Danke, Deutschland - tá mé buíoch as an oiliúint

SCRÚDÚ AGAM an tseachtain seo – ná dhá scrúdú le bheith cruinn; dhá pháipéar Ghearmáinise agus dioplóma sa teanga sin á chríochnú…

SCRÚDÚ AGAM an tseachtain seo – ná dhá scrúdú le bheith cruinn; dhá pháipéar Ghearmáinise agus dioplóma sa teanga sin á chríochnú agam.

Ná bac straitéis 20 bliain na Gaeilge, tá mo straitéis 30 bliain Gearmáinise ag teacht chun críche agus, le cuidiú mór Gott, ní fada go mbeidh píosa beag páipéir le taispeáint agam a thugann le fios go bhfuil eolas agam – go hoifigiúil – ar an teanga sin.

Cúpla iad an Ghaeilge agus an Ghearmáinis agam féin, cúpla ar chuir mé aithne orthu beirt den chéad uair ar meánscoil ag na Bráithre Críostaí i mBéal Feirste. Is é an difear is mó idir na deartháireacha seo, ámh, gur éirigh liom cumas éigin a bhaint amach i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus nach bhfuil ach eolas éigin agam ar an dara teanga.

Agus conas mar a mhothaím agus an cúrsa ag teacht chun deiridh? Sásta gur thug mé faoi agus buíoch as an chaidreamh le daoine nua sa rang. Ach tá eagla orm gur beag deis a bheidh agam an teanga a úsáid taobh amuigh den chóras oifigiúil oideachais.

READ MORE

Anois, cár chuala mé caint den sórt sin roimhe? Ó, sea, daltaí ardteiste agus foghlaimeoirí fásta na Gaeilge a thugann faoin chineál céanna cúrsa; a chuireann an trioblóid orthu féin an Ghaeilge a fhoghlaim (nó daoine a gcuirtear an trioblóid orthu an teanga a fhoghlaim!). Baineann siad amach cáilíocht agus, bhuel, sin é.

Is ionann sin agus mo chás. Chuir mé trioblóid orm féin Gearmáinis a fhoghlaim de bharr go bhfuil spéis agam i dteangacha agus i litríocht, go dtugann teangacha léargas eile ar an saol duit, go saibhríonn siad thú, go gcoinníonn siad d’aigne aclaí agus mar sin de. Tá a fhios agat féin an bholscaireacht ar fad ar fad. Rud maith é teanga a fhoghlaim agus is ea.

Ach conas buntáiste a bhaint as an teanga sin anois? Í a léamh ar líne amháin? Freastal a dhéanamh ar ócáidí Gearmáinise, cónaí a dhéanamh sa Ghearmáin? (Dá bhféadfaí!) Nach mar sin a mhothaíonn mórán daoine óga faoin Ghaeilge agus a gcuid cúrsaí ag teacht chun deiridh? Tá sí agam ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid?