Ó Ruairc ag tabhairt fianaise go bhfuil sé bisiúil i mbun pinn

Míreanna: FIANAISE (LeabhairCOMHAR) is ainm d’úrscéal nua Mhíchíl Uí Ruairc a seoladh i mBaile Átha Cliath aréir.

Míreanna:FIANAISE (LeabhairCOMHAR) is ainm d'úrscéal nua Mhíchíl Uí Ruairc a seoladh i mBaile Átha Cliath aréir.

Seo an 12ú húrscéal de chuid an údair agus is don fhoghlaimeoir fásta atá an ceann seo scríofa, bíodh is go bhféadfadh léitheoir ar bith tabhairt faoi, a dúirt sé.

“Domhan dorcha, scéiniúil na gclubanna rince téisiúil, na ngníomhaireachtaí ban comórtha agus na gáinneála gnéis” atá mar théama leis an leabhar seo, a dúirt Ó Ruairc.

Tá sraithmharfóir sádaíoch ar a dtugtar “an Pimpernel” ag faire ar mhná óga a oibríonn sna háiteanna seo agus níl ach rud amháin ina intinn: iad a mharú. Is faoin bhleachtaire Cathal Ó Cearúil atá sé an cás a fhiosrú agus an marfóir a thabhairt os comhair cúirte – nó a stopadh ar dhóigh ar bith.

READ MORE

Údair ag cur a gcló ar an litríocht

Is iad Jackie Mac Donncha agus Áine Ní Fhoghlú buaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht.

Bronnadh an chéad duais, €3,000 ar chnuasach gearrscéalta Jackie Mhic Dhonncha, Bróga Johnny Thomáis, scéalta ina scrúdaíonn sé an domhan reatha, grá agus crá croí agus imeacht ama.

Bronnadh an dara duais agus €2,000 ar Éalú, úrscéal le hÁine Ní Fhoghlú. Baineann an saothar seo le foréigean agus bulaíocht idir lánúin phósta.

Dúirt bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile, gur mhór an spreagadh a thug comórtais agus duaiseanna do scríbhneoirí “go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana”.

Ba é Dúlra Oileáin Árann (Cois Life) le Con Ó Ruairc a bhuaigh Leabhar na Bliana Gradam Uí Shúilleabháin.

Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar seo ina dtugann Con Ó Ruairc léargas ar gheolaíocht, aeráid, ainmhithe agus ar phlandaí na n-oileán.

Ó Chrann go Crann (An tSnáthaid Mhór) a bhain Gradam Réics Carló do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Caitríona Hastings a scríobh agus Andrew Whitson a mhaisigh.

Mac Donncha i mbun cúrsaí nuachta Raidió na Gaeltachta

IS é Gearóid Mac Donncha atá ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is de bhunadh Bhéal an Daingin i gConamara é agus tá sé ag obair le Raidió na Gaeltachta ó 2006.

Chaith sé níos mó ná dhá bhliain ag cur Nuacht a hAon i láthair agus ba é a bhí ag cur na gceisteanna ar phríomhchlár nuachta maidine an stáisiúin, Adhmhaidin, ó bhí Eanáir 2010 ann. Bronnadh gradam Craoltóir Raidió na Bliana agus Iriseoir Gaeilge na Bliana air as a chuid oibre. Dúirt ceannasaí an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin go raibh “fís agus tuiscint” ag Mac Donncha ar chúrsaí nuachta, reatha agus spóirt. Chuaigh Mac Donncha go Beijing sa bhliain 2008 le tuairisciú a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha do RnaG.