An t-oideachas ina éigeandáil

Le linn géarchéime polaitiúla, is go fad fairsing a leathann na himpleachtaí - mar a léiríonn na ‘cathaoireacha ceoil’ sa Roinn Oideachais aimsir na hÉigeandála

Foclóir: smacht - control, cosanta - defence, fógair - proclaim, atheagar - reogranisation, ualach oibre - work load, Meitheamh - June, I ndeireadh na dála - when all is said and done, fairsing - wide/extensive.

Má choimeádann an pobal smacht agus ceann maith air féin, ní bheidh aon chúis imní ann. Ach is gá díriú sa chéad áit ar dhá phríomhchúram - soláthar agus cosaint. An Taoiseach a bhí ag labhairt.

Shamhlófá b’fhéidir gurbh é an ceannaire atá in oifig faoi láthair a dúirt an méid sin, agus cúrsaí na linne chomh corraitheach is atá. Ach níorbh ea. An 3ú lá de Mheán Fómhair 1939, ochtó bliain ó shin, cothrom na míosa seo a bhí ann. Bhí an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc tar éis cogadh a fhógairt ar an nGearmáin. Labhair an Taoiseach ar an raidió an oíche sin ag fógairt don náisiún nach rachadh Éire chun cogaidh. Bheadh go leor le déanamh mar sin féin, maidir le cúrsaí soláthair agus cosanta go príomha. D’fhógair sé atheagar sa rialtas, agus bhunaigh sé dhá Roinn nua - Soláithirtí agus Cóimhriartha Cosantais mar a tugadh orthu ag an am.

Ag David MacCullagh ina shaothar nua ar de Valera (De Valera: Rule 1932-1975) atá cuntas ar an atheagar sin, nó na hatheagair ba chirte a rá.

READ MORE

Ach taobh amuigh de chúrsaí soláthair, cosanta agus a leithéid sin, cás faoi leith ar fiú trácht air ab ea cúrsaí ceannaireachta sa Roinn Oideachas. Conas?

Bhí seacht mbliana caite ag Tomas Ó Deirg mar Aire Oideachais go dtí an pointe sin, ach san atheagar a d’fhógair de Valera, cuireadh go dtí an Roinn Tionsclaíoch agus Trádála é. Seán T Ó Ceallaigh a thóg cúraimí an Oideachais, anuas ar na cúraimí a bhí air cheana féin mar Thánaiste agus Aire an Rialtais Áitiúil.

Ní raibh cúrsaí chomh simplí sin áfach, agus is cosúil, go raibh de Valera ar tí Gerald Bartley a ainmniú mar Aire Oideachais an lá dar gcionn (fear a ceapadh ina Aire Gaeltachta níos déanaí, i 1959). Ach ní mar sin a tharla, mar sa dara atheagar a fógraíodh ar an 8 Meán Fómhair, d’fhan an Tánaiste Sean T Ó Ceallaigh ina Aire Oideachais, agus tugadh a chúraimí mar Aire an Rialtais Áitiúil do PJ Ruttledge.

Deireadh an scéil? Ní hea in aon chor. Mar seachtain ina dhiaidh sin arís, ceapadh Ó Ceallaigh ina Aire Airgeadais agus ba é an Taoiseach féin, a thóg an Aireacht Oideachais, i dteannta a chúraimí mar Aire Gnóthaí Eachtracha. Ba leasc leis scaoileadh le ceannaireacht na Roinne Gnóthaí Eachtracha, a bhí faoina chúram ó 1932, de bharr mar a dúirt sé féin, gurbh í an Bhreatain an gnó eachtrannach ba mhó a bhí ann.

D’fhág sé sin go raibh tamall éigin caite ag triúr aire ina cheannaire ar an roinn laistigh de thrí seachtaine.

I ndeireadh na dála, caithfidh go raibh an Taoiseach sásta. Dúirt sé sa Dáil ag an am gurbh é an tOideachas an roinn ba mhó ba mhian leis féin, gur bunchloch an stáit a bhí san oideachas. Agus ar ndóigh ba mhór an ról a shamhlaigh sé leis an oideachas chun an fhís a bhí aige don tír a bhaint amach.

Ach ba throm an ualach oibre é cinnte. An bhféadfaimis an Taoiseach nó an Tánaiste atá in oifig faoi láthair a shamhlú mar Aire Oideachais? I dteannta a gcúraimí i ranna eile rialtais anuas ar sin. Ag am chomh chorraitheach agus tús curtha leis an Éigeandáil? Is ar éigean.

Míníonn MacCullagh go gcaithfeadh de Valera dhá uair a’ chloig ar maidin sa Roinn Oideachais, agus an-chuid eile den lá i dtithe an Rialtais - agus ba mhinic ann é go meán-oíche. Bhí sé ráite sa Dáil aige, go m’fhéidir go gceapfadh sé Rúnaí Dála chun cúnamh a thabhairt dó le gnáth-obair na Roinne, agus díriú níos mó leis an obair straitéiseach oideachais é féin, sa chás gur fhan sé sa ról feidhmeach sin sa roinn, rud gur mhaith leis, a dúirt sé.

Ach faoin am gur tháinig Meitheamh 1940, b’éigean dó éirí as cúrsaí oideachais ar fad, agus díriú go hiomlán ar ghnóthaí eachtracha. Bhí ionsaí na Breataine ar tí tosú, agus bhí méadaithe go mór ar an mbagairt ar Éirinn ón gcogadh.

Ag an am céanna, dar le MacCullagh gur chúis sásaimh don Taoiseach an reachtaíocht a bheith rite aige mar Aire Oideachais chun an Institiúid Ardléinn BhÁC a bhunú, dírithe ar an léann ceilteach agus ar an bhfisic. Mar a bheadh cuid den ghéarchéim iompuithe ina deis aige.

Ba iad an soláthar agus chosaint an dá phríomhchúram ghnó aimsir na hÉigeandála. Ach léiríonn an babhta de ‘chathaoireacha ceoil’ i gceannaireacht na Roinne Oideachais gur fada fairsing agus gan choinne a leathann na himpleachtaí ó éigeandáil polaitíochta dá leithéid. Meabhrú tráthúil é don chomhthéacs comhaimseartha.