Tráthúil atá an t-eagrán is déanaí de Aimsir Óg. Pléann an t-imleabhar is nuaí le cúrsaí na hEorpa agus mórán alt spéisiúil ann ar ról na hÉireann san Eoraip, ar thionchar an Aontais ar Éirinn agus, ar ndóigh, Conradh Nice.
Tá eagarthóir na hirise, Micheál Ó Cearúil, le moladh as agallamh le huachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, a shocrú. Tugann Cox aghaidh ar chuid de na míthuiscintí a fheictear dó bheith ar dhaoine mar gheall ar chúrsaí an Aontais, cúrsaí míleata ach go háirithe.
Tugann sé le fios nach arm Eorpach a bheidh san Fhórsa Frithghnímh Mear nó arm seasta fiú - cé go dtacaíonn sé leis an fhórsa de bharr go leanann coinbhleachtaí áitiúla ar aghaidh, coinbhleachtaí atá fíorfhoréigeanach.
Díríonn sé ar ar tharla don 8,000 duine neamhurchóideach a mharaigh fórsaí Seirbeacha in Srebrenica in 1995: "Go dtí an lá inniu, glaonn na neamhurchóidigh sin amach óna n-olluaigheanna ar mo choinsias polaitiúil."
Cáineann sé fosta na daoine sin a thabharfadh le fios go mbeadh an Stát seo ceangailte le feachtas míleata in éadan a thola nó go mbeadh baol ann go gcuirfí saighdiúirí Éireannacha i mbaol báis: "Is comhcheangal na dtoilteanach amháin atá sa mhisean. Tá an ceart absalóideach ag gach ballstát fanacht amach as ... Sa chomhthéacs seo, an t-aon mhála coirp atá ag teastáil ná an ceann ba cheart a úsáid chun corp argóintí Éireannacha na leithlisithe agus Cassandras Éireannacha a chuir i gcoinne gach uile chéime de chomhthátú Eorpach na hÉireann a chur. I dtéarmaí ár bpríomhleasanna náisiúnta, ní raibh an ceart acu cheana. Níl an ceart acu anois."
Ní minic a bhíonn polaiteoir ar bith chomh maol sin i mbun cainte. Ní hábhar iontais é nach bhfuil gach duine ag teacht leis ina chuid tuairimí. In aiste ar an iris chéanna, scríobhann Aindrias Ó Cathasaigh, iriseoir, nach amhlaidh atá an scéal ar chor ar bith. Is é "míleatachas an Aontais Eorpaigh agus an baol do neodracht an Stáit is mó a thug ar dhaoine diúltú do Chonradh Nice. Tá a ábhar acu."
Is é an chiall a bhaineann Ó Cathasaigh as míreanna an Chonartha i dtaobh cúrsaí míleata de go mbeadh ceangal airm ar an Stát. "Ní hé amháin nach bhfuil cead againn cur in éadan a gcuid míleatachais, tá iallach orainn tacú leis go hiomlán."
In "Cá bhfuil triall na hEorpa?" scrúdaíonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc fás agus forbairt an Aontais Eorpaigh. Is aistritheoir sa Bhruiséil é Ó Ruairc agus eolas nach beag aige ar an Aontas. Tá de bhuntáiste ag a aiste féin gur féidir í a léamh gan deacracht. Is minic a chuirfeadh béarlagair lucht an Aontais an léitheoir ó dhoras lena gcuid ilbhriathra agus ollaidiachtaí. Tá cúis shimplí amháin le soiléireacht Uí Ruairc: tuigeann sé an t-ábhar ar a bhfuil sé ag scríobh.
Bhain an Stát buntáistí móra as ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach in 1973: "Bhí orainn tíorántacht na haigne maidir leis an mBreatain a shárú. Bíodh is go raibh saoirse againn le 36 bliain nuair a tháinig an Cómhargadh ar an saol, ní rabhamar in innimh chuige. Bhí laincisí le briseadh agus slabhraí le cur dínn. Níorbh fhada ar an saol é mar Chómhargadh gur aimsíomar ann bealach ár leasa, áfach."
Ba é an toradh ba mhó a bhí ar bhallraíocht: "Bhíomar ar aon bhord leis an 'máistir' agus in aon chuibhreann le máistrí eile. Thar oíche athraíodh Éire ó bheith ina bodach chun bheith ina fámaire."
Níl sé dall ar laigí an Aontais agus laigí an chórais a rialaíonn é, an Coimisiún, agus na dúshláin atá roimh an eagras san am atá le teacht. Ach ní hionann na laigí a aithint agus géilleadh dóibh.
San áit a scríobhann Ó Cathasaigh gur "institiúid nualiobrálach mhíleatach neamhdhaonlathach" é an tAontas, feictear do Ó Ruairc gurb é an tAontas Eorpach "amháin atá in ann laincis na staire a bhriseadh agus an t-easnamh daonlathach a cheartú."
I measc na n-alt eile, tá aistriúchán Bhreandáin Uí Dhoibhlin ar aiste le hErnest Renan "Cad is náisiún ann?", Alan Desmond agus "Beartas an Rialtais ag cur le ciníochas?" agus Pádraig Standún ag scríobh ar "An Eaglais ar an imeall".
- Aimsir Óg 3: cúrsaí reatha. Eag: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim a d'fhoilsigh. €5.