Dha insint

Tosóidh Scoil Samhraidh Merriman in Óstán Falls, Inis Díomáin, Co an Chláir Dé Sathairn agus mairfidh sí go dtí an Satharn 28ú…

Tosóidh Scoil Samhraidh Merriman in Óstán Falls, Inis Díomáin, Co an Chláir Dé Sathairn agus mairfidh sí go dtí an Satharn 28ú Lúnasa.

Is é "Cá bhfuil Éire? Dhá insint/Orthodoxies and Heresies: The New Ireland and its Sacred Cows" téama na bliana.

Beidh dhá insint ag cainteoirí aitheanta ar na téamaí - creideamh, cultúr, litríocht - an dearcadh nó an glacadh ortadocsach "oifigiúil" agus an dearcadh eiriciúil "malartach".

Ar na cainteoirí,beidh Kevin Whelan, staraí; Muiris Fitzgerald, ollamh le leighleas; Alan Titley, léachtóir agus scríbhneoir agus Mark Patrick Hederman, criticeoir agus scríbhneoir.

READ MORE

Pléifidh Gearóid Ó Cléirigh, Póilín Ní Chiaráin, Andrea Nic Thaidhg agus Seosamh Ó Cuaig, "An Dá Shaol", a dtaithí féin ar Éirinn mar a bhí agus mar atá, ag na seimineáir mhaidine.

Eolas: 087-6163225 nó www.merriman.ie