Bi ag leamh

Bunaithe ar shiompóisiam a bhí ar siúl anuraidh atá an cnuasach seo aistí ar chúrsaí léitheoireachta agus litearthachta, Idir…

Bunaithe ar shiompóisiam a bhí ar siúl anuraidh atá an cnuasach seo aistí ar chúrsaí léitheoireachta agus litearthachta, Idir Lúibíní. Róisín Ní Mhianáin, Eagarthóir Sinsearach Litríochta agus Ceoil le Cló Iar-Chonnachta, a d'eagraigh an ócáid agus ise a chuir eagar ar an leabhar.

Is go comair a chuireann sí síos ar thábhacht na léitheoireachta: "Is í an léitheoireacht scáthán na scríbhneoireachta." Ag scrúdú an scátháin sin a bhí ag an siompóisiam.

In dhá chuid atá an leabhar féin: ceann amháin ar léitheoireacht agus ceann eile ar litearthacht.

Má tá corrnod i dtreo "Caithfimid rud éigin a dhéanamh", tá níos mó nodanna arís i dtreo moltaí praiticiúla a chuirfeadh bonn níos fearr faoin léitheoireacht agus litearthacht.

READ MORE

Léiríonn Pól Ó Cainín agus Tina Hickey ina n-aiste "Léitheoirí óga na Gaeilge: cothú agus cabhair" gur féidir páistí a mhealladh i dtreo na léitheoireachta.

Creideann siad go dtabharfaidh an Curaclam Athbhreithnithe spreagadh nua a fhad is "go ndéanfaí na moltaí maidir le cothú na léitheoireachta Gaeilge a chur i bhfeidhm ionas gur féidir an ról atá ag an léitheoireacht mar thaca leis an obair labhartha a chur i gcrích.

"Caithfimid teacht ar mhodhanna múinte agus ar áiseanna a ligfeadh do pháistí breathnú ar léitheoireacht na Gaeilge mar dheis chun taithí thaitneamhach a bhaint as an teanga, le leabhair tharraingteacha agus áiseanna tacaíochta ... agus le himeascadh na scileanna labhartha agus na scileanna léitheoireachta."

: Aistí ar an Léitheoireacht agus ar an Litearthacht (Cois Life) in eagar ag R

Déanann stiúrthóir Chló Mhaigh Eo, Colmán Ó Raghallaigh, moltaí siosmaideacha, á rá gur cheart go ndéanfaí scrúdú as an úr ar gach aon ghné d'obair Bhord na Leabhar Gaeilge, ÁIS agus na bhfoilsitheoirí agus "bunaithe air sin straitéis nó plean cúig bliana a leagan amach chun léitheoireacht na Gaeilge a neartú go ginearálta agus sna scoileanna, go háirithe, ... agus margaíocht phroifisiúnta a chur i bhfeidhm ó cheann ceann na hÉireann."

Aithníonn an Dochtúir Tadhg Ó hIfearnáin ina aiste "Cumas agus Cleachtas na Litearthachta" go bhfuil "dlúthcheangal idr scileanna litearthachta agus cumas teanga..."

Ní ceist acadúil, mar sin, an litearthacht ach ceist atá lárnach do shláinte na teanga. Bunaithe ar thaighde ar phobal iarthar Mhúscraí atá a alt: "Níor cheart a cheapadh gurb ionann líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu agus líon na ndaoine ar mhaith leo bheith ag léamh as Gaeilge.

"Dearbhaíonn freagraí na ndaoine sa taighde seo go bhfuil gá le cumas léitheoireachta sa Bhéarla sa Ghaeltacht, dála gach áit eile sa tír, ach lasmuigh de chúrsaí scolaíochta, gur beag gá a mheastar bheith le cumas maith léitheoireachta sa Ghaeilge."

Ní cothú chun litearthachta é nach mbíonn "an Ghaeilge in úsáid ag na comhlachtaí leathstáit agus príobháideacha a mbíonn an pobal i dteagmháil leo gach lá".

Lámhleabhar chun léitheoireachta agus litearthachta é Idir Lúibíní. An cheist, mar is gnách, cé a chuirfidh i bhfeidhm é agus cá huair?

  • Idir Lúibíní in eagar ag Róisín Ní Mhianáin. €15