Tá go leor tagairtí don ghé sa bhéaloideas ach is annamh a luaitear an turcaí bocht. Toisc nach éan dúchasach é, ar ndóigh.
Is dócha go bhfuil cúpla miotas uirbeach againn faoin turcaí ceart go leor ach bheadh ort litríocht bhéil na Cherokee nó a leithéidí sin a léamh chun rud éigin faoi dhúchas an turcaí a thabhairt leat i gceart.
Agus bíodh is nach bhfeictear mórán géanna na laethanta seo, tá an ghé chomh gaelach le muca Dhroichead Átha. Ní dócha go ndéanfaidh éinne againn dearmad ar na Géanna Fiáine go Lá Philib an Chleite.
"Scata ban nó scata géanna," a deirtí. Ní dócha go bhfuil sé á rá a thuilleadh. Tá na Póilíní Smaointe gach áit na laethanta seo. Ná hoscail do bhéal! Ar eagla do chos a chur ann. (Nó an dá chos). Agus tá cluasa ar na claíocha, gan dabht. Bhí a fhios agat é sin.
D'ainneoin sin, tá nathanna nua - agus an ghé iontu - cloiste agamsa ach sa chás seo, imeartas focal is ea é ar fhocal Béarla a thagraíonn do homaighnéasach. "Tá sé siúd chomh gé le gandal!" Cliste, pé duine a cheap.
Munar veigeatóir thú - nó an fearr leat an focal "feoilséantóir"? - is dócha go mbeidh turcaí triopallach á ithe agat i gcomhair na Nollag.
Turcaí marbh, gan dabht. Ní ag gogalach a bheidh sé. Cén fáth a mbíonn an turcaí ag gogalach, dála an scéil? Sea, caithfear dul i muinín scéalta na Cherokee chun míniú ceart a fháil air sin.
Is mar seo a tharla. Bhí guth maith cinn ag an gcearc fhraoigh ach préachán ceart ab ea an turcaí, má thuigeann tú leat mé.
D'iarr an turcaí ceachtanna amhránaíochta ar an gcearc fhraoigh. Bhí sise sásta agus mar chúiteamh ar mháistir-ranganna san amhránaíocht a fháil uaithi nár gheall an turcaí go dtabharfadh sé roinnt dá chuid cleití di. Thug. Agus go dtí an lá atá inniu ann tá cleití an turcaí timpeall a muiníl ar an gcearc fhraoigh, bail ó Dhia uirthi.
Sea, bhí sceitimíní ar an turcaí ach go háirithe agus é ag freastal ar an gcéad rang amhránaíochta aige. (Is baolach nach raibh an dara rang riamh ann). Dhein an chearc fhraoigh a dícheall, chun a ceart a thabhairt di, ach an turcaí bocht ... mo léir.
Ródhíograiseach ar fad a bhí sé. Bhí sceitimíní chomh mór sin air gur tháinig saghas tocht air agus níor éalaigh óna ghob ach gogal-gogal-gog! Agus sin í an fhírinne.
Tá dhá bhrí le turcaí sa Ghaeilge. Smaoinigh. Cad d'fhéadfadh a bheith ann? Duine cainteach, cabaire abair? Ní hea. Meatachán? Ní hea. An bhfuil Críostaí beo in Éirinn a bhfuil an dara brí ar eolas aige?
Tugann an Duinníneach cur síos ar an dara brí sin: "a slang word for a beast kept by a herd in mountain pasture for his own benefit with or without the knowledge of his master..."
Go hiontach ar fad! Na rudaí nár múineadh ar scoil dúinn. Na rudaí nach múintear a thuilleadh is nach múinfear go deo arís! Ná bí ag caint - ná ag gogalach.
Ach is breá liomsa blúiríní eolais den saghas sin. Agus is geal le mo chroí éinne ar luachmhar leis iad. Nílimse báúil in aon chor leis na nuafhilistínigh a déarfadh gur eolas gan tairbhe agus cur amú ama a leithéid sin d'fhocal a bheith ag duine.
Déanta na fírinne, tá dúchas na hÉireann faighte chomh haduain le dúchas na Cherokee. Ar mo leabhar!
A leath dá bhfuil ag an Duinníneach, dá seasfá os comhair ranga agus a rá: "An mbaineann na rudaí seo leis an náisiún Gaelach nó leis na Cherokee" bheadh ionadh ort cad déarfaidís.
Ós ag caint ar ghéanna agus ar thurcaithe a bhíomar, tógaimis an focal "seicimín": "the belly-skin that falls down, in well-fed geese, between the legs."
Cá bhfaighfeá a leithéid! Is suarach lena ais an míniú a thugann Ó Dónaill ar an bhfocal céanna: "Roll of loose skin." Ní hé an rud céanna in aon chor é. Beag an baol.
