Míreanna

A round-up of today's other stories in brief

A round-up of today's other stories in brief

Féilte leabhar le léitheoirí nua a spreagadh

Beidh Berní Ní Chuinn ag cur na scríbhneoirí Pádraic Breathnach agus Caitríona Hastings faoi agallamh ag lón liteartha i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Dé hAoine, idir 1pm agus 2pm. Is mar chuid de shraith fhéilte leabhar a bheidh an ócáid ar siúl.

Le cois an agallaimh, beidh seisiún maidine ann ina mbeidh na scríbhneoirí Patricia Forde, Mícheál Ó Ruairc agus Bridget Bhreathnach páirteach.

READ MORE

Tabharfaidh Orna Ní Choileáin, údar Ailfí agus an Vaimpír, ceardlann ar chúrsaí pinn fosta agus beidh deis ag daoine leabhair a cheannach le linn an lae. Beidh imeachtaí eile ar siúl ag Gael Taca i gCorcaigh seachtain ón lá inniu agus sa Rowan Tree Café, Inis, seachtain ón Aoine. Eolas: sm@mitchellkane.co.uk

Deis ag páistí dul a spraoi le Claude

Sheol TG4 aip nua do dhaoine óga – Ag Spraoi le Claude – an tseachtain seo caite. Tá réimse cluichí oideachasúla san aip a chuidíonn le páistí comhaireamh, tomhas fuaimeanna a dhéanamh, cluiche cuimhne a imirt agus péinteáil. Tá an aip le híoslódáil ó iTunes don iPad agus €1.79 an costas atá air.

Ní gá ach na focail chuardaigh Gaeilge, Cula4 nó TG4 a úsáid le teacht uirthi. Is í an aip is úire ag an stáisiún í agus tá aipeanna eile – Cúlacaint, Cúlacaint 2 agus Olly an Veain Bheag Bhán – le fáil saor in aisce cheana féin. Dúirt Stiúrthóir Aschur TG4, Lís Ní Dhálaigh, gur thaitin rogha ábhair le páistí agus gur dheas leo dúshlán agus cluichí. Ardú croí a bhí ann an úsáid mhór a bhí á baint as a raibh eisithe acu ar líne go dtí seo.

Uachtarán le Comhar a sheoladh

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, eagrán na Nollag den iris, Comhar, seachtain ón lá inniu ag 6pm sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Tá an iris ag comóradh 70 bliain ar an saol.

Dúirt an t-eagarthóir, Aifric Mac Aodha, go raibh lucht na hirise “thar a bheith bródúil as Eagrán na Nollag, go háirithe mar go gcuireann Ailbhe Ní Ghearbhuigh Máire Mhac an tSaoi faoi agallamh an mhí seo.

“Labhraíonn an file, ar comhaois leis an Stát, faoi fheidhm chatairseach na samhlaíochta: “Osclaíonn tú amach do racht, sea tagann faoiseamh leis. Is uirlis iontach ar fad é.”

“Tá scéal spraíúil leis an scríbhneoir próis Emer Ní Rónáin a spreag an clúdach fíneálta le Mark Wickham, ealaíontóir a dhéanann obair don New York Times agus atá fostaithe ina dhearthóir lánaimseartha ag Comhar.

“Munar leor sin ar fad, is fiú an t-eagrán seo a cheannach, féachaint cé hiad na daoine a ghnóthaigh Gradaim 2012 an Chúigiú Colúnaí; “An CC don Léirmheas is Míthuisceanaí ar Leabhar Gaeilge” agus “An CC don Pholaiteoir is Lú a Léirigh Tuiscint ar an Íoróin”.

Tá sí sásta, mar sin?

“Ceann maith is ea an ceann seo, más muid féin atá á rá!” a dúirt sí.