Gníomh cogaidh

Tá nithe áirithe ann gurbh fhearr nach mbeadh aon eolas againn ina dtaobh.

Chuala mé iad. ‘Búm!’ ‘Búm!’ ‘Búm!’ ach ní raibh a fhios agam go baileach cad a bhí iontu. Bhíos ag an doirteal ag cur uisce isteach sa chiteal nuair a d’airíos an chéad cheann, sa seomra suite ag siúl na slí nuair a tharla an dara ceann, agus sa ghairdín cúil nuair a réab an tríú ceann ciúnas na spéire. Ní raibh tuairim agam san am cad a bhí ann, agus ráineodh gur shíl mé gur ar an teilifís féin a bhí, nó scairdeitleán ag sárú an fhuaimbhaic.

Níorbh fhada gur baineadh dár mearbhall sinn, áfach, nuair a fógraíodh gur phléasc trí bhuama mhóra i gceartlár Bhaile Átha Cliath, agus ceann eile ina dhiaidh sin i mbaile Mhuineacháin, agus gur de réir a chéile a nochtadh dúinn gur maraíodh 34 saoránach, agus iliomad eile ar lean gortú saoil agus créachtnuithe is leonta coirp iad ar lá úd an uafáis leathchéad bliain ó shin.

B’fhéidir go dtaibhseodh sé ábhairín suarach anois a bheith ag tabhairt airde faoi leith ar aon sléacht amháin seachas na sléachtanna eile go léir a tharla le linn leá mall stát thuaisceart Éireann ó 60í na haoise seo caite i leith. Ach bhí dhá rud shuaitheantasacha ag baint le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ar fiú iad a chur sa mheá.

Ar an gcéad dul amach, b’é an t-ár ba mhó é d’aon ár ar bith le linn ‘na dtrioblóidí’ mar a thugaimid go deas sibhialta, mar dhea, orthu. Is dona linn aon chomparáid mar seo, ach má mharaítear aon duine amháin, agus ansin má mharaítear beirt, tá sé ciallmhar a mheas go raibh an dara himeacht a dhá oiread níos measa ná an chéad cheann.

READ MORE

Ar an dara dul síos, is ródhócha go raibh baint nár bheag ag an mBreatain, is é sin ag stát na Breataine le dúnmharú ghnáthdhaoine de chuid ardchathair na hÉireann ar a gcuid sráideanna féin. Gníomh cogaidh, a déarfá, más fíor. Ní féidir é seo a chruthú thar amhras anonn, cé go bhfuil Iain Livingstone atá i mbun fiosrúchán Denton faoi láthair, admhálach go raibh comhoibriú idir an UVF agus fórsaí níos dorcha lasnairde. Ní móide go mbeifear in ann méid agus fairsinge an chlaonpháirteachais sin a ríomhadh go beacht a choíche ná go brách. Mura bhfuil an cháipéisíocht a bhaineann leis slogtha ag an stiallaire, beidh sí ite ag na leamhain agus ag na cnuimheanna faoin am a ligfear dó solas fann na gealaí a fheiceáil.

Níor dhein paraimíleataigh na ndílseoirí ná buíonta sceimhle lucht páirte na nOráisteach aon eachtra mhór bharbartha gan chuimilt éigin a bheith acu le slis éigin d’fhórsaí ‘slándála’ na banríochta thall.

Sa tsraithdhráma reatha teilifíse ‘Blue Lights’ ar an mBBC ó thuaidh a bhaineann le heachtraí agus le pearsana de chuid an PSNI tá radharc ina bhfuil dlíodóir ag taighdeadh maidir le sléacht éigin a dhein buíon dílseoirí ar a naimhde na blianta roimhe sin agus atá anois réidh le nochtadh. Nuair atá sí ag teacht níos gaire do chnámh gharbh na fírinne comhairlítear di go lom go gcaithfidh sí staonadh: ‘Tá nithe áirithe ann,’ a deir a maor póilíneach léi ‘gurbh fhearr nach mbeadh aon eolas agat ina dtaobh.’

Tá nithe áirithe ann gurbh fhearr nach mbeadh aon eolas againn ina dtaobh. Sin agat é.

Níor oir sé do chomhrialtas úd 1974 (an rialtas ba lofa a bhí riamh ag an stát) agus ní oireann fós do rialtas na Breataine, nó dár rialtas reatha féin in ainneoin na bhfocal milse sleamhaine, go bhfionnfaí ná go nochtfaí an fhírinne. Cén airde a shroich an phleanáil thall is an fhorcheilt abhus? Leanfar de bheith ag fiafraí ‘Cén fáth sin?’

Cén fáth sin? N’fheadraís? Aon tuairim agat féin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar