Cérbh é Naomh Pádraig?

Tá Confessio Naomh Pádraig ar na míreanna is luaithe scríbhneoireachta a fuarthas riamh in Éirinn


Féile ársa é Lá Fhéile Pádraig, féile atá á ceiliúradh ag na Gaeil leis na céadta bliain. San am atá thart, ba nós coitianta é go mbíodh crosa á gcaitheamh mar shuaitheantas ag an gcosmhuintir in onóir an naoimh.

Agus ag é ag scríobh faoi Lá Fhéile Pádraig, 1713, thagair an scríbhneoir clúiteach Jonathan Swift don tsráid cháiliúil i Westminster a dtugtar The Mall uirthi a bheith plódaithe leis na Gaeil lá na féile: “The Mall was so full of crosses that I thought all the world was Irish.”

Is beag eolas atá againn ar Naomh Pádraig féin mar phearsa stairiúil. Creideann formhór scoláirí an lae inniu go raibh Pádraig ag obair ar scaipeadh na Críostaíochta i measc na nGael thiar sa 5ú haois ach táimid fós dall faoi na ceantair a raibh lámh bheo san obair sin aige iontu.

Ar na foinsí is luachmhaire dá bhfuil againn i leith Naomh Pádraig tá an Confessio, leabhar a scríobh an naomh féin, de réir dealraimh, lámhscríbhinn atá ar na míreanna is luaithe scríbhneoireachta a fuarthas riamh in Éirinn.

READ MORE

Ach, cé mhéad againn a léigh an Confessio riamh cé go bhfuil leaganacha de le fáil go héasca ar an idirlín? Dála An TáinCogadh is Síocháin de chuid Tolstoy, dá mbeimis macánta faoi, is é fírinne an scéil maidir le Confessio Phádraig ná nár léigh a bhformhór againn riamh é.

Díol spéise gur cinnte gur léigh an scríbhneoir clúiteach James Joyce an Confessio go mion. Is léir sin ó chríoch an ghearrscéil chlúitigh aige The Dead mar atá íomhá an bháis go sonrach, an sneachta ag titim go taibhseach ar uaigh an Ghaillimhigh óig Michael Furey. Déanann an Seoigheach cuid mhór tagairtí do shaothar Naomh Pádraig agus an Confessio, ach go háirithe sa leabhar deiridh a d'fhoilsigh sé, Finnegans Wake.

Thug an Eaglais nua a bhunaigh Pádraig in Éirinn san 5ú haois urraim faoi leith don Bhíobla. Is follas sin ó Leabhar Cheanannais, leabhar a bhfuil an ealaín agus an cheardaíocht go taibhseach ann, agus leabhar a dheimhníonn gur thug na Gaeil tús áite do Na Scrioptúir anallód.

Insint thar a bheith spéisiúil atá in Confessio Phádraig.

Tosaíonn sé le cur síos ar shaol Phádraig nuair a tháinig sé go hÉirinn ar dtús agus é ag obair go haonaránach mar aoire amuigh ar na sléibhte.

Tá cosúlachtaí láidre idir téamaí agus íomhánna an Confessio agus litríocht mhainistreach na tréimhse sin c.250 agus 750 – ré inar tharla athruithe cultúrtha agus polaitiúla ollmhór ar shochaí agus ar shaolré Iarthar agus Oirthear an domhain. Téamaí agus móitífeanna atá go sonrach i dtraidisiúin aeistéitiúla agus manachúla atá go sonrach anseo, téamaí a bhfuil tús áite acu i litríocht spioradálta na nGiúdach agus na Moslamach sa tréimhse chéanna lena n-áirítear an troscadh, físeanna (tairngreachtaí), an rinnfheitheamh, tábhacht na paidreoireachta leanúnaí agus smachtú na colainne, mar a mhol na díthreabhaigh go léir agus manaigh áirithe.

De réir mar a thumann Naomh Pádraig é féin níos doimhne i saol aonaránach an díthreabhaigh is ea a thuigimid go bhfuil sé ag scarúint le pléisiúir na colainne.

Tar éis tamaill, ciallaíonn an deighilt seo idir a eisint spioradálta agus a shaol céadfach gurb ar éigean a bhraitheann sé cúinsí na timpeallachta fisicí a thuilleadh.

Agus é i mbun urnaí roimh bhreacadh an lae, deir sé linn nár ghoin sneachta, sioc ná báisteach é.

Chuir Naomh Pádraig síos ar na chéad bhlianta a chaith sé in Éirinn mar aonarán agus mar aoire sa Confessio; baineann a scéal le traidisiún ársa an díseartaigh, traidisiún diantréanach a shíneann siar na céadta bliain, ó ré an tSean-Tiomna go dtí an Mheánaois, ó spioradáltacht Naomh Caoimhín Ghleann Dá Loch isteach sa nua-ré agus leithéidí "mhanach an fhásaigh" Charles de Foucauld agus na manach Trapach.

MÍCHEÁL Ó HAODHA