Fifty Shades of Gaeilge - lucht teanga céasta idir dhá chaighdeán

NÍL A fhios agam cén lón léitheoireachta a thug léitheoirí Tuarascáil leo ar shaoire an tsamhraidh

NÍL A fhios agam cén lón léitheoireachta a thug léitheoirí Tuarascáil leo ar shaoire an tsamhraidh. In ainneoin an masacas a bheith san fhaisean de bharr Fifty Shades of Grey, caolseans go raibh fonn ar dhaoine tabhairt faoi cheachtar den dá athbhreithniú atá déanta ar an Chaighdeán Oifigiúil – ceann le Rannóg an Aistriúcháin agus ceann eile le coiste saineolaithe a cheap Éamon Ó Cuív, tráth a bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ach tá tús an téarma ollscoile buailte linn agus tá aistritheoirí, eagarthóirí agus scríbhneoirí Gaeilge ag filleadh ar a gcuid oifigí.

Ní thig neamhaird a dhéanamh de níos mó: tá dhá chaighdeán ann, nó, más fearr leat, tá dhá dhoiciméad ann a bhfuil séala stát na hÉireann orthu agus a thugann treoir faoi scríobh na Gaeilge sa 21ú haois seo.

Tá Rannóg an Aistriúcháin le moladh as Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe (CAO) a chur ar fáil ina leabhar clóite agus ina dhoiciméad PDF ar féidir é a chóipeáil saor in aisce ó www.oireachtas.ie.

READ MORE

Ní heol dom gur cuireadh cló riamh ar athbhreithniú an choiste saineolaithe, ach tá sé curtha le Stíl Tí an Ghúim, ar féidir é a íoslódáil ó www.gaeilge.ie.

Tá pointí tadhaill ann idir an dá dhoiciméad ach tá siad i bhfad ó chéile faoina lán gnéithe bunúsacha den teanga scríofa. Ní shílim gur léir do phobal na Gaeilge fós cé chomh tromchúiseach is atá sé sin.

Measaim féin go mbeidh sé níos deacra feasta aistritheoirí agus eagarthóirí a oiliúint agus an Ghaeilge a theagasc sna hardleibhéil. Rud níos measa fós: tá lagú mór déanta ar choincheap an chaighdeáin scríofa.

Is iomaí locht a fuarthas ar an sean-CO, ach, ar feadh breis agus 50 bliain, chuir sé an chinnteacht in áit na héiginnteachta sna réimsí oifigiúla lenar bhain sé. Tá deireadh leis sin agus is tréimhse shuaite, éiginnte atá romhainn amach.

Méadófar ar dhifríochtaí úsáide idir institiúidí. Beidh scríbhneoirí aonair anonn is anall idir an dá chaighdeán. Níor thógtha ar an duine a déarfadh: “Scríobh do rogha rud; tá gach leagan chomh maith lena chéile.”

Conspóidí úsáide

B’fhéidir go ndéarfadh duine: “Éist, bíonn conspóidí úsáide i ngach teanga. Féach an Béarla: the Oxford Comma, civilise vs. civilize, the Government is vs. the Government are agus mar sin de. Is leor do scríbhneoirí fios a bheith acu go bhfuil difríochtaí mar sin ann.”

Tá go breá, ach ní slán riamh an chomparáid idir an Béarla agus an Ghaeilge. Is foghlaimeoirí atá i mbunús lucht na Gaeilge. An cainteoir dúchais féin, caithfidh sé nó sí dul i dtaithí ar chastaíochtaí comhréire na teanga scríofa.

Tugann sin a sáith dóibh, creidim, gan mo leithéidse a rá leo: “Bheadh “Stiúrthóir Cumann Carthanachta” ceart de réir Stíl Tí an Ghúim. “Stiúrthóir Cumainn Carthanachta” a bheadh ann de réir an CAO. Ach má ghlactar le comhairle na mBráithre Críostaí is “Stiúrthóir Cumainn Charthanachta” a bheadh ann.”

“Spleoid orthu uilig,” a déarfaidh an t-ábhar scríbhneora, “cén cineál amaidí seo nach dtig linn trí fhocal a chur i ndiaidh a chéile gan trí shraith rialacha a fhoghlaim?”

Bheadh fonn ar dhuine “Stiúrthóir ar Chumann Carthanachta” a scríobh agus a bheith réidh leis, ach ní i gcónaí a bhíonn bealach éalaithe le fáil amach as caschoill na n-ilfhoirmeacha agus na n-ilroghanna.

