Ultach ar líne

TÁ BLAG Béarla anois beo – Ultach – ar shuíomh Idirlín an Irish Times

TÁ BLAG Béarla anois beo – Ultach – ar shuíomh Idirlín an Irish Times. Is é is príomhchuspóir leis an bhlag eolas a chur ar fáil i mBéarla faoi chúrsaí agus imeachtaí Gaeilge.

Tá an oiread sin ábhair ag teacht isteach chun an cholúin seo go bhfuil sé ionann is a bheith dodhéanta aitheantas a thabhairt dó ar fad. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta, leis an bhlag,

seirbhís sa bhreis agus aitheantas ar líne a thabhairt don obair a bhíonn ar siúl in earnáil na Gaeilge le linn 2010. Ar ndóigh, leanfaidh Tuarascáil ar aghaidh gach Céadaoin ar leathanach a sé den nuachtán seo i nGaeilge.