Foclóir: Báire na Fola - armageddon; teifeach/teifigh - refugee/s; snaschraiceann donn - brown veneer; éadach buídhonn ar an ngreille - fawn grill cloth; callairí - speakers; coimhthíos - strangeness; rinne sé mearbhall dem chaint - he was puzzled by my speech; chomh mear le míol Márta - as mad as a hatter; ceiliúrán - celebrity; téann sé trína croí - it breaks her heart.
Is maith is cuimhin liom nuair a bhí mé sa chéad rang bunscoile sa seanscoil i Sráidbhaile Chroimlinne, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1956 go raibh Réabhlóid na hUngáire i mbéal an phobail.
Ba mhinic a chuala mé m’athair agus mo Dhaideo ag caint faoi Nasser agus Suez, an Ungáir agus Nagy.
Mar bharr ar an donas bhí ráfla ann go mbeadh ‘trí lá dorcha’ann sula nochtfaí rún Fatima agus go dtiocfadh Báire na Fola ina dhiaidh sin.
Chuir an méid sin mo chuid fola agus feola trína chéile ach, faoi dheireadh, níor tharla Báire na Fola ar chor ar bith. Faoi earrach na bliana a bhí chugainn, áfach bhí suas le seisear teifeach ón Ungáir linn sa scoil, ceathrar buachaill agus beirt chailín.
B’ábhar iontais iad i measc daltaí na scoile. Bhí siad ard agus griandóite, iad glan agus dea-ghléasta murab ionann agus go leor de na daltaí áitiúla a bhí fós ar an ngannchuid sna caogaidí.
Ina málaí scoile bhí gallúnach agus tuáille an duine ag na teifigh Ungáireacha.
Bhí go leor teangacha ar a thoil ag m’athair - ina measc Fraincis agus Gearmáinis. Bhíodh sé ag éisteacht leis an raidió gach uile oíche. Sheas an raidió Pye ar sheastán i gcúinne an tseomra suí.
Bhí an fráma déanta de shnaschraiceann donn agus bhí éadach buídhonn ar an ngreille a chlúdaigh na callairí. Ag bun an raidió bhí ceithre dhiail agus os a gcionn bhí ainmneacha éagsúla: Bruxelles, Tunis, Limoges, Toulouse, Munich, Rome, go Luxemburg, Paris agus Davenry i Northamptonshire.
Bhíodh m’athair ag tiúnadh isteach agus ag insint dom cén teanga a bhí i gceist.
D’fhógraíodh an láithreoir Raidio Budapest mar a leanas: ‘Ez Magyarohszagon Budapeste.’ (‘Seo é Raidio Budapest.’) Bhí mé faoi dhraíocht ag ceol agus coimhthíos na teanga agus chleachtaigh mé an fógra arís agus arís eile.
An lá dár gcionn bhrúigh mé trín slua gur sheas mé aghaidh ar aghaidh le duine des na buachaillí Ungáireacha. ‘Ez Magyarohszagon Budapeste.’ a scread mé amach thar rírá dhaltaí an chlóis. Rinne sé mearbhall dem chaint ar feadh soicind agus ansin rinne sé gáire liom agus d’ardaigh corrmhéar chuig a cheann ag cur in iúl go raibh mé chomh mear le míol Márta!
Ba chuma liom áfach. Bhí mo chion féin déanta agam ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh leis na teifigh Ungáireacha fiú má ba sheafóideach m’iarracht amach is amach.
Nuair a bhíodh na páistí Ungáireacha ag dul abhaile go dtí na tithe Éireannacha mar a tugadh lóistín dóibh bhíodh slua mór páistí áitiúla á dtionlacan. Sórt ‘ceiliúrán’ ba ea iad cé nach raibh an téarma chomh coitianta sna laethanta sin. Idir 1956 agus 1957 tháinig breis is 500 teifeach Ungáireach go hÉirinn.
Nuair a chonaic mé tancanna na Rúise ag rolladh isteach san Ucráin ba chuimhin liom go dóite ionradh na hUngáire, i 1956 ní áirím ionradh na Seicslóvaice i 1968 ná ionradh na hAfganastáine i 1980.
Agus Putin ag lua airdeall núicléach smaoinigh mé freisin ar ghéarchéim Cúba agus an coicís scanrúil nuair a mhaireamar faoi scáth na ndiúracán treoraithe nuair a bhí JFK agus Khrushchev in adharca a chéile.
Chuaigh sé dian ar m’athair bocht imní a mhic óg trí bliana déag d’aois a mhaolú ach thángamar slán mar sin féin agus le deireadh an Chogaidh Fhuair bhíothas den tuairim go bhféadfadh todhchaí a bheith i ndán don chine daonna.
