Coiglímis tine

SHEOL AN t-amhránaí agus craoltóir, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, an cnuasach scéalta, Coiglímis an Tine: Seanchas agus Scéalta …

SHEOL AN t-amhránaí agus craoltóir, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, an cnuasach scéalta, Coiglímis an Tine: Seanchas agus Scéalta Bhab Feiritéar(Oidhreacht Chorca Dhuibhne) i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Is iad na bailitheoirí béaloidis, Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh, a chuir eagar ar an ábhar agus tá dhá dhlúthdhiosca ag dul leis an saothar agus Feiritéar féin (nach maireann) le cluinstin orthu.

Tá paidreacha dúchais, míreanna pearsanta, finscéalta áitiúla, laochra áitiúla agus náisiúnta, scéalta grinn agus scéal rómánsúil sa chnuasach.

Scríobhann na heagarthóirí i réamhrá an leabhair go raibh “saibhreas as an ghnáth ag baint lena stór ilghnéitheach béaloidis” agus go raibh tuairim is 200 scéal aici.

READ MORE

Bhí “an-éagsúlacht” i gcuid scéalta bhean Dhún Chaoin – bíodh seanscéalta fada iontais nó scéalta rómánsúla i gceist. Lena chois sin, ní raibh “aon teora ach oiread leis an dtaisce íomhánnna a bhí aici, a ghaibh leis na heachtraí iomadúla neamhghnácha a chonaic sí le linn a marthana”.