Ba gheall le bheith ag Oireachtas é freastal ar Éigse na Bruiséile ar an 13-15 Bealtaine 2022 – léachtaí agus seoltaí leabhar, seisiúin cheoil i measc sluaite, agus Gaeilge bhlasta á labhairt ag cách. Ach ní cóisir ar mhaithe le cóisir amháin a bhí ar siúl, ach ceiliúradh freisin ar theacht in aois na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach, ar comhchéim leis na 23 theanga oifigiúla eile. Faoi dheireadh, bhí aitheantas tugtha don chaipiteal teanga Gaeilge a bhí sealbhaithe ag daoine ó dhúchas nó ón scolaíocht. Agus ar scála níos leithne, an bheocht agus an chruthaitheacht a bhí le sonrú le linn na hÉigse, ba scáthán iad ar shaol úr forásach phobal na Gaeilge i gcoitinne, in Éirinn féin agus thar lear.
Thairg an Comhphobal Eorpach lánstádas don Ghaeilge le linn na hidirbheartaíochta sa bhliain 1970, ach dhiúltaigh Rialtas na hÉireann glacadh leis. D’fhill toscaireacht an Chomhphobail le comhréiteach a d’ainmneodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre, ach go gcuirfí maolú i bhfeidhm a laghdódh méid na reachtaíochta a chaithfí a aistriú. Dhiúltaigh an Rialtas dó sin freisin. Sa deireadh, géilleadh do mholadh na hÉireann nach n‑ainmneofaí an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre, agus nach ndéanfaí ach na Conarthaí a aistriú. Dá dheasca sin, ní raibh an Ghaeilge ar liosta na dteangacha oifigiúla sa Chonradh Aontachais a shínigh an Rialtas, cé gur mhaigh an Rialtas níos déanaí, ina Pháipéar Bán roimh reifreann faoi bhallraíocht, go raibh an Ghaeilge á haithint mar theanga oifigiúil, ráiteas a bhí bréagach ina chomhthéacs agus míthreorach.
Tháinig an crú ar an tairne ag deireadh na bliana 1972 nuair a fógraíodh líon mór postanna sa Chomhphobal d’Éireannaigh, ach go gcaithfeadh iarrthóirí Béarla agus teanga amháin oifigiúil eile a bheith acu – Danmhairgis, Fraincis, Ollainnis, Gearmáinis, nó Iodáilis. Nuair a rinneadh gearán leis an gComhphobal faoin nGaeilge a bheith in easnamh, fuarthas freagra gonta cruinn gurbh é sin an socrú a bhí iarrtha ag Éirinn le linn na hidirbheartaíochta, agus curtha i bhfeidhm leis an gConradh Aontachais.
Sa bhliain 2005, mar thoradh ar fheachtas ón mbun aníos agus ón mbarr anuas, ainmníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach, le maolú a laghdódh méid an aistriúcháin. Tháinig an stádas sin i bhfeidhm ag tús 2007, 37 mbliana i ndiaidh an socrú céanna a bheith tairgthe agus diúltaithe. Agus sa bhliain 2015, tar éis tuilleadh idirbheartaíochta, aontaíodh go gcuirfí deireadh leis an maolú ar bhonn céimnithe, agus go mbeadh lánstádas ag an nGaeilge ón gcéad lá d’Eanáir, 2022.
D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le líon foirne a mhéadú in achar gairid, d’éirigh le Seirbhísí Gaeilge an Aontais foireann iomlán a chur le chéile in am do thús na bliana 2022. D’éirigh thar barr leo sa chéad bhliain sin den chomhstádas, agus an obair chéanna á láimhseáil acu agus a rinne na seirbhísí teanga eile. Mar ghné den neartú foirne, bhunaigh an Coimisiún fo-aonad aistriúcháin ar an nGráinseach i gContae na Mí. Thart ar 180 duine ar fad atá ag obair leis na Seirbhísí Gaeilge. Aistritheoirí is ea a bhformhór, ach freisin tá cúntóirí ann, profléitheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe, agus bainisteoirí. Tá a bhformhór ag obair sa Bhruiséil, agus thart ar 70 i Lucsamburg agus 12 i gContae na Mí.
Tá córas teanga an AE dírithe ar chumarsáid le saoránaigh. Cuirtear faisnéis faoi réimse leathan ábhar in iúl do shaoránaigh i dteanga a thuigeann siad. Pléann suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa, mar shampla, le saincheisteanna sóisialta, polaitiúla, reachtúla, slándála agus comhshaoil, le scéalta nuachta agus físeáin suas chun dáta, trí mheán na Gaeilge – acmhainn luachmhar do dhaltaí meánscoile agus ollscoile. Freagraítear comhfhreagras i dteanga an chomhfhreagrais. Glactar le reachtaíocht i ngach ceann de na teangacha oifigiúla: mar thoradh air sin, bíonn sé níos éasca ag an Rialtas treoracha ón AE a thrasuí sa dlí Éireannach ar bhealach a léiríonn meas ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, mar go dtagann na treoracha sin chugainn i leaganacha Gaeilge agus Béarla.
Ó ainmníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den AE sa bhliain 2005, tá réabhlóid tarlaithe i gcás na teanga féin. Ní hamháin gur ardaíodh a stádas náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus gur aithníodh í mar theanga amháin den dá theanga atá riachtanach chun post d’aon chineál leis an AE a fháil, ach chuir an stádas nua go mór le féidearthachtaí na teanga féin, agus lena cumas, mar theanga chomhaimseartha Eorpach, dul i ngleic le saincheisteanna casta. Cuireadh cúrsaí nua aistriúcháin agus ateangaireachta ar bun. Tharla forbairtí éachtacha i gcúrsaí téarmaíochta, go háirithe mar thoradh ar an tionscadal GA/IATE, faoi stiúir Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil CBÁC, i gcomhar leis an AE, agus á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann. Faoi lár 2021, bhí breis is 70 míle iontráil soláthraithe don bhunachar Eorpach. Tá ailíniú déanta ar théacsanna reachtúla mar thoradh ar chomhoibriú idir Éire agus an Coimisiún. Agus le blianta beaga anuas, tá inneall meaisínaistriúcháin Gaeilge á fhorbairt mar chuid de chóras eTranslation an Choimisiúin. Leis an gcóras sin, is féidir doiciméad a aistriú go huathoibríoch ó aon cheann de na 24 theanga oifigiúla go haon cheann eile, an Ghaeilge san áireamh. Tá breis is 9 milliún mír Ghaeilge ar fáil sa chóras. Beidh gá i gcónaí le haistritheoirí, ach tá suaitheadh an nua buailte linn sna cúrsaí seo.
Trí chéile, is scéal dearfach atá le hinsint againn maidir le stádas na Gaeilge agus 50 bliain de rannpháirtíocht san Aontas Eorpach á cheiliúradh againn.
*Is socheolaí é an Dr Ó Laighin. Foilsíodh an leabhar is déanaí uaidh, Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht, sa bhliain 2022.