Saineolas

CROBHINGNE: IS FÍOR gur éirigh linn duine a chur ar dhromchla na gealaí, ach b’shin tamall de bhlianta ó shin

CROBHINGNE:IS FÍOR gur éirigh linn duine a chur ar dhromchla na gealaí, ach b'shin tamall de bhlianta ó shin. Is fíor, leis, go bhfuil dul chun cinn thar a bheith forásach tagtha ar chineálacha áirithe leighis agus tréadliachta.

Tógtar droichid thar aibhneacha anois nach bhféadfadh Caesar ná an Ginearál Patton a thrasnú go brách. Tá staidiamaí gliaidireachta againn atá beagán níos fearr ná an Colloseum, bíodh nach gcuirtear oiread daoine chun báis iontu níos mó, ar mhí-ámharaí an tsaoil airgid. Is beag duine a shéanfadh go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta againn mar chine dhaoine ó shiúlamar amach as an Afraic inár ndaoine gorma timpeall ar ochtó míle bliain ó shin.

Mar sin féin, ní bheimis go mór ar mearbhall dá dtiocfadh tochas cinn orainn maidir leis an dul chun cinn seo i réimsí eile. Ní léir go bhfuil lucht cinedhíothuithe an lae inniu aon phioc níos séimhe ná lucht cinedhíothuithe na mílte bliain ó shin, ach amháin go bhfuil siad gach pioc chomh daonna. Agus maidir leis an aimsir fháistineach a thuar, tá chomh maith againn a bheith i dtaoibh le horacail is le duillí tae is a bheith ag brath ar astra-eolaithe eacnamaíochta.

Cé nár dhein botún? Bhí saineolaithe gan chrích ag George W. Bush (an cuimhin libh fós é?) agus bhí siad chomh deimhnitheach ina dtuairim is atá sú ar chleith ailpín. Shocraigh siad ionsaí a dhéanamh ar thír nárbh eol dóibh cá raibh sí, agus tá cách ag fulaingt ó shin – seachas na céadta mílte a cuireadh chun báis. Ní gá áireamh a dhéanamh ar na tubaistí móra míleata arb iad stair na cogaíochta riamh anall iad, na leoin chróga gan mheabhair á stiúradh ag asail ba lú meabhair ná iad.

READ MORE

Le déanaí aimsire mura raibh gach eacnamaí chomh botúnach le tuaiplis, bhí a bhformhór. Mar a chéile na forais airgid agus na tuairimthancanna a réab tríd an tuiscint choiteann a d’fhoghlaim daoine ar an mbunscoil. Muran féidir leat do shúil a chur thar do chuid, ní féidir leat do chuid iasachtaí a chur thar d’acmhainn ach an oiread. Iad siúd a raibh an saineolas ar fad acu ina bpóca ní raibh sé acu os a gcomhair amach. Cad is fiú saineolas, mar sin, muran eolasaí é ná eolas ar bith eile?

Tá triail amháin ar féidir í a chur ar lucht saineolas a mhaíomh. Is í triail Ezra Pound maidir leis an bhfilíocht í. D’fhiafraigh sé go lom dá mbeadh eolas uait ar ghluaisteán an rachfá go dtí duine éigin a raibh gluaisteán déanta agus tiomáinte aige, nó go dtí duine a chuala mar gheall ar a leithéid is a chonaic ag dul thar braid é. B’é a bhí á mhaíomh aige ná gur chóir triail ar an bhfile maidir le heolas a chur ar an bhfilíocht agus mar sin de suas nó síos.

A dhálta céanna ag gach saineolas eile é. Ní de thimpist a iarrann na cláir spóirt ar sheanghaiscígh a gcuid tuairimí a roinnt linn ar raidió, ar theilifís, is i gcló. Feiceann siad nithe nach bhfeiceann an fear ar an gclaí, ar nós mar a fheiceann an feirmeoir go bhfuil ocht n-úth ar bhó. Is iad is géarchúisí agus is údarásaí dá réir. Is í an triail is fusa amuigh, ná ‘cén t-údarás atá ag an duine sin?’ Ní iarrfadh aon duine comhairle ar dhuine bancbhriste maidir le hineistiú airgid de. Cén duine a chuirfeadh muinín sa drochmhúinteoir maidir le hoideachas de? Cad fáth a gcuirfeadh mac léinn a iontaoibh san léachtóir ollscoile atá bréan bailithe tinn tuirseach dá chuid oibre, agus nár léigh leabhar le deich mbliana? Cén mhaith scéalaí nach bhfuil scéal le hinsint aige? Nach seachnófaí an dochtúir a bhfaigheann a chuid othar agus plandaí bás?

Is iad na heolaíochtaí boga baotha is fearr a tharraingíonn dallóg na dallamullóige. Mura bhfuil síceolaí níos gaoismhire agus níos tuisceanaí agus níos géire ná an gnáthdhuine, cad is fiú a chuid francach go léir? An focal é ‘gaois’ a luaitear le tuiscint na meabhrach a thuilleadh? An bhfuil síceolaithe níos fearr i riaradh a saoil phearsanta ná an fear ar an gcnoc nó an bhean ar an trá? An nochtfá rún do bheatha le síceteiripeoir a raibh pus air nó uirthi?

Cad í an teist ar shagart nó ar bhráthair nó ar bhean rialta, fág iad siúd a thug an giolcadh is an greadadh do gharsúin as an áireamh? Is ea go mbeadh siad níos naofa, agus níos cineálta, agus níos carthanúla, agus níos beannaithe, agus níos séimhe, agus níos suáilcí ná an chuid eile againn. Agus sa chás is nach bhfuil is amhlaidh gur seansairí agus bithiúnaigh agus fáithe bréaga iad.

Is é an teist ar shaineolas ná an éiríonn leis an bheart a dhéanamh. An saineolaí atá bunoscionn lena mhaíomh ní saineolaí ar bith é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar