an triail tiomána…
Ní hé seans na haon uaire é ach toradh ar ullmhú fada. Is mar sin don Teastas Sóisearach. Cúis eile go bhfuil an ceart ag na múinteoirí.