Tiede Herrema: an léigear i Mainistir Eimhín

Bhí súile an domhain dírithe ar Mhainistir Eimhín ar feadh trí seachtaine i 1975

Foclóir: leathscoite - semi-detached; fuadach - kidnapping; giall - hostage; léigear - siege, fuadaitheoirí - kidnappers; tranglam tráchta - traffic jam; tionsclaí Ollannach - Dutch industrialist; raidió trasraitheora - transistor radio

Nuair a chloiseann daoine faoi bhaile Mhainistir Eimhín i gContae Chill Dara, is dócha go dtagann lagmhisneach ar go leor acu nuair a smaoiníonn siad ar an méid uaireanta a bhídís sáite i dtranglam tráchta sa bhaile sin ar a mbealach chun an deiscirt. Níor chuir an trácht trom aon mhoill ormsa, áfach, mar is ón mbaile mé agus bhí eolas an bhealaigh agam ar na cúlbhóithre go dtí an baile agus mé ag teacht ó Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Tharla eachtra staire i dteach beag ar an mbaile i lár na 1970idí. Bhí an baile i mbéal an phobail ar feadh trí seachtaine i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna sa bhliain 1975. Tháinig lucht na meán cumarsáide ó chian agus ó chóngar chun tuairisciú a dhéanamh ar an eachtra agus chun an scéal mór a scaipeadh ar fud an domhain. Thaispeántaí pictiúir ar an teilifís ón láthair gach oíche agus chraobhscaoiltí iad ar fud an domhain. Mhair an dráma mór seo ar feadh seacht lá dhéag.

Bhí aird an domhain ar theach amháin san eastát: 1410 Páirc Naomh Eimhín.Teach leathscoite trí sheomra a bhí ann. Bhí aithne agam ar theaghlach an tí sin. Dhírítí gach súil ar fhuinneog an tseomra codlata thuas staighre. Tógadh an t- eastát seo ar shuíomh an pháirc imeartha de chuid Bhaile an Cheallaigh - an club áitiúil lena d’imrínn ar feadh blianta roimhe seo.

READ MORE

Cad ba chúis leis an mhistéir agus an ruaille buaille ar an mbaile? Fuadach faoi lán seoil a bhí sa teach sin. Bhí Tiede Herrema, tionsclaí Ollannach de chuid chomhlacht Ferenka i Luimneach á choimeád ina ghiall sa teach ag beirt bhall den IRA, Eddie Gallagher agus Marion Coyle.

Bhíodh mé féin ag féachaint ar an bhfuinneog thosaigh in 1410 a raibh cuirtíní lása bána tarraingthe uirthi agus mé ag súil le duine de na daoine a bhí ag cur fúthu sa seomra sin a fheiceáil. Ach ar an drochuair níor tháinig aon duine chuig an bhfuinneog le linn mo chuid turas rialta thar an teach.

Bhí bac curtha ag na gardaí ar na bealaí isteach i bPáirc Naomh Éimhin os comhair an eastáit agus bhog siad gach duine amach as an áit ach amháin saighdiúirí, bleachtairí, iriseoirí agus lucht na teilifíse. B’éigean do roinnt de na comharsana béal dorais bogadh as a gcuid tithe chomh maith.

Is cuimhin liom go maith an chéad deireadh seachtaine den léigear mar bhí mé sa bhaile. Bhí muintir an bhaile ar bís agus bhí úinéirí na dtithe tábhairne ar tí pléascadh leis an bhfuadar a bhí timpeall an bhaile. Fuair lucht gnó an bhaile slám mór airgid ó na custaiméirí nua a tháinig isteach sa bhaile ag an am chun a bheith i láthair an aicsin. Bhíodh mé ag caint le húinéir an Óstán Hazel agus is cuimhin liom gur bhuail sé a bhosa ar a chéile le háthas mar bhíodh an beár ag cur thar maoil leis na hiriseoirí, cuairteoirí agus lucht na meán cumarsáide, go háirithe ag an deireadh seachtaine.

Tharla sé uaireanta le linn na chéad seachtainí tar éis an fhuadaigh go raibh mé sna tithe tábhairne ar an mbaile i gcuideachta na seanfhear. Bhíodh raidió trasraitheora ar an gcuntar agus nuair a chraoltaí an nuacht as Gaeilge chruinníodh na seanóirí timpeall agus dhíríodh siad a súile orm mar oide scoile chun an teachtaireacht i nGaeilge a aistriú go Béarla dóibh. Rinne mé mo dhícheall iad a shásamh ach déanta na fírinne ní raibh aon athrú mór ar chúrsaí in 1410 ó lá go lá.

Lean na fuadaitheoirí ar aghaidh leis an léigear mar ní raibh an rialtas toilteanach géilleadh dá n-éileamh. Faoi dheireadh, bheartaigh an tArd-Cheannfort, Laurence Wren go dtabharfaí an t-íosmhéid bia do na fuadaitheoirí. Ansin ar an 7 Deireadh Fómhair 1975 thug na fuadaitheoirí iad féin ar láimh do na gardaí agus scaoileadh saor an giall. Bhí Herrema tar éis sé lá is tríocha san iomlán a chaitheamh mar phríosúnach ag an mbeirt phoblachtach. Sular fhág siad an teach thug Gallagher piléar beag singil do Herrema - an piléar céanna a bhí ag Gallagher chun a ghiall a mharú. Choimeád Herrema an piléar sin mar chuimhneachán ar an tréimhse uafásach sin ina shaol.

Bhí na meáin go léir i láthair chun an scaoileadh saor a fheiceáil agus chun é a craobhscaoileadh ar fud na cruinne. Ghabh na gardaí Eddie Gallagher agus Marion Coyle agus coinníodh iad faoi choimeád. Tugadh Herrema chuig an ospidéal ar dtús agus ansin tugadh ar ais é chuig a theaghlach i Luimneach.

Ní raibh olc ar Herrema chuig na fuadaitheoirí. agus theastaigh uaidh bualadh leo ach in ainneoin tréaniarrachtaí a bhí déanta ag iriseoirí chun athchairdeas a dhéanamh eatarthu níor tharla sé mar ní raibh Gallagher nó Coyle toilteanach bualadh leis..

Bhásaigh Tiede Herrema ar an 24 Aibreán, seachtain tar éis bhás na mná chéile, Elisabeth.