An tIománaí sa Chlaí

Tá deireadh leis an mbliain peile agus iomána seachas go gcaithfear na comórtais chontae a chur i gcrích agus tosnú ar a bheith réitithe don Nollaig

Tá sé thart anois, thart le breis agus seachtain. An ruaig chun a chúig fachta slán agus ‘an traein chun an leathdhosaein’ sa stáisiún réidh chun gluaiste. Ní hamháin sin, ach tá mná Bhaile Átha Cliath tar éis trí chraobh as a chéile a bhaint chomh maith, rud a fhágann gur dubbal ag na dubbanna é go dtí seo. Is beag cancarán adéarfadh nach raibh sin lántuillte acu, cé go bhfuil aithne agam ar chúpla Ciarraíoch atá imithe ina ndíthreabhaigh ar shleasa Chnoc Bhréanainn go dtí go bhfillfidh an ríocht uair éigin amach anseo, uair éigin amach anseo, uair éigin amach anseo, uair éigin éiginnte amach anseo...

Is beag de shuim nach é seo an gaisce is mó a déanadh sa pheil Ghaelach ariamh - seachas dá mbuafadh Cill Mhantáin craobh na hÉireann uair éigin - ní tada é suas is anuas le mná Chorcaí a bhain aon chraobh déag as dosaen san aois seo, nó mná Chiarraí féin a thóg naoi gcraobh as a chéile san aois seo caite (agus táim ag dul i bhfolach anois).

Tá na campaí tréigthe, na pubaill tógtha agus Brolly ina thost. Tá deireadh leis an mbliain peile agus iomána seachas go gcaithfear na comórtais chontae a chur i gcrích agus tosnú ar a bheith réitithe don Nollaig. Tá formhór na dtráchtairí díomhaoin feasta ach ní foláir dóibh rud éigin a rá.

Is é nach ndéanfaidh siad ná scagadh a dhéanamh ar a gcuid tuar agus fáistineachta i gcaitheamh na bliana, óir pioc dá seachmall ní bhíonn orthu. Bhí sé riamh i gceist agam a raibh á thuar ag saineolaithe a bhailiú i dtús an tséasúir, agus ansin a ndúirt siad a shíneadh suas lenar tharla ar pháirc na himeartha. Dá ndéanfadh is róbhaol go mbeadh ar chuid acu dul le heacnamaíocht.

READ MORE

Sin í an cheist mhór: an cruinne iad na hiriseoirí spóirt ná na heacnamaithe? Deir An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta nach bhfaca an t-aos fáistine geilleagair ach ceithre cinn de 469 gcúlú eacnamaíochta roimh ré ó 1968 gus inniu! Mo thuairim gur cruinne lucht spóirt ná sin, ach cá bhfios?

Ceart go leor, thuigfí go gceapfaí go gcuirfeadh Baile Átha Cliath an bheart i gcrích don chúigiú huair as a chéile sa pheil, ach b’iad Luimneach rogha na saineolaithe ó thús na bliana san iomáint. Is nuair a leagadar Tiobraid Árann go fuíach agus le fórsa i gcraobhchluiche na Mumhan, amhras ar bith ní raibh ina dtaobh. Maíomh na bhfocal folamh ba ea a mhalairt a rá. Chuir siad a gcuid airgid ar Ghaillimh i gcraobh Chúige Laighean, agus féach nár éirigh leo cáiliú do na babhtaí seach-chúigiúla féin! Gheall iománaithe na hardchathrach na hoirc is na hairc tar éis dóibh Gaillimh a bhualadh, ach thug Laois smísteadh dóibh gan choinne. Chuireas mic léinn taighdeadh i mbun ransaithe ar an gceann sin agus níor thángathas ar oiread is scribleálaí amháin a mheas go dtabharfadh siad an lá leo go fiú ar an Laois Nationalist ná ar an Mountmellick Mouth féin.

Is ea, leis. Cheana féin táthar á rá gur deich mbliana eile a bheidh againn de cheannas Bhaile Átha Cliath agus Chiarraí. Níor ghá gur fáistine gan dealramh an méid sin, óir is acu atá nach mór leath na gcraobhacha le chéile ó 1887, agus dá mbeadh smúid ar do chuid liathróidí criostail d’fhéadfá sin a rá gan mhagadh. Ach, tá an t-iománaí ar an gclaí chomh cruinn is atá an tiománaí sa chlaí oíche dhorcha ach oiread le mála na glóire. Deir idir dhrochaingil agus dhiabhail bhána liom nach mar sin a bheidh, agus tá oiread eolais acu agus atá ag mangairí na milliún focal. Beidh le feiceáil, nó beidh le feiscint, nó le ficsean féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar