Foclóir: Slabhra - chain, nóiníní - daisies, neamhspleách - independent, uirlis - tool, torthaí - results, teastas - certificate/award, córas - system, laincis - restriction, inmholta - praiseworthy, cuibhrithe - chained, slabhra brád - necklace, stró - stress, greanta - ground
Saor a shaolaítear sinn, agus ar slabhra a mhairimid. B’shin, a scríobh Rousseau, a bheag nó a mhór, san 18ú aois. L’homme est né libre et partout il est dans les fers.
Is minic meafar an tslabhra a bheith ceangailte sa litríocht le saoirse, sé sin, easpa saoirse. Tagann línte an Direánaigh ón 20ú aois chun cuimhne, agus é ina ‘chime mar chách,’ cuibhrithe nó slabhraithe sa chathair i bhfad ón saoirse a thaithigh sé ina óige in Árainn.
Is mó duine atá fós faoi chuing ag slabhraí, cuid acu níos troime ná a chéile. Bíonn slabhraí de chineálacha eile ann, áfach, nach mbíonn chomh trom sin, ina measc, an slabhra brád mar mhaisiú ar mhuineál na mná. Nó an slabhra sí a dhéanadh na páistí as na nóiníní sa mhóinéar i lár an tsamhraidh.
Ach beidh cáil sa 21ú aois ar shlabhra de chineál eile fós. Agus beidh teagmháil ag mórán againn leis an slabhra áirithe seo, san am atá le teacht. Dáiríre!
Slabhra digiteach atá ann, a mhaireann ar-líne, ar idirlíon dá chuid féin, neamhspleách ón idirlíon a bhfuil taithí ag mórán againn air.
Is ar slabhra mar seo a mhaireann Bitcoin, an t-airgead nua a tháinig ar an saol roinnt blianta ó shin mar mhalairt ar an airgead traidisiúnta (€, £, $, agus a leithéid).
Agus, mór an scéal, tá slabhra digiteach den chineál seo in oiriúint mar uirlis chun cuntas a choimeád ar mhórán eile cineálacha gnó i saol an duine, aon ghnó nó trádáil in aon chor, sa chiall is leithne.
Sampla is ea an tslí ina gcuireann ollscoileanna torthaí na mac léinn ar fáil.
Go bunúsach, is trádáil atá i gceist anseo chomh maith. Déanann an mac léinn an scrúdú agus an obair chúrsa, agus ina dhiaidh sin, tugann an ollscoil breithiúnas agus bronnann sí torthaí agus teastas.
Is gnách na torthaí a chur ar fáil ar shuíomh idirlíne na hollscoile. Ina dhiaidh sin is féidir iad a phriontáil ar pháipéar. Ach dá fheabhas é, tá laigí sa chóras seo, ina measc, stró ar chóras ríomhaireachta na hollscoile, costais spáis, slándála agus bainistíochta. Agus le himeacht aimsire, téann torthaí agus teastais amú.
Is ar an ábhar seo atá ollscoileanna i dtíortha eile ag iompú ar Blockchain mar mhalairt ar an gcóras traidisiúnta. Sa chóras slabhraithe nua, cuirfear torthaí an mhic léinn ar fáil ar bhloc ar an slabhra digiteach agus seolfar nasc digiteach go dtí an mac léinn.
Ina dhiaidh sin, beidh sé nó sí ábalta an nasc a roinnt le duine ar bith, in iarratas ar phost mar shampla. Sa chás sin, is féidir leis an bhfostóir iad a léamh, agus a bheith iomlán muiníneach as, gurb í an fhírinne í, agus nach bhfuil aon bhréagnú déanta orthu (mar a tharlaíonn anois is arís leis an gcóras mar atá sé).
Mar a bheadh sé greanta ar chloch, is é sin le rá, ar bhloc! Agus sin ceann de na buanna a bhaineann leis - a bhuaine is atá sé. Mar ní féidir é a leasú in aon tslí ón nóiméad a chuirtear ar an slabhra é.
Taobh amuigh den sampla seo, is léir go mbeadh an Blockchain in oiriúint don iliomad gnó nó imeachtaí i saol an duine ina mbíonn teastas nó dearbhú de chineál ar bith i gceist - breith, árachas, taithí oibre, uacht, agus ar aile.
Tráth den saol, mhair na nithe ba thábhachtaí leis an duine mar chlocha ar a phaidrín. Tá an cuma ar an scéal (agus ar an slabhra) gur a mhalairt a bheidh le clos feasta, ‘Is é an bloc is mó ar mo shlabhra….’
Agus nach Bitcoin amháin a bheidh ar an slabhra seo sna blianta atá romhainn, ach an iliomad maoine. Is í an fhaisnéis an t-ábhar is mo luach sa 21ú agus tá go leor spáis ar an slabhra chuige.
B’fhéidir go mbeidh míshuaimhneas ar roinnt againn faoi sonraí pearsanta a bheith curtha in áit nach féidir a tharraingt anuas, a leasú ná a chur ar ceal riamh arís.
Is cinnte go bhfuil cosúlachtaí ann idir é agus an Cárta Seirbhísí Poiblí ata beartaithe. Agus b’fhéidir go gcuirfear ina leith gur sampla eile é den stat ag faire ar an duine.
Ach tá difríochtaí ann.
I gcás Blockchain, murab ionainn agus an Cárta, scaipthe thar ghréasán a bheidh an fhaisnéis, ina blocanna, seachas in aon ionad amháin.
Mar sin féin, beidh an tuairim ann go bhfuil an iomarca den duine ‘amuigh ansin’, nach féidir a bhaint anuas, a leasú, ná a chur ar ceal choíche.
Ach fágtar ceist. Cad déarfadh Jean-Jacques? Gur fada é ón slabhra iarainn, agus gur inmholta an dul chun cinn? Nó an lochtódh sé é, mar laincis nua i measc mórán eile. Agus, plus ça change?