Na cultacha gorma

Cad chuige a gcaitheann ár gcuid polaiteoirí cultachta den dath céanna?


An bhfaca tú iad, na cultacha gorma? Ar eagla na bachaille, ní léinte gorma atá i gceist agam. Mar sin féin, bhí léinte geala ar fhormhór na gcultacha ngorma. Is féidir léine ghorm a fheistiú in éide faoi leith, agus is léine ghorm a bheidh ann go brách.

Tharla mé a bheith ag féachaint ar an teilifís go glanseansúil nuair a bhí Paschal ag plobaireacht go pláslíofa ar a bhuiséad féin Dé Máirt seo caite.

B’éifeachtach an taispeántas é, is ba lú an seans go leagfaí lámh air ach an oiread is a leagfadh dall ó Ulan Bator cuimilt lámhainne ar Chonor McGregor tar éis dó a chreideamh is a shinsearacht a mhaslú.

Is ansin a baineadh an lángheit asam le fórsa. Óir níorbh iad na focail mhilPhaschalacha ba chás liom ach a raibh laistiar de agus é ina sheasamh.

READ MORE

Is iad a bhí cruinn ina thimpeall, díorma sluamhachnaimh gach aon pháirtí, iad go léir ar aon fhocal, ar aon fheisteas, ar aon dath, ar aon chaitheamh, ar aon leagan amach idir mheabhair agus aigne agus chuma agus bhóna agus charbhat.

Nach bhfaca tú iad? B’é an feisteas céanna a bhí orthu go léir – fág mná as an áireamh a bhfuil saoirse éide acu nach bhfuil ag na feara – agus cúpla eisceacht eile de dhaoine nach raibh ina suí moch go leor leis an gculaith cheart a chur orthu in am.

Iad go léir gorm is bán is gorm is bán is carbhat-choimeádach mar a bheadh ag snagairí breaca ar an dtuarlíne.

Ba dhóigh leat orthu go raibh tú ag claisceadal naíonán i gclochar bhan rialta i lár tíre i 50idí na haoise seo caite.

Cérbh iad na gúraíocha saoithiúla a chomhairligh do chách go gcaithfeadh siad an chuma chéanna a chur orthu féin?

Ní foláir nó tá cúrsa éigin in ollscoil Na Circe Caoile a chruthaíonn thar amhras anonn gurb é an saicéad gorm, an léine bhán, agus an carbhat dá réir a mheallfaidh an intinn bhaoth. Ní foláir nó tá dochtúireachtaí ramhra á ndámhadh ar thaighde mar seo.

É sin, nó neachtar acu, gur lean siad go léir sampla Mhargarait Thatcher a raibh an ghoirme ghlan ina cúlbhrat aici nuair a bhí sí ag iarraidh a thaispeáint go raibh sí chomh carthanúil le Proinsias Assisi. Nó an í goirme na spéire gan scamaill atá á gcomharthú acu, goirme réabhlóid na Fraince, goirme neimhe, goirme na cuile bige?

Ba chuma dearg nó glas nó corcra nó uaithne nó liath é dath polaitiúil an pháirtí, is iad a bhí gorm amach is amach lá an bhuiséid. Mura raibh léinte gorma féin á gcaitheamh acu, is cultacha gorma ba leithne ná léine a bhí ar a gcabhail is ar a n-aigne. Féach ar ais orthu! Bhí siad go léir mar a chéile!

Scríobh Thomas Carlyle leabhar dar teideal Sartor Resartus inar thug sé le fios gurb é an duine an t-éadach (más í sin an bhrí leis go láníorónta féin), ach ní móide go bhfuil sin léite ag aon duine sa Dáil. Dá mhéid é ár n-éileamh ar shaoirse cainte agus ar shaoirse mhachnaimh agus ar shaorse fealsúnachta, bíodh a dheimhin agat gurb iad na héadaí céanna a bheidh ar do chabhail.

Ní raibh aon oidhre orthu ach cruinniú d’ardphraesaidiam an Pháirtí Chumannaigh in Pong Yang, áit a mbíonn an feisteas céanna orthu go léir, agus bearradh gruaige Kin Young Wan mar mhaise.

Nó cairdinéil na Róimhe ag gluaiseacht go mall ar shlipéirí corcra, nó piongain ag dul dá mol ó dheas, nó boscaí beaga mar a chéile ar sheilf ollmhargaidh, nó Teachtaí Dála lá taispeána…mo mhairg, nárbh é sin a bhí iontu?