Is é atá á rá agam ná seo: níl meas ar an bhfocal faoi mar a bhíodh. Bíonn feidhm le friotal inniu agus is leor an chéad bhrí atá ag an bhfocal, nó an bhrí choitianta. An bhrí chúng.
Níl spéis a thuilleadh sa dara brí ná sa tríú brí. Níl spéis sa tsanasaíocht. Teachtaireachtaí gonta ata ag teastáil ó dhaoine - níl éinne chun brí thánaisteach an fhocail "turcaí" a théacsáil chuig cara leis, an bhfuil?
Chuala mé nath ar an teilifís an lá cheana. "Take a chill pill!" Ní raibh sé cloiste cheana agam, admhaím. "Dhera," arsa iníon liom, "tá sé sin imithe as faisean fadó."
Ní cuimhin liomsa é bheith san fhaisean an chéad lá. Cá rabhas in aon chor nár chuala mé é?
In áit éigin eile ar fad, ní foláir. "Sé deirtear anois," ar sí, "ná settle petal."
Cén Ghaeilge a chuirfinn air sin, arsa mise i m'aigne féin. "Go tláith, a bhláth!" ab ea?
Ach cad tá cearr le "Tóg breá bog é?" Spíonta, de réir dealraimh. Caite amach le huisce na gcos. Ní dhéanfaidh sé cúis. No way, José. N'fheadar, a Pheadair. A bhuel, is cuma. Táimse sásta go bhfuil an dá thurcaí agam.
Agus ní thógfar an bhrí thánaisteach uaim, tá súil agam. Coinneod é, mar fhocal. Ní ligfead don turcaí seo bás a fháil! Tabharfad aire dhó. Mar níl ag an gcéad turcaí ach gogal-gogal-gogal.
Teanga atá againne. Teanga shaibhir. Teanga ársa. Mura ndéanfaimidne focail a thaisceadh cé a dhéanfaidh é?
Ní fearr ná turcaí an té a ligfeadh dá theanga caolú.
Ní íosfá spideog i gcomhair na Nollag is dócha? An t-éinín sin a chuireann cuid againn ar an gcrann Nollag agus a mhaisíonn go leor cártaí Nollag? An t-éinín dílis a bhfuil fuil Chríost ar a bhrollach? Ní íosfá! (Tá an dara brí le spideog ach ná bac san go fóill!)
Ní íosfá eala. Clann Lir a ithe? Ba mhór an peaca é. Ach mura mbeadh aon rud eile sa tsaol agat nach cuma cad d'íosfá? Samhlaímid áilleacht ar leith leis an eala. Ach níl ansin ach coinbhinsiún, comhthuairim gan dealramh. Níl an eala pioc níos áille ná an turcaí, i súile an Chruthaitheora. Maidir lena blas, nílim in ann faic a rá ina thaobh sin.
Is cuimhin liom gur itheas capall agus mé im dhéagóir sa Ghearmáin. (Ní capall iomlán ach ispín de chapall). Bhí fonn orm caitheamh amach ina dhiaidh. Toisc an meas a bhí ag Ceiltigh riamh ar chapaill, ab ea? Ní hea, bíonn col againn le bianna áirithe mar go samhlaímid geis leo.
Tá daoine ann agus is gráin leo muiceoil, cuir i gcás, nó is toirmiscthe orthu atá sí. Ach ainm eile ar Éirinn is ea Mucinis. Cén Gael nach maith leis bagún agus liamhás?
Crann beannaithe a bhí sa dair i súile na ndraoithe. Toradh na darach an dearcán. Itheann an mhuc an dearcán. Ergo, tá an mhuc beannaithe.
Ní íosfá moncaí tá mé cinnte. Ach d'fhéadfadh gur moncaí ata á ithe ag teaghlaigh áirithe in Éirinn an Nollaig seo in áit an turcaí. An ceart alltacht a bheith orainn? Preit! Gach éan mar a oiltear is an lacha san uisce.
Conas a bheidh an turcaí agat i mbliana? Mar a bhí anuraidh agus an bhliain roimhe sin? Ar mhaith leat oideas nua a thriail? Seo chugat é ar aon nós... "Oideas Nua le haghaidh Turcaí na Nollag":
Tóg an turcaí amach as an oigheann.
Lig dó fuarú tamall.
Bain amach an búiste go cúramach.
Cuir na gibléid ar ais ann - san áit cheart.
Dún a thóin.
Socraigh a chloigeann ar ais ar an turcaí.
Ansin, sáigh na cleití ar ais ann ina gceann is ina gceann.
Análú tarrthála nó póg na beatha a thabhairt dó ansan.
Abair "Maith an turcaí!"
Agus scaoil amach sa chlós é.
File, fear haiku agus aistritheoir é an t-údar. An dá leabhar filíochta is déanaí uaidh ná Eachtraí Krishnamurphy agus Krishnamurphy Ambaist'!