Conradh d'iris Idirlín bronnta ar Beo! arís

TÁ FORAS na Gaeilge ag déanamh athnuachana ar chonradh Oideas Gael leis an iris Idirlín, Beo! a chur ar fáil go ceann trí bliana…

TÁ FORAS na Gaeilge ag déanamh athnuachana ar chonradh Oideas Gael leis an iris Idirlín, Beo! a chur ar fáil go ceann trí bliana eile.

D’fhógair an Foras Dé hAoine gur bhain Beo! an conradh ¤210,000 d’fhoilseachán ar líne. Dúirt duine de bhunaitheoirí Oideas Gael agus Beo! (www.beo.ie), Liam Ó Cuinneagáin, go raibh siad “thar a bheith sásta go raibh an conradh don iris ar líne bronnta orainn athuair. Is aitheantas é ó Fhoras na Gaeilge don phainéal eagarthóirí agus scríbhneoirí a bhí linn ón tús”.

Dúirt sé go raibh rún acu “uasghrádú teicneolaíochta suntasach” a dhéanamh ar an suíomh i gceann roinnt míonna le líon “na léitheoirí a mhéadú go substaintiúil. Tá sé mar mhisean againn an chuid is fearr de scríobh na Gaeilge a chur ar fáil don phobal Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne”.

Sa bhliain 2001 a cuireadh an iris ar líne ar bhonn píolótach. Dúirt Ó Cuinneagáin go mbíonn thart faoi 10,000 aon úsáideoir sa mhí agus os cionn 30,000 imprisiún leathanaigh. Tá daoine ag léamh na hirise ar fud an domhain agus baintear úsáid as ábhar i scrúduithe thuaidh agus theas chomh maith le téacsleabhair éagsúla.

READ MORE

Bhí siad ag foilsiú altanna ó scríbhneoirí ar fud an domhain chomh maith le leanúint de pholasaí Oideas Gael amharc ar an Ghaeilge mar theanga atá ag pobal labhartha domhanda, a dúirt sé. Bhí neart le déanamh leis an iris a chur in oiriúint do Twitter, Facebook agus blaganna: “Ach cuirim béim i gcónaí gur iris ar líne atá ann seachas suíomh Idirlín per se. Is é caighdeán na n-altanna an rud is tábhachtaí agus iad bheith breá soléite le gluaiseanna.” Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh go raibh “borradh faoin Ghaeilge sna meáin in Éirinn, ar an teilifís, ar an raidió, i gcló agus ar an Idirlíon. Is dóigh linne gur cuid dhlúth de na meáin Ghaeilge an foilseachán Idirlín seo agus táthar ag dúil le hoibriú i gcomhar le hOideas Gael san fhorbairt thábhachtach atá le déanamh”.