Éagóir Dhomhaite

Tá an moladh seo le moladh go moltach

Agus anois go bhfuil cnámh sin na huilline ag teacht an-ghar dúinn is fearr dul go bun na sprice thíos gan siar ná aniar. Tá bliain mhór chomóradh nó chuimhneacháin chogadh sin na saoirse buailte umainn agus caithfear aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna móra. Tá an rialtas tiomanta ar a bheith caitliceach (le ‘c’ an-bheag), uileghabhálach, carthanúil, ionchuimsitheach, go deimhin féin, thar aon rud eile, a bheith inchlúisibh.

Tá an moladh seo le moladh go moltach, óir ní féidir aon duine a fhágaint lasmuigh den doras. Is í an t-aon fhadhb amháin, áfach, nach bhfuil a mbearta de réir a mbriathra. Is ea, leis, tabharfar moladh de shaghas éigin d’óglaigh na héireann, d’arm na poblachta, d’arm na saoránach, do chumann na mban agus don chonstáblacht ríoga (nó b’in an plean go dtí gur shíl daoine go raibh sin neamhiomchuí).

Mo thuairim féin go bhfuil an liosta sin róchúng. Léiríonn sé caoile aigne nach mbeifí ag súil leis ó dhuine atá go hiomlán maitiúir. Ní féidir leis an uileghabháltacht a bheith uile mura mbíonn uile go hiomlán. Ní féidir a bheith páirtchuimsitheach nuair is ionchuimsitheacht atá i gceist. Sa tslí sin bheadh comóradh ar an RIC ann féin go hiomlán leataobhach, claonta agus éagórach.

Níl aon amhras ná gur fir chróga mhacánta oscailte fháilteacha ba ea formhór na Constáblachta Ríogúla Éireannaí. Bhí jab le déanamh acu, b’éigean crústa a thuilleamh, bhí arán le cur ar an mbord, bhí a ndualgas á gcomhlíonadh acu, bhí orduithe le leanúint, agus is ea, bhí cúpla drochbuachaill ina measc, mar a bhíonn i ngach aon eagraíocht.

READ MORE

Tá sin go maith, fad is a ritheann, ach ná tugtar le fios go mbeadh comóradh dóthanach á dhéanamh ar an RIC leis an méidín sin. Ní bheadh ar chor ar bith. Bhí dhá ghéag eile ag an gconstáblacht a bhí chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí féin maidir le cogadh na saoirse de, mar atá, na hAuxiliaries cúnta agus na Dúchrónaigh. Níl sé ceart ná cóir ná cuí nach ndéanfaí comóradh a ndiongbhála orthu, óir is den stair iad, b’Éireannaigh cuid acu, agus ní thig a bheith inchlúisibh á gceal.

Tar éis an tsaoil, bhí jab le déanamh acu, b’éigean dóibh crústa a thuilleamh, bhí arán le cur ar an mbord, bhí a ndualgas á gcomhlíonadh acu, bhí orduithe le leanúint, agus is ea, bhí cúpla drochbhuachaill ina measc, mar a bhíonn i ngach aon eagraíocht. Formhór na nDúchrónach, bhí grá thar meon acu dá gcuid ban agus páistí, ba dhaoine iad go bhféadfá pionta a bheith agat leo, bhí peataí cat agus gadhar acu agus dhein gníomhartha carthanachta go minic ina bparóistí féin. Fairis sin, throid go leor eile díobh sa chéad chogadh mór a chosain an domhan sibhialta agus an chríostaíocht agus an daonnacht féin.

Is caolchúiseach an mhaise é deighilt éagórach mar sin a dhéanamh idir buíon amháin a throid ar son an rialtais dhleathaigh anseo agus buíon eile. Tar éis an tsaoil, caithfear tuiscint do chás na nDúchrónach - na leaids óga seo i dtír eachtrannach i bhfad óna mbaile agus a ngrá geal, cár mhiste beagán spóirt a ligean leo, go háirithe toisc go raibh sceimhlitheoirí meata ag scaoileadh fúthu laistiar de na clathacha.

Is minic bladar timpeall ar ‘athscríobh na staire.’ Ach níl sé de mhisneach ag staraí ar bith fós seasamh suas agus na Dúchrónaigh a chosaint, dream a bhfuil éagóir déanta orthu gan tuiscint dá gcás is an t-am a mhair is a ndálaí speisialta féin.

Nach mithid a bheith maitiúir go leor anois le hadmháil go raibh an ceart ag gach duine, go raibh gach taobh chomh maith lena chéile agus go bhfuil leathcheal déanta ar na Dúchrónaigh bhochta?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar