La Retirada agus iarsmaí Ionsaí na Catalóine

Bhí muintir Eric Cantona i measc na dteifeach a d’éalaigh chun na Fraince tar éis titim na Catalóine

Foclóir: lucht rachmais – wealthy people; leacht cuimhneacháin – memorial monument; inscríbhinn – inscription; Ionsaí na Catalóine - The Catalonia Offensive; Deoraíocht agus Díbirt – Exile and Banishment; ae – liver; campa géibhinn – internment camp; imtheorannú – internment; scáthlán garbh – rough shelter; saghas brónach – bittersweet.

Gach bliain, ar feadh fiche bliain théadh mo bhean chéile agus mé féin ar laethanta saoire an tsamhraidh i St Cyprien i ndeisceart na Fraince. Is álainn an áit í agus í suite ar chósta na farraige cóngarach do theorainn na Spáinne.

Ba bhreá linn, tiomáint ó dheas chuig Argelès-sur-Mer chun dul ar shiúlóid cois cladaigh. Le linn an tsamhraidh bíonn an promanáid atá ansin agus an trá chomh maith plódaithe le teaghlaigh, turasóirí, agus muintir na háite, iad ag spraoi, ag snámh nó ag déanamh bolg le gréin.

Eachtraí eile ar fad a bhí ag tarlú ar an trá chéanna tuairim’s ochtó cúig bliain ó shin. Bhí fir, mná agus páistí ar an trá, ach ba mhór idir iad agus fámairí an lae inniu. An tráth úd ní raibh na créatúir bhochta ag baint sult as an saol, ná baol air.

READ MORE

Ag deireadh na promanáide tá roschoill ghiúise agus i lár na coille tá leacht mór dubh cuimhneacháin atá deartha go simplí. Go hiondúil bíonn sé maisithe le crobhaing bláthanna agus le bratacha buí agus dearga na Catalóine. Ar an leacht tá an inscríbhinn seo leanas: ‘Ar an Lá Náisiúnta i ndilchuimhne ar an Deoraíocht agus Díbirt, cuimhníonn Rialtas na Catalóine orthusan a bhí tiomanta do shaoirse agus daonlathas na Spáinne in 1936-1939.’

Ba é an leacht a spreag m’fhiosracht faoin tragóid a tharla anseo sa bhliain 1939 de bharr na Díbeartha nuair a ruaigeadh fórsaí a throid in aghaidh an Ghinearáil Franco chun na Fraince théis gur buaileadh go trom iad in Ionsaí na Catalóine.

Tógadh an leacht cuimhneacháin mar chomhartha ómóis do na Poblachtaigh a sheas an fód in aghaidh Franco agus a fhaisistithe barbartha ag deireadh an Chogaidh Chathartha sa Spáinn. B’éigean do na céadta míle duine acu teitheadh thar Shléibhte na bPiréiní ón Spáinn go dtí an Fhrainc. Tugadh La Retirada nó An Cúlú air.

D’fheicimis grúpa beag Spáinneach bailithe timpeall an leachta gach bliain ar an lá náisiúnta, iad ag comóradh na mílte Spáinneach a theith ón Spáinn ag deireadh an chogaidh agus a choimeád údaráis na Fraince i gcampaí géibhinn ar an trá in aice láimhe.

Ar chlár fógraí taobh leis an leacht, tá cur síos ar stair na gcampaí géibhinn mar aon le grianghraif dhonnrua ina bhfuil gasra teifeach, iad gléasta in éadaí gioblacha. Níl iontu ach na cnámha agus iad ag stánadh ar an gceamara trí shúile atá báite ina gcinn.

Osclaíodh an campa in Argelès-sur-Mer i dtús 1939 chun roinnt de na teifigh ón Spáinn a imtheorannú tar éis titim na Catalóine.

Faoi shamhradh 1939 bhí níos mó ná 100,000 teifeach imithe tríd an gcampa. Tháinig na teifigh idir fhir, mhná agus pháistí de shiúl na gcos thar na sléibhte chuig Argelès-sur-Mer gan acu ach an t-éadach a bhí á gcaitheamh acu.

Níor chaith údaráis na Fraince sna bailte go maith leo, áfach. Cuireadh i gcampaí géibhinn iad amhail beithígh sa dóigh go raibh na fir, mná agus páistí cúbtha le chéile gan dídean. Chaitheadh oifigigh Fhrancacha bia thar an gclaí isteach chucu.

