Pearsantacht agus leamhas

Is beag bainisteoir nó imreoir féin a déarfaidh aon rud le dealramh roimh nó tar éis cluiche.

An chuid againn a bhfuil an dúil mhallaithe againn i gcúrsaí spóirt (agus mo thrua Mhuire, Phádraig, Cholmcille, Lorcáin, Ghobnait agus Fhionnbharra iad siúd nach bhfuil) ní foláir dúinn cur suas le hagallaimh i ndiaidh na mbearta. Baineann an trua sin thuasluaite agus réamhráite leis an samhradh (mar a déarfá) atá romhainn amach maidir le cluichí comhdhlúite an Chumainn Lúthchleas Gael ina mbeidh an lá ag na gnáthamhrasáin, na cluichí saghas saor-ó-dhrugaí Oilimpeacha agus Corn Sacar na hEorpa Bige atá ar siúl faoi láthair.

Tá lucht cruicéid ann, gan amhras, ach is gá go mbeadh ciandearcáin agus teileascóip a dhíth d’fhonn a bhfuil ar siúl ar an machaire mór fairsing a fheiscint ina gcás siúd; tá muintir na liathróidí ubhchruthacha ag cneasú a gcuid créachta tar éis a mbuailte ag foirne is déine búirgéisí ná iad féin; agus ní ghabhann lucht gailf riamh isteach sna poill úd inar féidir dearmad glan a dhéanamh orthu.

Mo leithscéal! Chuas ar seachrán arís ar nós pheileadóirí Mhaigh Eo i gcluichí ceannais na hÉireann ó bhí Cúchulainn ina Shetanta; foireann chaide Chorcaí nuair a dhearmadann siad gur féidir leo buachan; agus iománaithe Loch Garman nuair atá an lá leo ach an oíche ag teacht. Bíonn siad i bhfad níos réamhthuartha ná cianfhaisnéis na haimsire mar agallaimh ionas gur dhóigh leat go bhféadfá gach a ndeireann siad a mheá sula dtiocfadh siolla as a bpus.

Má chuirtear an cheist roimh chluiche is é is dóichí ná go ndéarfar go bhfuil súil acu le ‘toradh’. I gcúrsaí sacair is nod é ‘toradh’ agus go mbeifí sásta le comhscór, náid a náid ab fhearr. B’ait riamh leat go mbeadh foireann ag imirt ar son comhscóir, agus chun a cheart a thabhairt do Bhrian Cody, bainisteoir nach mbeadh aon Chorcaíoch buíoch de, chuir sé roimhe go mbuafaí gach aon chluiche, mór is suarach, mar alt creidimh.

READ MORE

Is beag bainisteoir nó imreoir féin a déarfaidh aon rud le dealramh roimh nó tar éis cluiche. Tar éis sléacht na gcéadta cúilín déarfaidh duine go béalbhochtúil go raibh an t-ádh leo, gurbh éigean gur bhain siad, gur éirigh leo ‘dul thar an líne’ ar éigean. Níor thuigeas riamh cad í an líne sin ar éirigh le foireann dul thairsti. An ón rugbaí anoir a tháinig an nath, nó ón rásaíocht capall? Nó líne a tarraingíodh ar an ngaineamh? Nó an líne ar a gcrochtaí clúidíní sular tháinig ann do na cinn sho-chaite? Nó an líne drochfhilíochta féin í?

Nár bhinn leat dá ndéarfadh imreoir le mórtas nó le mustar féin?: ‘Bhuaileamar iad go cruinn mar is sinne is fearr! Táimid seacht sliabh slán níos oilte, níos sciliúla ná iad, níl iontu ach paca pilibíní.’ Nár bhinn leat go ndéarfadh siad rud éigin óna mbéal amach a bhainfeadh an gheit chéanna asat agus a bhain a gcuid imeartha ar an bpáirc cúpla nóiméad roimhe sin?

Anois, iompaímis ar a malairt.

Lúthchleasaithe na hÉireann sna cluichí Eorpacha a tionóladh sa Róimh le déanaí. Tá's againn gur éirigh thar barr leo, gur dhein siad na hoirc is na hairc, gur bhain siad na sméartha mullaigh anuas ó chriostal na gealaí. Ach nuair a cuireadh agallamh orthu níorbh aon reathaithe níos mó iad ach daoine a bhí lánbhródúil as a ngaisce, a thuig a bhfiúntas féin is nár cheil an mhóráil a bhí orthu gur dheineadar a ndearnadar ní hea amháin ar a son féin ach ar ár son uile go léir, idir riabhach, dhubh agus gheal in Éirinn gan roinnt.

Agus is iad a bhí ábalta ar labhairt! Ciara Mageean agus Rhasidat Adeleke go háirithe, ach bhí an uile dhuine díobh béal-líofa filechainteach solabhartha nathanta, leis, suas is anuas le mungailt agus le briotaireacht lucht caide.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar