CROBHINGNE:TÁIMID IDIR dhá cheann na meá, idir dhá thine Bhealtaine, idir dhá bhró mhuilinn, nó idir dhá cheann ar bith de na gléasanna sin a léiríonn go bhfuil an saol ar bogadh agus an uile rud sa saol poiblí ar leá.
Ní féidir gan do dhá chluais agus pé ball éisteachta eile atá agat a choimeád go dlúth leis an raidió ar eagla nach gcloisfeá faoin deireadh ag teacht nó faoin tús nua a thabharfaidh an botha ceatha isteach agus na potaí óir ag glioscarnach ag bun na spéire. Is cuma an nuacht gach leath uair an chloig anois agus na coirp sin in Cré na Cillea thugadh scéala nua leo le gach casadh den fhód.
Is deacair pioc a scríobh, mar beidh sé as dáta an túisce is a thriomóidh an dúch (nó a mhúchfar an ríomhaire). Táimid go docht in liombó, ach níor cheap aon duine riamh go mbeadh liombó chomh suimiúil – ná chomh tarraingteach sin. Cé nach dtugann Dainté aon leabhar faoi leith suas do Liombó ina Choiméide Dhiagatá tagairtí iomadúla ann dó siar síos agus amach.
I gcás na háite dorcha sin de réir an traidisiúin chliste a chum na diagairí chun nithe domhínithe a chiallú, deir an file: “Óir b’eolach dom i Liombó mórán sárfhear/ar fionraí choíche idir dhuibheagán is spéartha.”
Is ea, leis, samhlaíonn an saol poiblí go bhfuilimid “idir dhuibheagán is spéartha” i gcónaí, ach nach bhfeadair aon duine an iad na spéartha gorma sin atá os ár gcionn nó spéartha modartha scamallacha níos gruama ná aon ní a thit anuas orainn fós.
Mar sin féin ní miste go mbeadh an greann is an ghruaim againn i dteannta a chéile. Ba dhícheall don té ba dhuairce is ba dhomheidhréisí amuigh gan sult a bhaint as an ngeamaireacht a bhí ar bun ag Fianna Fáinne Órga Fáil agus daoine ag seasamh isteach is amach do cheannaireacht na buíne. Ag titim, ag éirí, ag teacht, is ag dul as. Capall maide á mharcaíocht go himeall an uisce, crúb scoilte á cur amach go faichilleach, an t-uisce á bhrath, an scriopt réamhullamh á léamh. Na Glasraí ansin ag iomrascáil láibe leo féin in aon umar beag amháin. An freasúra ag feitheamh go cíocrach amuigh sna sciatháin ag éamh “Liomsa é! Liomsa é” agus a gcrúcaí amuigh i dtreo an chiste mhilis.
Tá chomh maith sult a bhaint as anois mar beidh an feachtas toghchánaíochta féin leamh go maith. An toradh roinnt mhaith ar eolas don chéad uair le fada agus iad ag troid faoin easair fholamh. Manaí á gcumadh mura bhfuil siad cumtha cheana - “Ar son na ndaoine”, nó “Lámh láidir ar an roth,” nó “Chun dul ar aghaidh”, nó “Todhchaí togha”, nó “Amach anseo amach”, nó “Dúinne don athrú” nó “Suas linne agus síos gach duine eile”. Déanfar níos mó machnaimh ar an mana ná mar a dhéanfar ar aon pholasaí. Tar éis an tsaoil caithfidh mana a bheith gonta, ní gá don pholasaí ach a bheith doiléir.
Ina choinne sin, is róchuma. Seanrá riamh é nach mbuann an freasúra an toghchán, ach go gcailleann an rialtas é. Tá caillte cheana, agus níl fágtha ach na cluichí caointe. Nó sa chás seo an rince sa reilg. D’fhéadfadh Fuine Gael nó an Lucht Allais muc ghuaireach a chur suas i gceantair áirithe, agus thoghfaí í. D’fhéadfadh siad giofóg ghorm féin a roghnú agus gheobhadh sé slám vótaí go fiú is mura bhfaigheadh déirc ag doras.
Is é is mó a ghoill ar dhaoine i gcás na n-airí a d’éirigh as agus nach mbeidh ag seasamh arís – ní hé an pinsean, ná an imeacht roimh ré, ná an sleamhnú siar – ach nach mbeadh caoi acu vótáil ina gcoinne. Slánú anama, agus cneasú gach gomh, agus cúis ghairdeachais go maidin is ea an t-aire Rialtais a bhí ina choileach ar a charn féin ag fógairt fáin ar chách ag titim san aoileach. Ceilfear an pléisiúr sin an t-am seo.
Is róchuma faoi pholasaithe mar ní léitear iad. Is róchuma fúthu mar ní chuirtear i bhfeidhm iad. Is ró-róchuma fúthu mar séantar iad an túisce is gátar sin a dhéanamh. Is í an chloch is mó ar an bpaidrín ag daoine ná an chloch lasmuigh den doras.
“Níor vótáil mé riamh, mar níor dhein aon duine díobh rud ar bith domsa,” adúirt fear ar an teilifís an oíche cheana. “Tabharfaidh mé mo vóta don chéad duine a dheisíonn an cosán taobh amuigh dem theach,” adúirt bean amháin leis an raidió le linn an fhothoghcháin i dTír Chonaill. Scéal linn di: ní dheiseofar anois é mar tá an t-airgead go léir tugtha uainn againn do dhaoine eile.
Is é nár thuig sí ná go ngabhann an cosán sin óna teach féin timpeall na tíre ar fad, agus chomh fada le liombó féin.