Naíonraí Gaeilge: ‘Tá siad ar fad ag streachailt’

Rabhadh tugtha go mbeidh deireadh le Naíonraí Gaeilge ‘taobh istigh de chúig bliana’

Foclóir: Baol - danger; uileghabhálach - all-encompassing; tumoideachas - immersion education; tuarascáil bhliantúil - yearly report; easpa mhaoinithe - lack of funding; streachailt - struggling; contanam - continuum; go sciobtha - quickly; easpa feasachta - lack of awareness; ateangaire - interpreter; aistritheoir - translator; fóirdheontas - subsidy.

Tá baol an-mhór ann go mbeidh deireadh le Naíonraí Gaeilge taobh istigh de chúig bliana i ngeall ar éigeandáil uileghabhálach in earnáil luathoideachas na Gaeilge.

Sin a thug Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach Ghaeloideachas, le fios nuair a tuairiscíodh go mbeidh moill eile ar straitéis náisiúnta do naíonraí Gaeilge.

D’fhoilsigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an tríú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Fógraíodh fresin go bhfuil síneadh bliana le cur le saolré an phlean.

READ MORE

Cuireadh moill ar sheacht ghníomh sa phlean agus ina measc sin bhí earcú bheirt speisialtóir luathbhlianta mar thacaíocht ar fhorbairt an luathoideachais trí mheán na Gaeilge. Cé gur fostaíodh duine amháin tá an dara post fós le líonadh.

Ach dúirt ardfheidhmeannach Ghaeloideachas le Tuarascáil go bhfuil todhchaí an earnáil féin faoi bhagairt.

“Shílfeá go bhfuil ceapachán an dara duine seo chun na dúshláin ar fad a réiteach,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Níl iontu seo ach cuid bheag den scéal.”

Tá na naíonraí Gaeilge atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht i mbaol de bharr “easpa mhaoinithe, easpa phá agus easpa aitheantais,” a dúirt sí.

Cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus tá an t-ardfheidhmeannach ag éileamh straitéis chuimsitheach don luath-thumoideachas.

“Níl cothromaíocht ann ó thaobh cúrsaí pá. Tá na daoine atá ag obair sna naíonraí ag fágáil le poist a fháil sna Gaelscoileanna mar chúntóirí riachtanais speisialta mar go bhfuil an pá i bhfad níos airde [agus] mar go bhfuil siad ag fáil téarmaí oibre i bhfad níos fabhraí.” *

“I ndáiríre tá an Stát ag caitheamh go h-an dona leo mar dhaoine atá in earnáil atá thar a bheith tábhachtach.

“Tá tú ag caint faoi bhunchloch an oideachais agus an tumoideachais lán-Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Bhí comhdháil againn le déanaí agus an rud a tháinig ón urlár ná mura n-athraíonn rudaí go suntasach agus go sciobtha nach mbeidh ann do na naíonraí i gceann cúig bliana,” a dúirt sí.

“Tá siad ar fad ag streachailt. Ní féidir leo leanúint ar aghaidh leis na coinníollacha pá mar atá. Níl ag éirigh leo daoine a earcú nó daoine a choinneáil,” a dúirt sí.

Is minic costais sa bhreis bheith i gceist le seirbhís luathbhlianta a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ach ní chuirtear maoiniú breise ar fáil chuige sin ach an oiread.

“Tá níos mó oibre i gceist le seirbhís a rith trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Níl córas ann le cabhrú leo an fhorbairt ghairmiúil chuí a fháil trí mheán na Gaeilge nó tacaíochtaí a fháil atá in oiriúint don tumoideachas.”

Bhíodh scéim fhóirdheontas ann do na Naíonraí Gaelacha ach cuireadh deireadh leis roinnt mhaith blianta ó shin. Chuidigh an scéim sin leo daoine a earcú agus a choinneáil.

“Nuair a cuireadh deireadh leis sin bhí cúrsaí i bhfad níos laige,” a dúirt Ní Ghréacháin. Dúirt sí go bhfuil gá le scéim den chineál sin a thabhairt ar ais “go práinneach”.

“Tá muid ag caint faoi thábhacht an tumoideachais agus laistigh de sin tá tábhacht an luath-thumoideachais.

“Tá na blianta réamhscoile sin riachtanach ach ní dóigh liom go n-aithnítear an tábhacht a bhaineann leis an leanúnachas sa tumoideachas.”

Agus comhairliúchán poiblí ar oscailt don Pholasaí don Oideachas lán Ghaeilge tá Gaeloideachas ag súil cás na naíonraí a chur chun cinn. “Tá na luathbhlianta mar chuid den chontanam atá luaite i scóip an pholasaí. Beidh muid i mbun tréan stocaireachta agus achainí ar na ceisteanna seo ar fad.”

Comhairliúchán poiblí: gov.ie/POLG

* Soiléiriú: Go dtí le gairid ní raibh pá le fáil ag fostaithe naíonra ar uaireanta oibre neamhtheagmhála ach de réir Ordú Rialaithe Fostaíochta a cuireadh i bfheidhm ón 15 Meán Fómhair, 2022, tá oideóirí luathbhlianta i dteideal pá d’uaireanta oibre lena n-áirítear uaireanta teagmhála agus uaireanta neamhtheagmhála.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.