Cré ar raidió

BEIDH CLÁR speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Cré na Cille seachtain ón lá inniu ag 10am

BEIDH CLÁR speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Cré na Cille seachtain ón lá inniu ag 10am. Pléifidh lucht acadúil – Cathal Ó Háinle, Róisín Ní Ghairbhí, Louis De Paor, Gearóid Denvir agus Máire Ní Annracháin – úrscéal cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain 60 bliain go díreach i ndiaidh a fhoilsithe. Dónall Ó Braonáin a léirigh an clár.