Duaiseanna móra ag TG4 agus RnaG

Bhain clár speisialta cuimhneacháin agus ómóis, Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste le TG4, an phríomhdhuais, "Spiorad na Féile" ag Féile na Meán Ceilteach in Albain an tseachtain seo caite. Is í seo an gradam is mó ag an fhéile agus bronntar ar an chlár is fearr i dteanga Cheilteach é.

Clár faisnéise faoin laoch peile as Gaeltacht Chorca Dhuibhne a bhí ann le Louise Ní Fhiannachta, comharsa le Ó Sé. Thug sí léargas ar dhuine de de na peileadóirí ab fhearr riamh trí shúile a mhuintire ina cheantar féin. An comhlacht Magamedia a léirigh an clár.

Bronnadh an Torc sa Duaisaicme Spóirt ar an chlár Arkle. "Rás an chéid" a tugadh ar an rás cáiliúil léime ina bhfuair Arkle an ceann ab fhearr ar Mill House i gCorn Óir Cheltenham i 1964.

Is mar chomóradh Leathchéad Bliain ar an éacht sin a rinne TG4 coimisiúnú ar an chlár seo ón chomhlacht léiriúcháin, Touchline Media.

READ MORE

Thug TG4 duais eile leo i gcúrsaí drámaíochta. Bronnadh Torc don Ghearrdráma is Fearr ar an saothar Sínte, dráma a bhain le timpiste bóthair a chuir cor i saol na ndaoine a bhí páirteach ann.

Ciarán Ó Cofaigh a léirigh an saothar do ROSG Teoranta, bunaithe ar script le Féidhlim Cannon agus Tom Ó Súilleabháin.

Agus ainmníodh Michelle Nic Grianna, RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar Phearsa Raidió na Bliana le linn na féile fosta. Tá Nic Grianna ag obair le RnaG ó 2004.

Is i nGlaschú na hAlban a tháinig sí ar an saol ach bhog sí go Rann na Feirste i dTír Chonaill, áit dhúchais a hathar, nuair a bhí sí ocht mbliana d'aois. De ghnáth, is ar an nuacht a bhíonn Nic Grianna le cloisteáil, ach cuireann sí irischlár an iarthuairscirt, Barrscéalta, i láthair sa samhradh.

Mhol ceannasaí an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin, Nic Grianna as a cumas mar chraoltóir.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times