Ar aon nós, is fánach an dá chaighdeán Gaeilge a chur i gcomparáid le leabhair stíle mar Hart’s Rules nó MHRA Style Guide.

I gcás na leabhar stíle sin, roghnaíonn institiúid an ceann is fearr a oireann dá riachtanais féin agus cuireann na rialacha sin i bhfeidhm ar a gcuid cáipéisí féin.

Ní mhaíonn ollscoil Oxford, mar shampla, gur acusan amháin atá teimpléad na teanga scríofa. Ach is é a mhacasamhail atá á mhaíomh ag gach ceann den dá chaighdeán Gaeilge, chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeilge oifigiúil.

Sin an rud is caighdeán ann. Beidh ar scríbhneoirí foilseachán amháin acu a roghnú agus cloí leis, cé gur doiligh an rogha sin a dhéanamh gan dul in abar i gceisteanna polaitíochta.

Tá drogall ar dhaoine trácht ar cheist seo an dá chaighdeán le tréan measa ar na hinstitiúidí atá i gceist. Agus tá fearg orthu go bhfuiltear ag tabhairt orthu rogha a dhéanamh.

Athbhreithniú

Bheadh sé áibhéalach a rá go bhfuil “díospóireacht” ar siúl i measc lucht na Gaeilge i dtaobh an dá chaighdeán. Níl ann go dtí seo ach cur is cúiteamh faoi cé aige a mbeidh an lámh in uachtar, amhail is gur babhta dornálaíochta é. Luaitear ardstádas na Rannóige, cuir i gcás.

Iadsan a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh. Ach níor choiste magaidh ar bith an coiste a cheap Ó Cuív. “Agus an foclóir nua Béarla-Gaeilge,” a déarfaidh duine eile, “chuala mé gur scríobhadh sin de réir an chaighdeáin eile”. Agus mar sin de

Déanaim amach nach féidir “buaiteoir” a phiocadh mar níl an scéal socair go fóill.

Tá Rannóg an Aistriúcháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar CAO i gceann trí bliana. Idir an dá linn, táthar ag iarraidh ar dhaoine a dtuairimí i dtaobh an doiciméid a chur faoina mbráid.

Tuigim gur mian leis an Rannóg cead cainte a thabhairt d’úsáideoirí an CAO ach is ait liom nach ndeachthas i gcomhairle leis an phobal sular foilsíodh an leabhar.

Is lagú mór ar údarás caighdeáin é a bheith “sealadach” agus níl an tréimhse phromhaidh trí bliana ach ag cur leis an éiginnteacht.

Ní chuirfeadh sé a dhath i gcuimhne duit ach ceannaire eaglaise ag fógairt go bhfuil peacaí agus suáilcí nua le tabhairt isteach “ar bhonn trialach”.

Ar aon nós, tá sé le tuiscint as cuireadh na Rannóige go mbeifear sásta cuid de na moltaí a athrú, má chuireann an pobal ina gcoinne agus má bhíonn cúis mhaith acu leis.

Ba sa chomhthéacs sin a scríobh mise léirmheas ar an suíomh www.aistear.ie, inar phléigh mé gnéithe áirithe den doiciméad a fheictear domsa a bheith doiléir, dotheagaisc.

Ach cá bhfios cén leagan amach a bheith ar an CAO faoi dheireadh?

Dá mba fúmsa é, bheinn ar mo dhícheall ag iarraidh an dá chaighdeán a thabhairt in araicis a chéile ach tá barúil agam nach dtarlóidh sin.

Theastódh treoir pholaitiúil chuige sin, agus sin rud atá in easnamh go huile is go hiomlán i gcúrsaí Gaeilge.

Fágfar faoi lucht na Gaeilge féin an gréasán seo a réiteach, a gcuid téacsanna a scríobh agus an teanga a theagasc ar dhóigh éigin.

Is deacra go mór dóibh sin a dhéanamh le linn don Ghaeilge a bheith idir dhá chaighdeán. Agus is olc an teist é sin ar chumas pleanála teanga an Stáit.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar www.aistear.ie

aistriúchán translation – athbhreithniú review – buaiteoir winner – caighdeán standard – cáipéis document – comhthéacs context – deacair difficult – foclóir dictionary – foilseachán publication – léirmheas review – léitheoir reader – peaca sin – rialacha rules – sealadach temporary – téacs text – treoir direction – tuiscint understanding