Pobal ag iarraidh ionad tacaiochta teaghlaigh

Is ábhar misnigh é staidpháipéar Chomharchumann Shailearna a seoladh an tseachtain seo caite

Is ábhar misnigh é staidpháipéar Chomharchumann Shailearna a seoladh an tseachtain seo caite. Tá aon smaoineamh simplí siosmaideach amháin taobh thiar de - Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú i gCeantar Chois Fharraige agus "seirbhísí tacaíochta teanga a chur ar fáil sa réimse is tábhachtaí ar fad don teanga - réimse an teaghlaigh".

Tá an ceantar ina bhfuil an comharchumann ag feidhmiú ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Úsáideann 90 faoin gcéad den phobal Gaeilge go laethúil de réir Daonáireamh 1996 agus léiríonn Scéim Labhairt na Gaeilge go bhfuil formhór na dteaghlach ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.

D'ainneoin sin, aithníonn siad go bhfuil an teanga faoi bhrú de bharr athruithe sóisialta ach in áit géilleadh do na hathruithe sin, shocraigh siad cur ina n-éadan agus an staidpháipéar a ullmhú agus pleanáil fhadtéarmach phobal-lárnaithe a chur sa siúl.

Is iad na haidhmheanna a bheidh ag an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh:

READ MORE

uasmhéadú a dhéanamh ar líon na dtuismitheoirí sa cheantar atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge;

seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta teanga a chur ar fáil do thuismitheoirí sa cheantar;

seirbhísí naíolainne, naíonra agus feighlíochta linbh den scoth a chur ar fáil do thuismitheoirí an cheantair;

seirbhísí teaghlaigh agus cúram clainne eile a chur ar fáil trí Ghaeilge do thuismitheoirí an cheantair.

Leis sin a bhaint amach, tá rún acu dul i dteagmháil le lánúineacha óga agus iad a chur ar an eolas faoin rogha teanga is féidir leo a dhéanamh lena gcuid páistí óga.

Lena chois sin, léireoidh an t-ionad gur féidir le tuismitheoirí páistí a thógáil go dátheangach, fiú sa chás is go bhfuil duine amháin de na tuismitheoirí ar bheagán Gaeilge. Cuirfidh an t-ionad na straitéisí cuí teanga ar fáil dóibh leis sin a bhaint amach.

Aithníonn an staidpháipéar fosta gur cheart cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá i ndiaidh filleadh ar an cheantar nó atá i ndiaidh bogadh isteach chun an cheantair le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Ní ag iarraidh balla teanga a thógáil idir an pobal dúchasach agus pobal nuathagtha atá muintir an chomharchumainn - tá sí againn; níl sí agat - ach gach dream a mhealladh ina treo trí dheiseanna nua a chur ar fáil.

Scríobhtar fosta gur cheart seirbhís chomhairleach a bhunú do thuismitheoirí an cheantair atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus "feidhmiú mar ionad teagmhála do ghrúpaí tuismitheoirí in áiteanna eile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó le mionteanga eile".

Moltar go mbeadh réimse mhór seirbhísí san ionad, ina measc, naíolan, naíonra, seirbhís chúram iarscoile agus seirbhís chuairteanna baile do thuismitheoirí le páistí óga. Ní hamháin sin ach tabharfaidh an t-ionad comhairle do thuismitheoirí sula saolaítear a bpáistí.

De réir a staidpháipéir, ba chóir seirbhísí ar leith a fhorbairt agus a dhíriú ar thógáil clainne:

  • cúrsaí réamhphósta do lánúineacha agus modúl ar chúrsaí teanga sa teaghlach mar chuid dó;
  • cúrsaí réamhbhreithe agus modúl ar chúrsaí teanga sa teaghlach mar chuid dó;
  • seirbhís chomhairleach do lánúnacha nua atá ag smaoineamh ar a bpáistí a thógáil le Gaeilge;
  • seirbhís chomhairleach do lánúnacha atá ag iarraidh úsáid na Gaeilge mar theanga teaghlaigh a chothú;
  • ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus caidreamh a bhunú le heagraíochtaí eile sa cheantar agus sa réigiún a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh.

Tá rún ag lucht an chomharchumainn dul i gcomhairle leis an phobal le deis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála. Beidh siad ag déanamh suirbhé ar thuismitheoirí idir seo agus an Nollaig lena dtuairimí a fháil.

Is minic a bhíonn beaguchtach ar dhaoine faoi mheath na teanga sa Ghaeltacht ach seo sampla de dhaoine áitiúla ag ceapadh scéime dá gcuid féin, ag gríosadh daoine le bheith páirteach inti agus ag iarraidh cuidiú praiticiúil a chur ar fáil.

Má tá Comharchumann Shailearna ábalta a leithéid a dhéanamh, nach féidir le pobail eile úsáid a bhaint as an chur chuige céanna? Is ar scáth a chéile a mhaireann pobal na teanga.