Beocheist: An initiative to promote football amongst refugees deserves support, writes Máiréad Ní Chinnéide
Uair an chloig roimh thús an chluiche chinniúnaigh idir Poblacht na hÉireann agus an Spáinn tharla dom bheith i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Murab ionann agus Domhnaí eile is beag duine a bhí ann.
I lár na cathrach agus sna bruachbhailte bhí na sluaite lena mbratacha, léinte glasa agus hataí arda leipreacháin ag plódú isteach sna tithe tábhairne. Istigh sa Pháirc bhí cead a gcos ag na fianna ar an mhachaire mór taobh thiar de Chrois an Phápa.
Ach ag teacht i ngiorracht pháirc imeartha an Gharda b'ionadh liom a fheiceáil go raibh cluiche sacair ar siúl ann, geansaithe buí ar fhoireann amháin agus geansaithe bána ar an chuid is mó den fhoireann eile.
Bhí an fhoireann bhuí i bhfad níos glóraí ná an dream eile agus shíl mé i dtús gur Iodáilis a bhí á labhairt acu. Fuair mé amach gur Rómánaigh iad agus gurb as an Mholdáiv don fhoireann eile. Níorbh aon Robbie, Raul nó Ronaldo imreoir ar bith acu ach ba léir go raibh a gcroí sa chluiche.
Is mór an chreidiúint a bhí ag dul don té a d'eagraigh an cluiche ar an lá áirithe sin mar dá mhéad an chumha a bhíonn ar inimircigh agus iad i dtír strainséartha i bhfad ó bhaile, caithfidh sé gur measa go mór í nuair a bhíonn muintir iomlán na tíre sin ag déanamh rud mór as a mórtas cine agus comharthaí sóirt an mhórtais sin le feiceáil ar fud na háite.
D'fhéadfadh teifigh a mbeadh éiginnteacht orthu faoina stádas sa tír féachaint ar na bratacha agus ar an bhuaileam sciath a bhí ag dul leo mar bhagairt orthu féin agus an eagla chéanna bheith orthu agus a bhíonn ar Chaitlicigh i gceantair áirithe sa Tuaisceart.
Chuir an cluiche idirnáisiúnta i bPáirc an Fhionnuisce ar chumas grúpa beag deoraithe mórtas cine dá gcuid féin a léiriú.
Fuair mé amach go mbíonn cluichí idirnáisiúnta mar é ar siúl go rialta in áiteanna eile sa phríomhchathair agus gur ag ullmhú atá na himreoirí do chomórtas mór sacair a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fhómhair. Beidh thart faoi 40 foireann páirteach.
Inimircigh ón Afraic, ón Áise agus ó Oirthear na hEorpa is ea formhór na n-imreoirí ach beidh roinnt foirne Éireannacha ann chomh maith agus beidh imeachtaí ar leith ann do pháistí.
Tiománaí tacsaí, Frank Buckley a chuir tús leis an chomórtas i 1997 nuair a bhunaigh sé an eagraíocht, Sport in aghaidh Ciníochais nó SARI mar a thugtar go coitianta air. Seachas beagán cabhrach ón Fheachtas in aghaidh Ciníochais, ní fhaigheann an eagraíocht maoiniú ar bith ón Rialtas.
Go dtí seo is ag brath ar charthanacht atá siad chun an comórtas a chur ar siúl gach bliain. Bhí cainteanna ag na ceannairí leis an Chomhairle Náisiúnta Spóirt agus dúradh leo go gcaithfidís clárú le Cumann Sacair na hÉireann sula bhféadfaí maoiniú a thabhairt dóibh.
Cé nach bhfuil an clárú curtha i gcrích go fóill tá tús curtha leis an phróiseas. I mí Bealtaine nuair a bhí an cluiche in aghaidh na Nigéire ar siúl ar Bhóthar Lansdúin ceadaíodh do SARI mórshiúl a eagrú inar mháirseáil páistí inimirceacha ó thíortha éagsúla timpeall na páirce.
MEASTAR thart faoi 10,000 teifeach bheith i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Tá muintir na cathrach tar éis dul i dtaithí ar dhaoine de chiníocha éagsúla a fheiceáil ar na busanna, sna siopaí agus ag siúl na sráideanna.
Ach fós féin bíonn doicheall ag cuid mhór de lucht na cathrach rompu agus is mó an doicheall a léirítear, deir Frank Buckley, sna bailte sin faoin tuath a bhfuil teifigh lonnaithe iontu.
Aineolas is cúis leis an doicheall sin, dar leis, agus síleann sé gur iontach an deis a thugann imeachtaí spóirt do mhuintir na hÉireann agus do na hinimircigh aithne a chur ar a chéile.
Is beag duine atá ag leanúint chluichí an Chomórtas Domhanda Sacair nach bhfuil tar éis cur lena eolas ar thíortha mar Na Camarúin, An tSeineagáil, An Tuirc nó An Choiré Theas, tíortha nach mbíonn mórán tráchta orthu sna meáin chumarsáide de ghnáth.
De bhunadh na Somáile, an Chongó, na Nigéire, Ruanda agus Vítneam cuid de na himreoirí a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas sacair i mí Mheán Fomhair.
Deis eile ag muintir na tíre seo chun cur lena n-eolas ar na tíortha sin agus aithne a chur ar a muintir.
Ach an spreagadh agus an tacaíocht chuí a fháil cá bhfios nach mbeidh duine nó beirt acu ag imirt faoi bhratach na hÉireann sa Ghearmáin ag an chéad chomórtas domhanda eile.