Comhcheilg

TÁ AN file óg, Aifric Mac Aodha, ceaptha ina heagarthóir filíochta Gaeilge leis an tréimhseachán, The Stinging Fly.

TÁ AN file óg, Aifric Mac Aodha, ceaptha ina heagarthóir filíochta Gaeilge leis an tréimhseachán, The Stinging Fly.

Tá lucht na hirise ag súil go mbeidh dánta Gaeilge ar gach eagrán as seo amach sa rannóg, Comhcheilg. Tá rún acu fosta aistriúcháin Bhéarla a chur le gach dán Gaeilge. Is é deireadh mhí an Mheithimh an sprioclá d’eagrán an tSamhraidh agus iarrtar ar fhilí ceithre dhán (ar a mhéid, 20 líne nó níos gonta) a chur sa phost chuig Aifric Mac Aodha, Eagarthóir Filíochta,

The Stinging Fly

, Bosca PO 6016, BÁC 8.