Scealta beatha

An dírbheathaisnéis atá "ar cheann de na múnlaí litríochta is mó a saothraíodh sa Ghaeilge" a bhí faoi chaibidil ag siompóisiam…

An dírbheathaisnéis atá "ar cheann de na múnlaí litríochta is mó a saothraíodh sa Ghaeilge" a bhí faoi chaibidil ag siompóisiam ag an Chomhdháil Litríocht agus Chultúr na Gaeilge a bhí ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ach ainneoin ar foilsíodh de dhírbheathaisnéisí i nGaeilge (thart faoi 60 ceann ar fad), is é saothar Thomáis Uí Chriomhthain is mó a bhí mar ábhar cainte ag an phainéal, Seán Ó Coileáin, Breandán Ó Conaire agus Tadhg Ó Dúshláine. Nollaig Ó Congháil a bhí ina chathaoirleach ar an ócáid.

Agus é ag tagairt don eagarthóireacht/cinsireacht a rinneadh ar An tOileánach dúirt Ó Coileáin, a bhfuil an t-eagrán "deifnídeach" den saothar sin curtha ar fáil aige, gurbh é an leagan a cuireadh amach in 1929 is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an phobal agus gur deacair fáil réidh leis nó ceann eile a chur ina áit, mar go bhfuil an leabhar neamhspleách ar Ó Criomhthain. "Is mó a chreidim féin ann," a dúirt sé.

Agus bíodh go bhfuil tábhacht nach beag leis an dírbheathaisnéis mar cháipéis shóisialta agus teangeolaíochta thug an triúr cainteoirí le fios gur dheacair a rá uaireanta cé chomh fírinneach agus a bhí insint an údair.

READ MORE

Is iomaí cúis a bhíonn ag duine chun beathaisnéis a scríobh, a dúirt Ó Conaire, fonn díoltais, fonn féinaithne, fonn airgid nó fonn chun aitheantas poiblí a fháil. Is gleas í trína chruthaíonn an t-údar íomhá de féin a oireann don aois ina bhfuil sé. Ní mór do dhuine bheith ina bhleachtaire chun a dhéanamh amach cén áit a bhfuil duine eile ag cur focal i mbéal an údair, a dúirt Ó Conaire.

Bhí idir bheathaisnéisí agus dhírbheathaisnéisí faoi chaibidil ag cainteoirí eile. Ba dhíol suime an chomparáid a rinne Alan Titley idir na scéalta beatha a foilsíodh i nGaeilge na hÉireann agus iad siúd a foilsíodh i nGàidhlig na hAlban.

Cé gur foilsíodh an chéad dírbheathaisnéis i nGàidhlig na hAlban chomh fada siar le 1834 níor foilsíodh ach naoi gcinn eile ó shin. Tá an cur síos ar an ghnáthshaol i mbeathaisnéisí na hAlban, ar bhia, scolaíocht, obair, phósadh, mórán mar an gcéanna leis an chur síos iontu anseo in Éirinn. Is sna cuntais ar chúrsaí reiligiúin, polaitíochta agus cogaíochta is mó atá difríocht le sonrú.

Baineann formhór mhuintir Ghaeltacht na hAlban leis an Eaglais Phreispitéireach. Is iomaí tagairt sna beathaisnéisí ansin do phiúratánachas na heaglaise sin agus ar an chosc ar cheol agus ar chaitheamh aimsire ar an tsabóid.

B'éigean d'fhir óga na hAlban liostáil in arm na Breataine sa chéad agus sa dara cogadh domhanda. Tá cuntas ó láthair an chogaidh i dtrí cinn de na beathaisnéisí, rud nach bhfuil ar fáil i mbeathaisnéisí na hÉireann bíodh gur liostáil go leor d'fhir na Gaeltachta san arm.

  • Seolfar eagrán úrnua de An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha, Cliath, Dé Máirt ag 6 p.m. Seán Ó Coileáin a chóirigh.