Saor o thoit

Beocheist: Shílfeá go mbeimis ag fanacht leis an tsíoraíocht chun an reachtaíocht is nuaí agus is réabhlóidí a fheiceáil sa …

Beocheist: Shílfeá go mbeimis ag fanacht leis an tsíoraíocht chun an reachtaíocht is nuaí agus is réabhlóidí a fheiceáil sa Stát seo faoin deatach sna tithe óil.

Bhí an Rialtas ar a gcosaint de bharr grúpa ghearr-radharcaigh nach raibh toil an phobail leo - Cumann na bhFíoncheannaithe.

Bíonn an loighic acu chomh doiléir leis an deatach a thaobhaíonn siad. Is cosúil, de réir a gcuid argóintí, go dtiocfadh deireadh an tsaoil dá mbeadh na tithe tábhairne agus bialanna gan aer salach ar foluain os cionn chinn na gcliant a ghnáthaíonn na háiteanna úd.

Is mór an céatadán neamhchaiteoirí tobac (timpeall 70 faoin gcéad) atá in aghaidh aeir shalaigh gan trácht ar na daoine a chuireadh suas leis an salachar chun na galarghrúpaí a shásamh. Nach ritheann sé leo go bhfuil daoine ann nach dtéann isteach sna pubanna de dheasca an deataigh?

READ MORE

I ndáiríre, níl i gCumann na bhFíoncheannaithe ach glór ag éamh san fhásach mar tá an cogadh thart. Chun cogadh a fhearadh ní mór dream bheith ar do thaobh agat, rud nach fíor sa chás seo.

Níl difríocht mhór idir muintir na tíre abhus anseo agus muintir Nua-Eabhraic thall; ba mhaith le mórchuid de na daoine a gcuid bia nó a gcuid deochanna a chaitheamh in atmaisféar taitneamhach.

Roimhe seo, bhíodh daoine ina ngialla ag lucht an aeir shalaigh mar bhí an dlí ann chun iad a chosaint in aghaidh an té a bheadh tugtha d'aer inanálaithe. Is ceist saoirse an ghnáthdhuine í. Tá sé thar am go mbeadh a leithéid de dhlí ar bun chun an timpeallacht istigh sna hárais a chumhdach.

Is féidir caidreamh a dhéanamh le haon duine chomh héasca i dtimpeallacht fholláin le timpeallacht shalach. De dhéanta na fírinne, céard í an difríocht idir aerthruailliú taobh amuigh á chruthú ag na monarchana agus an mhonarcha i riocht duine a dhéanann an damáiste céanna don aerbhrat taobh istigh?

Ach ar ais ag Cumann na bhFíoncheannairí, tá imní mhór orthu de bharr go mbeidh gearradh siar ar uimhir na gcustaiméirí a thiocfaidh isteach sna tithe acu. Sin rud atá deacair a thuiscint má fhéachtar ar na staitisticí atá ar fáil ó Nua-Eabhrac.

Sa ghearrthéarma bhí laghdú ar an gcustaiméireacht thall ach, tar éis tamaill, tháinig níba mhó daoine chucu ná an méid custaiméirí roimh an reachtaíocht fhrithdheatach.

De réir dealraimh, bhíodh neart daoine neamhthoilteanach dul in áit mhúchta ar son dí nó dhó. Tá níos mó daoine i Nua-Eabhrac faoi láthair gan aon imní orthu an 4000 ceimiceán a análú as an deatach a chruthaíodh a gcomhscléipirí sna seanmhúcháin.

Is nua an rud é an caitheamh tobac in aois an chine dhaonna. Ní shamhlófaí riamh na céadta bliain ó shin go gcuirfeadh éinne rollán ar lasadh ina bhéal. Robálann sé ocsaigín ón gcolainn agus déanann sé daoine tláithlag. Nuair a baineadh triail as toit a análú thosaíodh ag casachtach agus ag cur amach. Bhí a fhios sin ag madraí an bhaile na cianta ó shin.

Ba é an t-am roimh aimsir Hollywood é. Tháinig leithéidí Katherine Hepburn agus Humphrey Bogart, aisteoir dána a dúirt sa scannán, Casablanca - "Níor casadh cailín riamh orm nár thuig smac maith ar an mbéal nó piléar ó dhaichead a cúig," - agus a d'fhulaing bás urghránna ailseach ó thoit tobac.

Mar gheall ar an méid dlíthe in aghaidh fógraíochta tobac i Meiriceá tá an charcanaigin ar ais arís á sileadh i mbéal aisteoirí Hollywood.

Doilbheann lucht na scannán íomhánna gléghlana de dhaoine galánta ag léim thart le deochanna ina lámh ag gealgháire gan aon fhreagracht as an stumpa bréige a scaipeann siad ar fud an domhain. Cuireann sé neart daoine chun báis phianmhair. Ní mó ná go ndéanfaidís scannán faoi bhás Humphrey Bogart mar bheadh orthu scannán a dhéanamh faoi ghránnacht an bháis a thugann tobac.

Is é an rud atá cinnte dearfa an t-athrú meoin a bheidh ar an bpobal ó thaobh an méid tobac a chaithfidh siad. Beidh siopadóirí thíos go sealadach leis an reachtaíocht nua ach beidh an gnáthdhuine in acmhainn rudaí eile a cheannach, cuir i gcás, tuilleadh deochanna.

De bharr an choisc ar an aerthruailliú ní bheidh fostaithe sna tithe óil is bia ag glanadh luaithreadán agus ag salú a scamhóg le hathdheatach. Ina ionad sin, beidh siad ag freastal ar níos mó custaiméirí nua saoranálacha.

Mar sin, amach go deo le haer na marbh agus isteach feasta le haer an tsaoil!

Is saoririseoir é Pól Ó Murchú