Chodlaídís ar an ngaineamh i scáthláin gharbha nó i bpoill sa ghaineamh a thochail na príosúnaigh féin. Ní raibh leithris, ná uisce reatha acu. Chónaigh suas le 50 náisiúnach coigríche le cois a chéile taobh thiar de sconsa de shreanga deilgneacha.

Mar bharr ar an donas, níor tugadh aon soláthairtí do na dochtúirí poblachtacha a bhí ann le go mbeadh siad in ann cóir leighis a chur ar dhaoine breoite.

Dá bhrí sin, scaip galair go forleathan agus fuair daoine bás de dheasca hipiteirme, galair éagsúla nó éadóchais. Bhí ráta báis na naíonán an-ard. Ba radharc coitianta é corpáin charntha a bheith fágtha amuigh faoin aer anseo agus ansiúd sa gcampa.

I measc na dteifeach bhí Pedro Raurich agus Paquita Farnos a seantuismitheoirí ar thaobh a mháthar ag Eric Cantona an peileadóir agus aisteoir iomráiteach Francach.

Ba Phoblachtaigh Spáinneacha iad agus throid Pedro in aghaidh fhórsaí Franco. Le linn na troda d’fhulaing sé gortú tromchúiseach dá ae.

Chaith siad bliain sa champa sula ndeachaigh siad go Marseille áit ar chuir siad fúthu. Ba ghúnadóir Eleanor Raurich, máthair Eric agus ba phéintéir agus altra é Albert Cantona, a athair.

Rugadh Eric in 1966 i Marseille. Bhí a theaghlach bocht agus ar feadh tréimhse bhí cónaí orthu i bpluais sna cnoic taobh amuigh de Marseille. Bhain sé clú agus cáil amach mar imreoir den scoth de chuid Manchester United sna 1990idí.

Fear mór láidir ba ea é a bhí díograiseach, sciliúil agus cruthaitheach ar pháirc na himeartha agus scóráil sé roinnt cúl fíorthábhachtach dá chlub.

In Old Trafford in 1994, chonaic mé féin is mo mhac é ag imirt in aghaidh Manchester City agus bóna a gheansaí casta aníos aige – nós aitheanta leis.

Scóráil sé dhá chúl ghleoite an lá sin.

Tugadh cuireadh do Eric Cantona staid pheile nua Chumann Sacair Argelès-sur-Mer a oscailt go hoifigiúil in 2019. Is ar imeall an bhaile faoi scáth na Sléibhte Les Alberes i mbunchnoic Shléibhte na bPiréiní atá an pháirc pheile phictiúrtha seo suite.

Thug mé cuairt ar an staid cúpla bliain ó shin. Shiúil mé ar an bhfód ann agus tugadh cead isteach sa chlubtheach dom. Tá balla amháin maisithe le cuimhneacháin Chantona.

Orthu sin tá blúirí beaga eolais faoin imreoir, go leor grianghraf de agus an geansaí cáiliúil uimhir a 7 i gcás gloine san áit is feiceálaí ar an mballa.

Ba mhór an onóir dó agus dá shinsear, a mhaireann, gur iarraidh air an staid a oscailt agus gur i gcuimhne air a ceapadh a ainm.

Ach measaim go raibh an ócáid saghas brónach freisin. Mar nuair a bhí gártha molta an tslua ina dtost, croitheadh na lámh déanta agus na céadta grianghraf agus féinphiceanna glactha ag a leantóirí, samhlaím nach raibh na droch-chuimhní ar a sheantuistí agus na teifigh curtha as a cheann.

Agus é ag fágáil Stade Eric Cantona, ar chaith sé súil ar na sléibhte ó dheas? Ní fheadar ar shamhlaigh sé a sheantuismitheoirí agus na mílte teifeach cogaidh ag éalú ó réimeas brúidiúil Franco chun tearmann a fháil sa Fhrainc.

Ach in áit faoisimh, ní raibh rompu ach doicheall forleathan agus cruatan. Caithfidh gur ghoin sé go croí é an tslí uafásach chruálach inar chaith údaráis na háite leo.

Plus ça change, plus c’est la même chose.