Sacar seicteach

BEOCHEIST: The death threat to Neil Lennon shows soccer at its worst and the authorities must act, writes Seán Ó hÉalaí

BEOCHEIST: The death threat to Neil Lennon shows soccer at its worst and the authorities must act, writes Seán Ó hÉalaí

Tugadh brí agus béim nua don grafitti dílseach 'Taig-free' san eachtra a bhain d'iarchaptaen fhoireann Thuaisceart Éireann Neil Lennon le déanaí. Bagraíodh go maródh an LVF é ar an bpáirc dá n-imreodh sé sa gcluiche leis an gCipir an tseachtain seo caite. Caitliceach as an Lorgain, Co Ard Mhacha, é Lennon a imríonn don bhfoireann mhór Albanach Celtic. I gcaolintinní dílseoirí áirithe is leor sin chun bagairt an bháis a tharraingt air. 'Tadhg' a bhfuil sé d'éirí in airde ann bheith ina chaptaen foirne? Taispeánóidh muidne dó, a bhuachaillí!

Táthar measartha cinnte de anois gur bagairt gan brí a bhí ann agus gur scabhaitéir mioscaiseach éigin a chuir an glaoch ar an mBBC. Ach ag an am, cárbh fhios? San atmaisféar a luíonn mar scamall dubh nimhe os cionn Bhéal Feirste faoi láthair, ní thógfadh sé ach gealt amháin chun an beart a chur i gcrích. Níorbh fhiú le Lennon dul sa tseans. Tá a thuismitheoirí fós ina gcónaí sa Lorgain agus tá teaghlach óg dá chuid féin mar chúram air

Dheimhnigh sé ag an deireadh seachtaine nach n-imreodh sé d'fhoireann Thuaisceart Éireann arís. Agus cé a thógfadh air é? Roimhe seo, péinteáladh bagairt an bháis eile ar bhalla in aice le teach a thuismitheoirí sa Lorgain. I mí Fheabhra na bliana seo caite, rinne cuid de lucht leanúna na foirne búáil air gach uair gur leag sé cos ar an liathróid. Scríobh tráchtaire amháin go bhfacthas go raibh cuid mhaith den lucht leanúna níos oibrithe de bharr imreoir Celtic bheith ar an bpáirc ná mar a bhí siad faoin léasadh 4-0 a thug an Ioruaidh dóibh.

READ MORE

Níor chóir go mbeadh iontas orainn go bhfuil an seicteachas lom atá fite fuaite trí shaol laethúil an Tuaiscirt tar éis teacht chun tosaigh i réimse an spóirt agus ar pháirc na peile go háirithe. An féidir cuimhneamh ar mheán níos fearr chun treibheachas bunaidh ár gcine a chur in iúl ná an cluiche peile? Na bratacha, dathanna, suaitheantais, roscanna catha agus amhráin a bhíonn mar chuid den gcluiche mór - cad iad ach iarsmaí den machaire catha?

Baineann sé seo leis an gcluiche agus le cuid mhór de lucht leanúna sacair ar fud an domhain. Nach minic fíorchathanna treibheacha feicthe againn ar na seastáin agus sna sráideanna taobh amuigh den bpáirc tar éis an chluiche?

Talamh méith do dhúchas an tréada a bhí i dTuaisceart Éireann riamh. Má bhí daoine i measc lucht eagraithe an chluiche a chreid sa miotas go dtugann an pheil daoine le chéile in ainneoin difríochtaí polaitiúla nó creidimh, níor ghéill líon mór den ngnáthphobal don tuairim sin. Ba nádúrtha agus ba dhosheachanta an scoilt a tharla i gcúrsaí sacair ó thuaidh. De réir dúchais, sheasadh na foirne do na pobail Chaitliceacha agus foirne do na pobail Phrotastúnacha agus leanadh ar pháirc na himeartha leis an gcoimhlint a bhí de dhlúth agus d'inneach sa saol laethúil amuigh.

Is iomaí sin scliúchas a tharla idir na foirne céanna, go háirithe nuair a bhíodh Linfield, príomhfhoireann na ndílseoirí, ag imirt in aghaidh Chathair Dhoire. Ní thugann an dá fhoireann sin aghaidh ar a chéíle a thuilleadh, áfach.

Fógraíodh nach bhféadfaí páirc imeartha Dhoire, an Brandywell, a úsáid le haghaidh cluichí den léig tar éis eachtraí foréigin sna 1970í. D'imigh Doire as Léig Thuaisceart Éireann ar fad.

Is sa Deisceart a imríonn foireann an dara cathair is mó sa Tuaisceart anois. Agus bíonn clubanna 'Caitliceacha' eile ag smaoineamh ar an rud céanna a dhéanamh.

SA deireadh thiar, níl sé chomh tábhachtach sin per se go ndearna gealt éigin bagairt ar Neil Lennon. Seans go bhfeiceann cuid de na dílseoirí ar cheapadh Lennon ina chaptaen ar fhoireann 'Thuaisceart Éireann' mar shampla eile de na Tadhganna ag teacht i gceannas - Maskey mar Mhéara i Halla na Cathrach, McGuinness, de Brún, Durkan agus eile i Stormont.

Ach an áit a bhfuil an chontúirt don gcluiche féin sa Tuaisceart go n-imeoidh cuid mhór imreoirí óga Caitliceacha agus Protastúnacha thar lear nó aduaidh seachas cur suas leis an ngráin shíoraí a sheasann sa mbealach ar an spórt.

Tá sé in am d'údaráis pheile an Tuaiscirt agus do na daoine a bhfuil fíorghrá acu don gcluiche dúshlán na mbiogóidí a thabhairt le léirsiú drámatúil tacaíochta do leithéidí Lennon.

Muna ndéanann, caithfear an cheist a chur roimh an chéad chluiche eile: cé atá ag roghnú na foirne, Sammy McIlroy nó an chéad ghealt eile a bhfuil 30 pingin aige le glaoch teileafóin a dhéanamh?
Eagarthóir Gaeilge: Pól Ó Muirí