Ní fhéadfaí a rá fútsa, an méid
 adúirt Rilke, de réir McDiarmaid,
 faoin mbean i meán a laethe
 a thug isteach áilleacht a gné
 mar a bheadh bratacha daite
 an mhaidin tréis na féile.
Tréis na mbriatharchath go léir,
 tá do bhratacha ag foluain i gcónaí
 ar chuaillí crochta sa ghaoth
 os cionn na bhfoirgintí dóite.
 Níor athraigh siad riamh a ndath;
 is lú ná san fós má thréig.
Flags
It could never be said of you
 what Rilke said, according to Hugh
 McDiarmaid, about the woman
 in her middle years who took
 in her looks like flags
 the morning after the carnival.
After all our civil wars,
 your flags fly at full mast
 in the wind, high above
 the burning buildings.
 They never changed colour,
 nor once faded or fled.
Louis de Paor’s latest collections are The Brindled Cat and the Nightingale’s Tongue (Bloodaxe 2014) and Gra Fiar (Coisceim 2016)









    