Ach anois tá Putin ag bagairt.
Is múinteoir meánscoile duine de m’iníonacha agus, mar a tharlaíonn, tá idir dhaltaí Ucráineacha (teifigh) agus Rúiseacha aici.
Téann sé trína croí ag féachaint ar bhratacha na hUcráine ar fuaid an choláiste agus an fháilte a chuirtear roimh na daltaí Ucráineacha fad is a fhéachann na daltaí Rúiseacha go náireach orthu - daltaí nach ndearna éagóir ar bith, atá i dteagmháil le tuismitheoirí sa Rúis atá thíos leis de dheasca pholasaí an deachtóra Putin agus nach féidir leo cur ina choinne ar eagla go gcuirfí i bpríosún iad.
Is mór idir 500 teifeach Ungáireach a tháinig go hÉirinn idir 1956-57 agus 20,000 teifeach Ucráineach atá linn cheana féin anois.
Glactar leis gur cosúil go mbeidh suas le 200,000 anseo linn gan mhoill agus go mbeidh orainn réiteach do na hathruithe a tharlóidh dá réir sin. Tá rud amháin soiléir: tá athrú suntasach gan choinne tagtha ar an saol.
Tháinig Covid aniar aduaidh orainn agus sna sála air tháinig Cogadh na hÚcráine. Feicimid ord nua ag éirí ina mbeidh tíortha daonlathacha an Iarthair ag teacht le chéile d’fhonn seasamh i gcoinne an ansmachta agus na deachtóireachta.
Má’s maith is mithid.
Tríú Rún Fatima nochtaithe i Gaeilge?
Bhí plé oscailte, macánta agus ilghnéitheach ag Comhchoiste Ghaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite faoi chúrsaí léitheoireacht agus iriseoireacht na Gaeilge.
Labhair ionadaithe ó na h-irisí Comhar, Timire an Chroí Naofa agus Breac chomh maith lenár gcolúnaí féin Alan Titley agus an scríbhneoir agus foilsitheoir Micheál Ó Conghaile.
Mar a bheadh súil agat leis ag a leithéid d’ócáid, pléadh bealaí ar féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn in irisí agus nuachtáin na tíre. Luadh leis gur cheart go mbeadh níos mó aird ag na meáin Béarla agus ag na féilte litríochta ar shaothair nua-fhoilsithe na Gaeilge. D’iarr Alan Titley cén fáth nach ndéantar léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna meáin Bhéarla, ach go háirithe nuair is minic gur leabhair den scoth a bhíonn i gceist.
D’admhaigh sé nach gach duine a bhaineann céim amach sa Bhéarla a léann leabhair Bhéarla ach an oiread, ach é sin ráite, dúirt sé go bhfuil pobal fairsing ann a bhfuil Gaeilge acu freisin. An é gur aineolas atá ar na meáin Béarla faoin ábhar Gaeilge? a d’iarr sé. Agus más ea, “má tá aineolas orthu sin beidh aineolas ar na léitheoirí chomh maith”. Bheadh seoid litríocht na Gaeilge caillte orthu agus gan iad a bheith a dhath níos eolaí faoi.
Mar a dúirt sé leo siúd a bhí bailithe roimhe, "dá nochtfaí an Triú Rún Fatima i nGaeilge, ní bheadh aon trácht uirthi beag ná mór!"
Comhar @ 80
Beidh an t-irisleabhar Comhar ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus cuirfear tús oifigiúil le bliain cheiliúrtha na hirise ar Dhéardaoin na seachtaine seo.
Déanfar cur i láthair dhrámatúil ar ábhar na hirise le 80 bliain anuas agus beidh an t-iriseoir Sinéad Ní Uallacháin i láthair mar bhean an tí agus cloisfear dánta, giotaí as eagarfhocail, agallaimh agus ailt nuair a thagann buíon de cheathrar aisteoir chun stáitse agus tugann léargas dhrámatúil ó leathanaigh na hirise thar na blianta; an t-ábhar bailithe agus léirithe ag Eoin McEvoy (UCD)
Beidh ceol na 1940dí le Billy Ó hAnluain mar chúlbhrat na hoíche agus beidh deis ceann de chéad lógó-anna Comhar sa tsean-stíl a fheiceáil á chló ag clódóir gairmiúil ón iarsmalann. Beidh marcanna leabhar comórtha le breith abhaile ag an lucht féachana. Eagrófar ócáidí eile chun COMHAR@80 a cheiliúradh le linn na bliana agus tá sé i gceist go mbeadh camchuairt ó thuaidh agus ó dheas mar chuid de.
Breis eolais:
oifig@comhar.ie (roimh 19 Aibreán).
Twitter/Instagram: @irishcomhar