Rogha an Rialtais

BEOCHEIST: TAR ÉIS trí mhí, tá an Rialtas fós ag léiriú dóchais don bpobal gur féidir linn faoiseamh éigin aisíocaíochta ar …

BEOCHEIST:TAR ÉIS trí mhí, tá an Rialtas fós ag léiriú dóchais don bpobal gur féidir linn faoiseamh éigin aisíocaíochta ar ár bhfiacha a fháil ónár máistrí nua san Eoraip. In aineoinn ar gealladh le linn an toghcháin, níl aon réiteach tapa ar an bhfadhb seo atá ag bagairt scrios iomlán a thabhairt anuas orainn.

Gealladh go gcuirfí foireann láidir ábalta chun na Bruiséile le béasa a chur ar an dream thall a rinne an margadh pionósach seo leis an rialtas deireanach. Is léir anois gur míléamh iomlán ar mheon cheannairí na hEorpa a bhí ann nó buaileam sciath soiniciúil ar mhaithe le vótaí a fháil. Go dtí seo, theip ar an Rialtas aon athrú a fháil ar an mbille atá leagtha ag an Eoraip ar an mbord dúinn agus gach cuma ar an scéal nach bhfuil fonn ar ár mbainisteoirí nua glacadh le béal bocht Mhíchíl Uí Núanáin.

B’shin an príomhghealltanas a rinneadh le linn an toghcháin agus go dtí seo, is focal le gaoth é. B’fhéidir gur dhírigh ceist phráinneach na Gréige aird na hEorpa ar an tubaiste eile sin ach níor léiríodh aon bhá le cás na hÉireann. A mhalairt, bhí sé soiléir go rabhthas ag úsáid ráta íseal na cánach corporáidí anseo mar bháta chun muid a bhualadh.

Más lú misneach an Rialtais dá bharr seo, ní léir é ar an aghaidh atá á taispeáint go poiblí. Ach de réir mar a théann an phian i bhfeidhm ar an bpobal, tá leideanna ann go bhfuil míshocracht éigin ag teacht ó phréamhacha an dá pháirtí. Tá ceist na n-ospidéal agus ceist na scoileanna ina n-ábhair mhóra imní go háitiúil ach níl iontu seo ach tús.

READ MORE

Cuimhnigh ar an ngeimhreadh atá romhainn nuair a chaithfidh an tAire Airgeadais buiséad a fhógairt ina mbainfidh sé €3.6 billiún as pobal atá faoi bhrú cheana féin. Más deacair na roghanna atá le déanamh ag Fine Gael, smaointigh ar an deacracht a bheidh ag Páirtí an Lucht Oibre.

Ach, níl aon dul as acu. Tá an Rialtas faoi gheall an méid seo a bhaint amach de réir théarmaí na hiasachta atá faighte againn. Meastar gur slat thábhachtach tomhais a bheidh ann nuair atá breithiúnas le déanamh ar dháiríreacht an Stáit na deacrachtaí airgeadais s’againn a shárú.

Cheana féin, tá ceannaire an Lucht Oibre Eamon Gilmore ag ullmhú ghnáthbhaill an pháirtí don méid atá le teacht. San óráid d’ógras an pháirtí i gCill Chainnigh, thug sé foláireamh dóibh go mbeadh gearrúcháin agus athruithe le déanamh a bheadh deacair. Ní fhéadfaí flaitheas eacnamaíoch an Stáit a fháil ar ais, a dúirt sé, dá gcuirfí in aghaidh gach aon ghearradh agus gach aon athrú.

An fhadhb atá ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre go bhfuil an dá fhoinse is mó airgid dúnta síos acu lena gcuid gealltanas toghchánaíochta. Dúirt Fine Gael nach méadódh siad cánacha agus dúirt Páirtí an Lucht Oibre nach ngearrfadh siadsan íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Anois ní go réidh a luíonn an dá ghealltanas seo in aon chlár rialtais atá dírithe ar an ngéarchéim airgid is mó sa Stát riamh a leigheas. Go háirithe nuair atá tuiscint ag an Aontas Eorpach agus ag an IMF ón rialtas a bhí ann roimhe go mbeidh athrú sna réimsí seo. Ach fiú muna raibh aon socrú leis an aontas, tá sé deacair á dhéanamh amach cá bhfaighidh an tAire Airgeadais an €3.6 billiún atá uaidh.

Mar shampla, ní léir go bhfuil aon toil ag páirtithe an Rialtais bille pá na seirbhíse poiblí a ghearradh. Tá an Lucht Oibre meáite ar Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh a chosaint cé gur go fadtéarmach atáthar ag sábháil airgid tríd.

Nuair a fhágann tú na foinsí seo as an áireamh, caithfidh tú breathnú ar ghearrúcháin i réimsí nach bhfuil cumhacht vótaíochta chomh mór sin iontu. Ag an bpointe sin, d’fhéadfaimis go léir a fháil amach go mbeidh seirbhísí a ndearnamar talamh slán díobh go dtí seo ar an liosta.

Ach le sprioc cosúil le €3.6 billiún a bhaint amach, bheadh ar an Aire Airgeadais sraith a ghearradh trí chaiteachas gach aon roinne le faobhar fuarchúiseach.

Seans nach bhfuil aon rud feicthe fós ag réimsí na sláinte agus an oideachais. Maidir le sochar leanaí agus le híocaíochtaí eile leasa shóisialaigh, ní féidir iad a fhágáil as an áireamh.

Tá ceacht an rialtais dheireanaigh á fhoghlaim anois ag an gcomhrialtas seo...gur mairg a dhéanann gealltanais gan chiall.

Fiú le déanaí, bhíothas ag maíomh go seasann na páirtithe leis na gealltanais seo. Ach cheana féin nach bhfuil laghdú tola le tabhairt faoi deara faoi roinnt gealltanas eile ar nós líon na dTeachtaí agus todhchaí an tSeanaid?

De réir mar a dhruideann buiséad na Nollag linn, b’fhéidir go mbeadh athrú poirt eile ann agus go gcluinfear Mícheál Ó Núanáin ag gabháil do “I’m reviewing the situation...”