Fiche bliain

FICHE BLIAIN ó shin a d’fhoilsigh mé mo chéad leabhar (beag) i nGaeilge

FICHE BLIAIN ó shin a d’fhoilsigh mé mo chéad leabhar (beag) i nGaeilge. Ná bíodh imní ar bith ort sa chás gur chaill tú an ócáid ríthábhachtach seo i saol liteartha na Gaeilge.

Ní raibh mé ag súil go mbeadh mo shaol agus mo shaothar mar ábhar díospóireachta ar scoil samhraidh ar bith nó go mbeadh ceamaraí TG4 chugam le clár faisnéise a chraoladh.

Leoga, bheadh dearmad déanta agam féin ar an ócáid ach amháin go raibh mé le cúpla dán a léamh ar ócáid i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. (Mo bhuíochas arís le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.)

Agus mé ag dul tríd na leabhair le cúpla píosa a aimsiú, chonaic mé go raibh an dáta 1991 ar mo chéad chnuasach filíochta. Tá 1991 chomh fada sin siar i mo chloigeann gur ar éigean go bhfuil cuimhne agam ar an seoladh.

READ MORE

Ach bhí seoladh ann más buan mo chuimhne i gCumann Chluain Ard sa chathair agus, ón bhliain chinniúnach sin, tá lear mór leabhar, drámaí raidió agus tuairiscí nuachtáin, scríofa agam.

De réir shlat tomhais liteartha ar bith, tréimhse bhisiúil thorthúil a bhí ann. Mar bharr ar an sonas, scríobh léirmheastóirí cúpla léirmheas deas moltach ar chuid de na leabhair, rud a chruthaigh nach raibh an obair in aisce. Chomh moltach céanna, foilsíodh cúpla dán i nduanairí (Gaeilge agus Béarla), rud a thug le fios fosta go raibh fiúntas éigean ag baint leis an saothrú.

Ar an iomlán, ní thiocfadh liom a rá go bhfuil mé míshásta – rud nach ionann is a rá go bhfuil mé iomlán sásta. (Is Ultach mé; ní bhíonn muid riamh iomlán sásta.)

Oiread chéanna le scríbhneoir ar bith eile, santaím aird léitheoirí agus ní i gcónaí a bhíonn aird ann mar ní léann lucht na Gaeilge oiread agus a ba cheart.

Tharla, mar sin, gur tháinig bean dheas chugam an lá faoi dheireadh leis an tsraith d’fhoghlaimeoirí Paloma a mholadh. Ní raibh aithne ar bith agam uirthi ach ba mhór liom a cineáltas. Léitheoir! Léitheoir nua!

Mura leor sin de mholadh, tháinig ríomhphost chugam an mhaidin dár gcionn agus fear as Oileán Mhanann ag iarraidh leabhar de mo chuid a aistriú go Gaeilge Oileán Mhanann. Moladh agus aistriúchán. Bhuel, ná bac Harry Potter; tá an Muiríoch seo ag déanamh dul chun cinn sa saol liteartha.

Lá breithe shona domsa!