Na PDanna is túisce lena bpolasaí Gaeilge

Tuarascáil : Agus an t-olltoghchán fógartha, ba iad an Páirtí Daonlathach an chéad pháirtí polaitíochta lena bhforógra a sheoladh…

Tuarascáil: Agus an t-olltoghchán fógartha, ba iad an Páirtí Daonlathach an chéad pháirtí polaitíochta lena bhforógra a sheoladh. Tá rannóg dhátheangach sa cháipéis a phléann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Scríobhann na PDanna go bhfuil siad ar son an Ghaeilge a fhorbairt agus a chosaint agus go bhfuil tábhacht ar leith leis an teanga do mhuintir agus do chultúr na hÉireann.

Deir na PDanna go seasfaidh siad leis an stádas atá ag an Ghaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe an Stáit. Cuirfidh siad Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán agus spreagfaidh siad pobal na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge taobh amuigh di leis an teanga "a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge." Tabharfaidh siad tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, tá an páirtí i bhfábhar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ón bhunscoil go dtí an Ardteistiméireacht: "Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal..."

READ MORE

Geallann siad infheistíocht a dhéanamh i soláthar téacsleabhar, i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí agus i modhanna nuálacha teagaisc. Beidh rogha ag tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge agus tabharfar tacaíocht do Ghaelscoileanna ar leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Tacaíonn na PDanna le seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge; go dtabharfaidh siad tacaíocht don earnáil dheonach Ghaeilge agus go leanfar d'obair an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta "agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth ... chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht."

• Leanfaidh an colún seo le heolas ar pholasaithe Gaeilge agus Gaeltachta na bpáirtithe a fhoilsiú de réir mar a thagann siad chugainn.

Léann Cambridge

Is fada an lá ó chuir na Rómhánaigh an ruaig ar na Ceiltigh ó oirdheisceart Shasana ach ag ócáid speisialta in Ollscoil Cambridge anocht cloisfear Gaeilge á labhairt, ceol Gaeilge á sheinm agus filíocht Ghaeilge á reic, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Beidh an ócáid ann chun láinseáil oifigiúil a dhéanamh ar ranganna Gaeilge atá ar siúl sa choláiste ó mhí na Samhna agus chun ionad léann na Gaeilge san ollscoil a cheiliúradh. Breis agus bliain ó shin, d'fhógair an tAire Éamon Ó Cuív bunú Chiste na Gaeilge chun cuidiú le hollscoileanna thar lear an Ghaeilge a theagasc.

Dúirt Máire Ní Mhaonaigh, a mhúineann litríocht na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge sa roinn i gCambridge - ar a dtugtar Department of Anglo-Saxon, Norse and Celtic - gur chuir an deontas trí bliana a fuair an roinn ó Chiste na Gaeilge ar a gcumas léachtóir Nua-Ghaeilge páirtaimseartha a fhostú. Is í Dr Kaarina Hollo, a mhúin an Ghaeilge i Harvard agus in Albain roimhe, an léachtóir.

Tá ranganna ar thrí leibhéal ar fáil: tosnaitheoirí; daoine a bhfuil méid áirithe Gaeilge acu cheana féin agus daoine le roinnt mhaith Gaeilge a dteastaíonn uathu snas a chur uirthi. Meascán daoine atá ag freastal orthu: Éireannaigh i gCambridge atá ag déanamh staidéir ar ábhair dhifriúla; mic léinn de bhunadh Éireannach; mic léinn a bhfuil suim acu i dteangacha; mic léinn a bhfuil roinnt Sean-Ghaeilge acu cheana féin.

Tá Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge á múineadh sa Roinn Anglo-Saxon, Norse and Celtic le fada an lá, chomh maith le stair na hÉireann sa luathré. Ina theannta sin, tá grúpa ar a dtugtar "The Cambridge Group for Irish Studies", a mbíonn seimineáir á reáchtáil acu go rialta i gcaitheamh na bliana ar gach gné de shaol, chultúr agus pholaitíocht na hÉireann, idir shean agus nua.

Is ar Magdalene College i gCambridge a d'fhreastail Charles Stewart Parnell. Bronnann an coláiste sin comhaltacht ar scoláire sinsearach amháin in aghaidh na bliana chun deis a thabhairt dó nó di tréimhse a chaitheamh i gCambridge chun taighde a dhéanamh. Is ag Angela Bourke, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhfuil clú uirthi mar scríbhneoir i nGaeilge agus i mBéarla, atá an chomhaltacht i mbliana.

Is é Ambassadóir na hÉireann sa Bhreatain, an tUasal Dáithí Ó Ceallaigh, a bheidh mar aoichaointeoir ag an ócáid anocht, agus léifidh Louis de Paor cuid dá shaothar filíochta agus beidh ceol á sheinnt ag Josie Nugent, Co an Chláir.

Taisce scéalta

Tá borradh faoi ábhar léitheoireachta do dhaoine fásta le roinnt blianta agus cuirfidh an leabhar seo, Taisce Focal: Scéaltaí Beaga do Dhaoine Móra (Ultach, £10), go mór leis an rogha sin.

Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy, beirt fhostaí de chuid an Iontaobhais ULTACH i mBéal Feirste, a scríobh na scéalta agus é mar chuspóir acu Gaeilge nádúrtha shaibhir na Gaeltachta a chur ar fáil.

Gné shuntasach amháin den leabhar gur canúint Dhún na nGall atá i gceist. Níor éalaigh lucht na Gaeilge riamh (nó ariamh) ó cheist na canúna ach níor cheart go gcuirfeadh an chanúint léitheoir ar bith ó dhoras; is beag duine nach gcuirfidh lena fhoclóir ach na scéalta seo a léamh.

Tá na scéalta féin bunaithe ar eachtraí an lae - babaí nua sa teach; ag obair in oifig; saoire; cuairt ar an fhiaclóir; seal in otharlann. Tá gluais ag bun gach leathanaigh le focail a mhíniú agus dhá dhlúthdhiosca ar a léann cainteoirí dúchais as Rann na Feirste, Co Dhún na nGall, na scéalta, rud a chuireann le fiúntas an leabhair.

Cuireann na húdair na heachtraí i láthair ar bhealach soléite agus tá saibhreas ag baint leis an Ghaeilge: bíonn daoine "ar uibheacha" in áit bheith "neirbhíseach"; bíonn siad "dubh san aghaidh" agus ní "dubh dóite" agus bíonn "coinnle ar a súile" san áit a mbíonn daoine eile "feargach".

Thairis sin ar fad, tosaíonn na húdair abairtí le briathra simplí agus bíonn na habairtí céanna deas gonta. Leabhar thar a bheith áisiúil nó "iontach sásta" más fearr leat.

acmhainnresources - borradhexpansion - deontasgrant forógramanifesto - infheistíochtinvestment - taiscestore

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times