Mícheart

CROBHINGNE: AN mBRAITHEANN tú saoirse iontach na laethanta seo? Saoirse ar nós an té a chaitheann na maidí croise uaidh, nó …

CROBHINGNE:AN mBRAITHEANN tú saoirse iontach na laethanta seo? Saoirse ar nós an té a chaitheann na maidí croise uaidh, nó ar féidir leis snámh gan crios sábhála, nó a fhágann tearmann a thuismitheoirí don chéad uair, nó a thuigeann teanga iasachta gan idirghabhálaí?

Mar seo é an fearann gan léarscáileanna, an long ar muir gan chompás, an turas gan treoirsistéam led stiúradh. Ní tada é Zaratustra ag teacht anuas ó na sléibhte ag fógairt go raibh Dia marbh suas is anuas le cor an lae inniu.

Mar is amhlaidh gur tháinig siad go léir, is gur labhair siad, is go raibh siad go léir mícheart.

Bhí na polaiteoirí mícheart, gan amhras. Bhí na heacnamaithe mícheart, go háirithe. Go háirithe bhí na heacnamaithe mícheart. Bhí Charlie McCreevy mícheart, aon uair amháin. Na saineolaithe go léir bhí siad mícheart. Bhí na baincéirí mícheart. Níor mícheart go dtí na baincéirí. Bhí mícheart na mbaincéirí chomh dearg le róbaí striapach na Babalóine, ach dhein siad níos mó airgid. Bhí Charlie McCreevy mícheart, uair amháin eile. Bhí na húsairí mícheart. Bhí na ranna eacnamaíochta sna hollscoileanna mícheart. Bhí na tógálaithe mícheart agus a fhios sin acu siar go dtí an bríce deiridh. Bhí forlíonta sealúchais na nuachtán mícheart agus mímhorálta. Bhí na tráchtairí polaitiúla mícheart, mar a bhíonn. Bhí na stocbhróicéirí mícheart, agus na brocairí brocacha ina dteannta. Bhí puball ráiseanna na Gaillimhe mícheart, agus na cúldoirse go léir. Bhí Charlie McCreevy mícheart arís eile. Bhí na caipitlithe go léir mícheart, agus a gcuid airgid lofa. Bhí na comhairleoirí airgid mícheart, agus an chomhairle amú a thug siad. Bhí fealsúnacht an mhargaidh mícheart, agus níor cheartaigh an margadh a cheartaíonn gach aon rud a héagóir. Bhí Ronald Reagan agus Margaret Thatcher mícheart, ach bhí a fhios sin riamh againn. Bhí mícheart a mícheart níos míchirte ná gach ceap. Bhí tictancanna gach rialtais mícheart siar amach. Bhí Charlie McCreevy mícheart arís, mar a bhí sé riamh. Bhí Mary Harney mícheart ina theannta. Bhí seirbhísí idirnáisiúnta airgeadais na tíre mícheart. Bhí vúdú na cabaireachta eacnamaíochta mícheart, agus gan aon íobairt fola circe le déanamh ar son a shábhála. Bhí gach saineolaí dá raibh riamh ann go deargbhotúnach mícheart maidir le gach dá raibh ar siúl, agus maidir le gach a bhfuil le déanamh.

READ MORE

Ní thugann an méid sin mórán dóchais domsa ná duitse. Pé rud is saineolas ann, ní bhaineann sé leis an saol poiblí. Sa chás is go mbeadh sé de mhí-ádh ort dul faoi scian, ba dhóigh leat gur cheart go mbeadh a fhios ag an máinlia cá luíonn d’ae nó do dhubhán nó do chroí féin féinig.

Nuair a ghabhann tú thar dhroichead, tá dóchas éigin agat go bhfuil bunprhionsabail na hinnealltóireachta faoi do chosa. Nuair is ar eitleán atá tú, tá brath agat go bhfuil tuiscint éigin ag an bpíolóta ar scileanna na heitleoireachta, pé rud mar gheall ar theastas a bheith aige um dhara dlí na teirnidinimice.

Tá an chuma ar na healaíona sin gurb eolaíochtaí iad. Tá an chuma ar na heolaíochtaí daonna gurb ealaíona iad. Is é sin le rá, go bhfuil siad i dtaobh le meancóga uile an duine, agus gurb iad meancóga an duine a mbuaic. Is é gnó na n-ealaíon ábhar a chur ar fail nach féidir aon deimhne a bheith leis. I seomra dorcha an tsaoil is í an aimsir fháistineach an rud is fusa tuar a dhéanamh ina thaobh, ach an gnó is casta ar fad aon chruinneas a bheith agat ina thimpeall.

Muna bhfuil aon eolas romhainn chomh díreach le mótarbhealach, cad is féidir linn a dhéanamh? Is féidir i gcónaí ceacht a fháisceadh as an aimsir chaite, as ar fhulaing ár muintir romhainn. Bhí tráth ann nuair a bhí Dia ar neamh agus gach aon ní huncaí deoraí. Is fearr é sin ná an saol atá inniu ann nuair atá gach rud deoncaí húraí.

Sa seanshaol, dhéantaí míorúiltí agus is mó sin duine agus pobal a tháinig slán dá mbarr. Déanaim amach go bhfuilimid i ngátar roinnt mhíorúiltí d’fhonn teacht slán, mar níl plean ar bith eile is fearr ná é ag complacht uile na saineolaithe nach bhfuil fasc acu.

Sna meánaoiseanna bhí fiacail Fhiachra Naofa ábalta ar an drochsúil a chur siar agus fiar, agus ní léir dom cúis ar bith nach bhféadfaí leas a bhaint aisti arís.

Agus dá éamais sin, bhí forchraiceann Fhursa Fraoich a chuimiltí de chuaille an stocmhargaidh ar son go nochtfadh rath, mura nochtfadh rud ar bith eile. Cad mar gheall ar na miorúiltí a thálfadh Breandán agus Wulfwulf agus Wóbegun ach glaoch orthu? Hé!

An bhfuil plean ar bith eile agat?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar